firstLine"; ?>

908. Fada theid teisd Roghallach $
Length: long 35 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Cambr. Add. 3082 to O’Reillys 1598-9
Prints:
  1. text Poems on O’Reillys, ed. Carney no. viii
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. qualities of patron’s character
  3. nobility of patron’s ancestry
  4. patron ‘aithghin’ of illustrious ancestor
  5. comparison of patron with all others
  6. liberality to poets
  7. prowess in battle
  8. King as spouse of territory
  9. prophecies of ruler
  10. Historical comparisons
Patron Christian Names:
  1. Pilib mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh d. 1596
Poem:

Poem in printable PDF format

Fada théid teisd Roghallach


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 8]


1 Fada téid teist Roghallach,

fearr ’sa chách fás a bhféile;

a cclú mur lán robharta

líonaidh sé teist gach éinfhir.

2 Táinig d’fhíonfhuil Raghollach

mac ríogh ar nós na sinnsear;

do sguir cách dá chomhardadh

d’fhéile is d’aigneadh is d’inntleacht.

3 Pilib mac Í Roghollaigh,

ré lán ríoghraidhe Gaoidheal,

clár Bréifne ní baramhail

dá bhronntaibh séad is maoineadh.

4 Leis an mac-sa Í Roghallaigh

a-tá súil tochmhuirc Cruachna

[sóisear riamh do thoghaduir]

mian Bhanbha re béal nuachair.

5 Tug ró clú do Chonnachtaibh,

fear is beodha ná beithir;

annamh fear a chomhchosmhail,

óg ó aois, arsaidh n-einigh.

6 Fear íocas a n-ainbhreatha

gach laoi re heigsibh Éireann;

fear cosmhail re tairngeartach,

fear mheabhraigheas gach éincheard.

7 Caor bheo do fhréimh Raghallaigh

Filib oirrdhreic mac Aodha;

tearc feinidh re [a] samhaltuir

ar ghaois, ar dheilbh, ar dhaonnacht.

8 Laoghaire lonn leadarthach,

fear gan eagla a ttús tachuir;

deacair bheith dá bhreathnughadh,

crithir bheo is neimhneach lasuir.

9 Conall os na curadhaibh,

mér meadhóin maicne Míleadh,

fríoth leis luach ar bhronnastuir :

séala a chlú suas do síneadh.

10 Eite lúith na laochraidhe,

Cú Chuluinn críche Connacht,

fuair < > oineach n-aoghaire

d’fhóir Bhréifne na mbeann solus.

11 Leomhan cosgrach cathbhuadhach,

conchlonn Aodha meic Fhearghna,

fear iomchrus gach anualach

’s cosmhail do Chruachuin Mheadhbha.

12 Naithir neimhneach neimheaglach,

tonn brátha rena bhiodhbhaidh,

fear is uaisle geinealach,

craobh chnuais is fhearr ’san fhiodhbhaidh

13 Seabhac séaghuinn suaitheanda

nach gabhonn tuirse sealga,

is maith imrios guaisbhearta

do bhreith chluiche Cláir Banbha.

14 Geall gaisgidh gach aoinchearda

rug Filib [cá fearr fiadhach ?];

do mheabhraigh seacht saoirchearda

caor óir is uaisle mianach.


15 Fear a-tá mur Ábhurtach,

seal ’na Dhiarmaid ó Dhuibhne,

don sgoil is dóigh dánachta,

fear mur Fhionn bhfhial mac Muirne.

16 Fear mur Chairbre Lifeachuir,

ua Corbmuic meic Airt Éinfhir,

dearbhchara tá ag fileadhaibh

do-ní feidhm laoich is cléirigh.

17 Féinidh na n-arm n-órdhaidhe,

ríodhamhna críche Connocht,

go nua ’sé ar Maol Mórdhai-ne

do ghabh an t-oineach d’fhostadh.

18 Cairt do léagh gach éinfhile

a laoidhibh agus litreibh,

cairt mur í ní héilighthior,

cairt na féile fuair Filib.

19 Athil cédna caomhChruachna

d’éigsibh Banbha is cliath fhosgaidh,

mur bhí saifír saoruasal

ag cur buadha annsna clochaibh.

20 Anfhuil bhrátha bhuanchosgrach

dá bhfuil an fhéile ar biseach,

fear is truma tuarasdal,

fear is réidhe um riar fileadh.

21 An t-airsidh ard iorghuile

agus an lámh nach lamhar,

snámh re heas a ionnsuighe

a n-am chomhloinn nó chatha.

22 An cairthe nach cumhsgaighthir

ní thug riamh céim ar ccúla,

fear éasgaidh a ndáil urlaidhe,

ris do-chuaidh breith gach ughduir.

23 An t-iompa d’fhuil ríFhearghna

dá mbuintior toradh cédach,

ní bhfuil acht croinn fhíneamhna

uadh go hÉireamhon éachtach.

24 Ag so an fáth fár leanadur

gach sgol sóisear Síl Eachach:

fear aithne na healadhna

urradh is fhearr le a cheathra.

25 Cóir a chur a neimhiongnadh,

líthear é ar Cruachain Connacht;

sguiridh sí dá sibhionnradh

do gheall Filib dá tochmhurc.

26 An t-óigfhear fial fuilteach-sa,

maith an séan fuair a nuachar!

do gheall Bearchán buileadhach

go ttéighfeadh teallach Cruachan.

27 Ó Mhuigh Aoi an Fhinnbheannuigh

ar tús táinig Clann Fearghna;

a-tá cairt gach seinleabhuir

le Filib ar Muigh Mheadhbha.

28 Ríodhamhna saor somholta

ar nach bhfuil neart no árach,

is é an buinne robharta

rug an t-oineach ó bháthadh.

29 A-tá an fhéile ar oilithre

aoinbhliadhuin teasda d’fhichid,

nach fuair fear a coimirce

no go ráinig sí Pilib.

30 An tinne óir oirdnidhe

do mhianach Chonuill Gulban,

a ghnaoi go hard d’fhoillsighios,

teist gach aoin faoi do turnadh.

31 Onchú éachtach anghlonnach,

cuan síne na sreabh n-uaine,

fear ar [ar] lia anmonna,

fear conchloinn do ghnaoi Guaire.

32 Aoibh gach aoinfhir ealadhna

do-ní Pilib mac Aodha;

maith do thuig sé an seanfhocal

gur buaine bladh ná saoghal.

33 Fear nár chuir a gcunntabhairt

nach mair aige an ní chaitheas;

’s dearbh gur chreid ó ughdaraibh

nach le haon an ní thaisgeas.

34 Ó fhochlag go hollamhain

na seacht ngráidh ghabhus filidh,

a-táid uile ag comhmoladh

na ngrádh flatha fuair Filib.

35 Fear fhóireas gach éindeacuir,

mac leanus lorg a athar,

do-ní a mbeirn do Bhréifneachaibh

feidhm Logha na Lámh bhFada.