Poem in printable PDF format
Fadógh ar
gríosaigh gnaoi Néill
[McKenna, L.:
The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 30]
Tadhg [Ó
hUiginn?] .cc.
1 Fadógh ar
gríosaigh gnaoi Néill;
fuair nós nach
tuillfe toibhéim ;
is í as séad
craoi dá chineadh;
dá ghnaoi créad
nar cuimhnigheadh?
2 Feidhm
dúthchasa dh’aicme an fhir
gan sgur
d’fhadógh an einigh;
tug n-a
neimheasbhaidh nós mór,
fós an
t-eineachsain d’fhadógh.
3 Teine bheo nach
báidh tuile
gnaoi athar fhir
Challmhuighe;
an ghnaoi
leathansa d’fhleisg Náis
leathursa do
theisd Tomáis.
4 Fada as léir a
loise mhór
nír sguireadh fós
gá fadógh;
biaidh mar do
bhaoi re treimhse,
gnaoi Bhriain
nocho bháidheinnse.
5 Urusa a
congbháil gan cheo
an ghnaoi as
teine bheo bhithbheo;
sí gan cheo bhíos
do bhunadh
is gríos beo dá
beathughadh.
6 Eineach Tomáis
is teisd Bhriain,
gnaoi Néill dáibh
i n-a deirbhshiair;
flaith Cé ní
cheileabhsa a nós,
an t-eineachsa is
é fhadós.
7 Connudh nach
leigeann í as
a bha ’s a eich
’s a ionnmhas;
a chrodh uadh ag
gach ollamh
ar son nduan an
deaghconnadh.
8 Nír héaradh
roimhe im ní neach
le mac Briain
Bheinne Coilctheach;
ní mó do éar
Niall a-nos,
gach éan ag diall
re dhúthchos.
9 Rug toirbheart
n-a theinidh aoil
ar ghnaoi a
chinidh flaith fionnGhaoil;
nír sguir sé ag
síorchur n-a ceann
lé gur díochradh
an doicheall.
10 Mág
Shamhradhán nar éar fhear
geall einigh
fhuair ó chineadh,
clú cuanna mar
chlú a shinnsear
’s ní chuala tú a
thuirimhsean.
11 Ní obann Niall
ní do dháimh;
urusa le gual
gabháil
ó bhíos teine ann
re headh;
ní mar chrann
eile eisean.
12 Ní mar chách
ag díol duaine
bhíos riamh gach
fear fíoruaire;
[do-ní] sé
ceartas re cléir
an té chleachtas
a coimhréir.
13 Binn le neach
gach ní chleachtas;
fairseang théid a
thoirbheartas;
mian le lachnaibh
snámh le sreabh,
riar dámh
charthair re chineadh.
14 Do charsad
cliara Banbha
an fáilteach óg
osgardha;
tre bhile
cruithgheal Caisil
cuirthear file i
bhfiadhnaisibh.
15 Ní
comhdhúthaigh dá gach cléir
an sduagh
bhéalchorcra bhoinnréidh;
ó bhíos áth ar
tuile tonn
do chách uile ní
hiononn.
16 Ní hionann
dúthchas dúinne
’s do Dhamh Ré
fleasg fionnBhúille,
seach dhán gach
dáimhe oile
lán dar ndáinne a
dhuanoire.
17 A ghnaoi
síolfad ó só a-mach
úidh Taidhg oile
ar Bhrian mBreaghach;
biaidh bham chion
Niall a-nosa,
Brian ba chion
d’fhior m’anmosa.
18 Liom maoidhimh
a nóis a-nois
mise is Tadhg do
thuir Dhurlois;
ar Niall
do-chuaidh mo chrannsa,
Niall bhus Bhrian
uaibh agamsa.
19 Orlach ar
Bhrian téid a theisd,
flaith Éirne an
abhra bhairrleisg;
do bhí Brian ba
bhladh roimhe
[go] rabh Niall
ní as nósmhoire.
20 Mac Tomáis an
taoibh leabhair
rug geall ó
ghnaoi a chineadhaigh;
ní fhuighe magh
mar Mhagh mBreagh,
duine ní gar dá
ghnaoisean.
21 Do shín tarrsa
tuir Cheara
mar bhile ós
bharr chraoibhfheadha;
cuirid a [n-arm]
faoi gach flaith,
a ghnaoi ní carn
gan chéadbhraith.
22 Geall ar
uaisle is ar eineach
fuair uaidh eár .
. .
fréamh na
ngeilfhiodhbhadh ó ngin
neimhiongnadh a
thréan tairsibh.
23 Teallach
n-Eachach go hEochaidh
fan bhfleisg
[sin] ngeil ngnúisleathain,
tuath riu soin
nocho sín,
a bhfiu ní fhoil
fa airdrígh.
24 Díreach
leanfad a lorg soin
ó Eachaidh
mórmhac Maonoigh
go ndeach go
Fearghna fleadhach,
an chleath
mheardha mhuirearach.
25 Géag cubhra
dar mac Maonach
Baoithín na n-arm
n-órchraobhach;
prap dá
[téachtfholaibh] gach tír
le mac
mbéaltanaidh mBaoithín.
26 Mac Bréanainn
ba binn meadhar
Baoithín na mbas
ngéigleabhar,
clann Bhréanainn
a dteisd tárraidh
gon fhleisg
shéaghoinn shoghrádhaigh.
27 Mac
d’Fhearghna na n-each sotal
Bréanainn ba bhog
dtiodhlocadh;
an Fearghnasain
ní théid troigh
don ghéig
[neamhfhrasaigh] neartmhoir.
28 Méin Fhearghna
agus Aodha Finn
fa mhac Tomáis ro
thimchill;
clann mhórRuairc
an fine fial
fa bhile
nglórshuairc nGailian.
29 Eochaidh
Doimhléan fa dheirc nglais,
Colla Uais fa
fhear nDurlais,
fríoth dá ghnúis
chorcra choimhréidh
cúis mholta as a
mháthoirmhéin.
30 Do iadhadar
uair nó [a] dó
ba dhreich mbuig
mar bhlath ndonnchnó
clann ghealCholla
taoibh re taoibh
ba chraoibh
n-Eachdhroma ó Éadaoin.
31 D’iomad ríogh
ba rosg n-uaine
dh ’uaislibh
catha Craobhruaidhe
do chomhnaoidhigh
caoin a hall
do chraoibh
fhorbhfhaoilidh Arann.
32 Aigheadh as
áluinn oirniamh
aige d’uaislibh
saorOirghiall;
casmhail aoibh
aighthe an deighfhir
re caoir ngairthe
a guailteinidh.
33 Déad gléigheal
ar gné na sgath
fuair ó Cholla
chláir Theamhrach;
ruisg corra fan
chéibh chaissin
méin an Cholla
chéadnaisin.
34 Dá abhra
dhonna ó Aodh Fhionn,
dá dheirc gorma
ag géig Raoilionn,
dá ghlaic leabhra
ag léim chagaidh
do mhéin
Chearghna abhradhduibh.
35 Glún corr nar
cuireadh ar ais
aige ós chionn
chalptha sholais,
míontraigh óg ag
ú Earca
le líontair bróg
bhláithghreanta.
36 Cáraid sliasad
réidh roigheal,
bruinne mar
bhláth caoldroighean,
ucht dealbhchaomh
dar dírgheadh rann
seangthaobh
míngheal mar mheamram.
37 Ó fhuair geall
a ghnúis amlach
ar ghurm a dhearc
ndonnabhrach,
ar chleith
gCláire nír einneadh
ar áille deich
ndoinningean.
38 Béal corcra
nach creid banfháidh,
rosg mall ag Mág
Shamhradháin;
ní hinghill dream
re dheilbh sin;
fearr a fheidhm
iná a fhaigsin.
39 Féachfaidhear
fulang a lann
lá an tachair re
tuir gCualann;
d’aithle Néill
fhuair a haithdeilbh
ó bhéim chruaidh
[a] chlogaidfheilm.
40 Rug a [seadh]
a slait chorcra
tarraing eolach
arrochta
ag dáil chrann
d’iothraibh an fhir
acht barr
fiodhraidh ní faicthir.
41 Cuiridh bas
óigfhir Eine
sníomh i gcrann a
chraoisighe;
do chomhchasfadh
mar an gcrann
le orcharsan a
hiarann.
42 Snámhaidhe as
fhearr n-a aimsir
an sduagh
dhéidgheal dearcmhaillsin;
is uidhe ar tír
do mhnaoi mhoill
ar shnaoi ó thír
don abhoinn.
43 Mac Tomáis
mbeic Bhriain Bhreaghaigh,
mheic Dhonnchaidh
mhóir mhéirleabhair,
ag a riar ní
chéala a chrodh,
cliar dh ’éara
nochon fhéadfadh. Fad
44 Dath gríoscha
ar a gnúis n-amlaigh
inghean Cathail
chreacharnaidh
slios geal masa
geal sneachta
far fhear d’fhios
a haigeanta.
45 Geall gach
ríoghna [ . . . ]
inghean chorcra í
Chonchubhair;
inghean [Ailbhe]
ar aoi a féile
gnaoi Shaidhbhe
[nír shoidhréime];
a tiodhlaicthe
gach laoi ar lón,
do ghnaoi a
fionnmhaicne is fadógh. F.