firstLine"; ?>

907. Fada theid teisd an oinigh $
Length: long 31qq
Certainty: 0
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 3(23/L/17) S.OMurch.na Raith.1744-
Motifs:
  1. Envoi to spouse
  2. Envoi to BVM
  3. qualities of patron’s character
  4. nobility of patron’s ancestry
  5. poet one of several learned classes
  6. the lesser arts
  7. Function of poetry
  8. patron’s hospitality to poets
  9. patron too honourable to be satirised
Patron Christian Names:
  1. Eoghan mac Finghin Duibh
Patron Surnames:
  1. O Suilleabhain
Apologue Subclasses:
  1. The generosity of Eochaidh Aonshuil
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fada théid teisd an oinigh

[RIA 3 (23/L/17), 21b]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Fada théid teisd an oinigh

dá mbeith gan é d’f[h]iafroighidh

d’iúl sean as deimhin an dáil

fear an einigh ar iomrádh.

2 Cuid do bhuaidh fhir an oinigh

bíth gach aon ar fhiafroighidh

techt a-stegh go bfhoighir air

d’f[h]ior an oinigh ní heagail.

3 D’f[h]ior an oinigh ní huamhain

cuid eile dá iolbhuadhaibh

gidh bé a ndéntar dá dhochar

ní féadtar é d’f[h]olmhochadh.

4 Do dhruim oinigh is anma

a n-oighrecht a athardha

deimhin as-tegh go ttiocfa

fear einigh is oirbhiorta.

5 Bárr sochair é don oinech [22a]

gnáth ar fhud chríoch ccomhoidhech

le luagh a dhaghanma ag dul

rolabhra suadh is seanchudh.

6 Seannós aco riamh roimhe

sa chrích-si fhóid Iughoine

’s é ar fheadh gach oirir mur soin

fear an oinigh ar iarroigh.

7 Ní fhuil mo thriall tairis sin

mac Finghin Duibh dreach shoilbhir

bos tren tar a doiligh dul

prémh an oinigh ar adhnudh.

8 Cómhluaith chuige ceim dhá rath

an file an fáidh ’s a cerrbhach

gach taobh ag triall ar oineach

mur aon ’s a chliar chómhoidheach.

9 Tig an Laighnech leath ar leath

tig an Mídhech ’s a[n] Muímhnech

a ndáil ní damhna tuirse

fa gháir anma an Eoghuin-se.

10 Cómhluath ó chenn gach críche

lucht sgaoilte sgéal ccoigcríche

gá bríogh a mhéd do mhedhair

ag ríomh a ghég ngeinealaigh.

11 Nír chlos aoinfher aco soin

ag breith oirbhire Eoghoin

nír chlaon don chédrath do char

aon da éagnach ní faghthar.

12 Meise féin mur gach fer dhíobh

ní cuaird iona cóir dimbríogh

mo thol go hiomshlán ní fhuil

go dul fá iomrádh Eóghuin.

13 Ní chuala Gaoidheal ná Gall

maith iomchras an chuing chothram

fós do bhuain bhéime ara bhladh

buaidh a fhéile ní hiongnadh.

14 Saoilim nách fuil diomdhach dhe

acht námha nó fer feirge

gnúis fhaoilligh gan cháil a ccrodh

báidh gach aoinfhir re hEóghon.

15 Do chennuig fós beg dá rath

ainm síor nach éidir d’ionnlach

díol clú d’eighrecht is d’anáir

cnú do sheinshliocht Sullamháin.

16 Ní théid caitheamh na cclú soin

an sliocht airmech-so Eochoidh

ag caoir bhuaidh na taoirbhert ttrom

fuair an oighrecht a haltrom.

17 A ndimbríogh ni dual a dul

an teisd ordhuirc-so ar Eoghun

an fhéile is d’eighrecht a shean

deighshliocht na fréimhe ó bhfuil-sean.

18 Sé idir uaislibh fhuinn Ghaoidheal

do-ní an t-ainm-si d’iomsgaoiledh

recht fíre na bprémh ó bhfuil

séan an díne dán dúthuigh.

19 Einech gnáth 7 gniomh nár

cennsacht úmhlacht is anár

druid ré hoirbhert is ciall chinn

tug oighrecht don fhial fhoirtill.

20 Iomdha céim ’na ttigh as-tegh [22b]

más f[h]ior d’fuighlibh na bhfiledh

fer an oirbherta ós cionn cháigh

a ccenn oighrechta d’f[h]agháil.

21 Gach barr innmhe dá bhfuair soin

maith is fiú a chiall ’s a chéadfoidh

ní nár mur chaithes a chródh

ir a mhaithes do mhórodh.

22 Ní le trén táinigh a nert

grás Dé re ndola a n-oighrecht

fuair a thoil do dhruim dhocra

ni chuing soin nách somholta.

23 Nách benaid na rainn-si ribh

ní mheasaim a mheic Finghin

réim gan fhoirnert gan fholuigh

as toirbhert féin fuarobhuir.

24 Mac Finghin Duibh dhá rádh ruibh

a-tá ní hinnmhe a n-asguidh

mó do gheall an ghairm eile

is ferr h’ainm iona h’áirighe.

25 An bárr ar fhír fhéile fuair

Eochuidh ó chách a cceduair

cóimhliontar [an?] chlú do chuir

le crú oirbhiortuigh Eochuidh.

26 Ón lá-soin gus an lá a-niogh

gidh bé iona chenn do cuiriodh

ní dheachuidh céim ar ccúla

ó fhréimh Eachuidh aonshúla.

27 A mhaoidhemh ní misde dhamh

as í an teisd so a-tá ar Eoghan

tug mé ar céilidhe ’na chenn

an ré shéimhidhe shaoirsheang.

28 Ós tú as teinne a-tá ar h’oighre

a Ógh dán clú ar ccomhoir-ne [leg. ccabh-?]

déna ar ndíon ar ghoin an gha

díol iona fhuil nach iarrfa. Fada...

29 A dermad ní dleaghar dhamh

inghen Domhnuill drech iodhan

an orchnú rugus mur roinn

fa mhórchlú thugus tarroing.

30 Cuirfead fós ní claon an chuing

ar n-aithne ar inghein Domhnuill

ar an mnaoi-sin a-táim trén

ní budh dáil fhaoisimh dh’Oilén.

31 Ó Oiléin ní anfa me

ó fuaras fios a méinne

gnúis ronáir do thuir ar ttoil

duinn ní foláir a feachoin.