Poem in printable PDF format
Fada súil Éireann
re hAodh
[NLI G167,
134]
(see ‘A Poem Book
of the O’Donnells’, Tomás Ó Cléirigh, Éigse 1 (1939) 51-61,
130-42; poem 39)
An tUilliam Og
[Mac an Bhaird] cenna do chum an dán sa dUa
Dhomhnaill .i. Aodh
mac Maghnusa.
[Rannaigheacht
Mhór, Dán Díreach]
1 Fada súil
Eirenn re hAodh
múr
Feilim ni fada o dhíon
gerr
fola Temrach da
taobh
Aodh
Eangach a rogha riogh.
2 Sgél sein ler
fioradh gach
fáidh
a
shíoladh o chleith
do-chuaidh
suil
ris an ngnáth do bhí ag Bóinn
go
mba cóir dhí a táth a túaidh.
3 Easgaidh an
tan-sin a triall
do
reidhigh re n-amhsoibh eól
do
nós branduibh do bhí ag Aodh
tí
saor ar Ghallaibh i
ngleodh.
4 Toir
faghladh a ccruth
do-chuaidh
gan
anmhuin ri ucht a múir
fiú
an sgaradh tug ar
an tóir
gan anadh dhóibh re
drud dúin.
5 Suil
tigthar a
tolaigh
glia(i)dh
a
slighthi ni conar chaol
decair é d’ionghaire i n-ágh
ré
lán na hiorghaile Aodh
6 Bro
curadh
gan
fhuireach air
gur
buaileadh a bhuille
sguir
fágbhadh Aodh don taoibh as-toigh [135]
an
chaoin a-moigh do thaobh tuir.
7 Damh eoil le
lingther gach líon
do
thimchill a ngleó go grian
colg
sen ina bhais gan bráon
nir
thaobh re fer glais an giall.
8 Mac Maghnois
’ga ghuin i ngliaidh
ni
guin in nach gabhthar géill
d’eis
a luit do thanaidh
(?) tóir
tain
do thuit ’na bfaghail féin.
9 Brac leabhar le
léig a srian
re
caladh (?) ni
theigh a taobh
biodh
sion ’na aghaidh madh ál
a
dhíol rámh da bfaghar d’Áodh.
10 A ccoimes clú
ni an Aodh
a clú
a ccoimes leis ni lór
ni
thug se d’ollamh fa fhíon
díol
nach bronnadh ’s
gan é ag ól.
11 Laoch
dearbhtha ar nach
bfaghthar faill
ni
lamhthar san mberna
a mbuing
teid
tú mar lachain tre
linn
i
rinn tachair re
ccrú Cuinn.
12 Ben dot
fheichem ar fheadh
nglia(i)dh
ni
bean do léigeadh
gan liúdh
rosg
mná dot ionghaire a Aodh
madh
cáol la iorghaile th’iúl.
13 Do thuill fola
do bhróin ban
ro
thola do-choidh a ccion
do
fhech is-tigh thairsi an tegh
sul
do ghoir ben th’ainm-si d’fior.
14
Tonn it
aghaidh d’fuil na
Niall
le
cur taraidh ar gach
táoibh
ni
gabhar
tar ghort
gan fhál
aghadh na ndámh ort
a Aodh.
15 Guin gan uaim
dob omhan daoibh
do-chuaidh in dochar ’na dhiaidh
fa
fleadh do cheilis i ccéin
cneidh nach réidh do leighis liaigh.
16 Ar léim d’ein
eitil san ágh
do
fhéin do reidhighis ráon
barr
tar a n-aibera um fhíon
ag
sniomh crann
aideamha Aodh.
17 Laoich
romhaibh mar réim an láin
ag
léim dochair [leg. Tochair?] ar gach taoibh
sáth
remh [sic] bheich na cailgi as cóir
taighdi an tóir leis an ccleith ccaoil.
18
Derbhthar lúdh
th’eachraidhe i n-ágh
ar
tús go ttesdaighe
(?) an raon
gabhaidh sé san ghleó go grían [136]
gi be
do iarr th’eól a Aodh.
19
Lann tana do theilg
a cruaidh
od
fheidhm do ba tana an tóir
th’ord míleadh re
hedh in á[i]gh
fan
laimh ag sínedh edh n-óir.
20 Suan gan
luighe ort a Aodh
do
thruime do ghon on ghleódh
nirbh
é sin th’obair i n-ágh
nirbh
áil libh codail gan ceól.
21 Braoin
ghairthi ar fiodhraidh a feóir
ot
iomghuin ar
f[h]aiche dúin
fedh
moighi ni fhoil ot fhéin
an
troigh reidh gan oili i n-úir.
22 Don toisg da
n-imthighe i n-ágh
timchilli an troid
ar gach taobh
i
n-órthain ni bfuil do bhrigh
díon
ar ghoimh th’orchair a Aodh.
23 A bróin
fhéinnedh bentar
bedhg
i
ndeabhaidh mar eirghes th’ferg
bos
gheal ina mbloghthar bolg
colg
sean go dornchar do
dhearg.
24 Deacair
taobadh con os
cuan
do ba
baoghal cor ret cladh
o rug
fer ar th’aithne a Aodh
nir
gh[e]abh do tháobh th’aighthe i n-ágh.
25 Fedh deabhtha
nir dholta róimh
beg
nar dhecra dola it dhiaigh
geall
caithmhe ar an lainn it láimh
ar
ndáil do chroinn
ghairthe i
ngliaidh.
26 Gan dáoirsi i
mbérnaidh [i]
mbia
i
ttenntaibh nar
dhaoire dhó
cú
sealga na thóra thú
Cú na
cérda as córa it chló.
27 Bean i nguais
ot ghonaibh graidh
tar
gach
folaidh da
bfuair thríbh
an
dioghail do dhligh ’na ndiaidh
biaidh sin ar rioghain ag rígh.
28 Dord re saithi
i ccomhair cheóil
a
bfoghar as fachain súain
leigthear leth a
cnuais re craoibh
fan
daoil gan gúais
beach gan
buain.
29 Sreabh
Fhinne gidh orgán
suain
do
bhinneas a
comhraidh cciúin
guth
gac sreibhe don taoibh thuaidh
ag
buain cena do chraoibh cciúil.
30 Damh tosaigh
thurnus i n-ágh
[137]
ar
chosain nir chunradh sáor
an
mír curadh o ghort glia(i)dh
ar
ttocht fhian Uladh ag Aodh.
31 Gur
thesdaigh
grinneal an
ghlia(i)dh
tre a
rendaibh do-rinne
an t-eól
caor
shluaigh ag anadh fa Áodh
daor
fuair an goradh san ghleódh.
32 A searc d’Aodh
do fhoillsigh sí
os da
thaobh do toirneadh lé
a
hoidhre a mbeirn ge do bhaoi
doilghe le mnaoi san f[h]eidhm é.
33 Do bladh mac
Siubhain(i) an síodh
cradh
gur thionail ar
gach taobh
dob
fhiú tes an uird san ágh
lamh
an chuilg fa es go Aodh.
34 Gach a nderna
a n-domhain glia(i)dh
bu
fada i leabhraibh a luadh
ni
bhí sé ar iarraidh i n-agh
ré
lán fa dhiamhair in dúal.
35 Breith a
dhiomdadh ni dóigh
dhamh
mar a
fiodhbhuidh as cóir craobh
tig
da ccongmhail féine i bfíon
diol
cléire i n-orlaimh o Aodh.
36 Tug ben nach
ttaidhlinn an
tóir
sleagh o ghaibhneann ar a gháibh
dion
gach aonduine
ann féin
d’fein ar nAodhai-ne i n-am áigh.
37 Rí nach
sguireann do dhail
duas
a
ndáil ni chuireann
a ccás
ni
sgarfa a-niu ris an
nós
a
chlú fós ni anfa d’fás. Fada...