Poem in printable PDF format
A léine mhic
Dhiarmada
[Mac Niocaill,
Gearóid: Duanaire Ghearóid Iarla (Studia Hibernica, 3, 1963,
7ff.), poem 27]
1 A léine mhic
Dhiarmada
mhic Cormaic
fuair gach anáir,
adhbhar bróin
cúis t’iarrata
do Mhóir, gér
mhaith léi d’fhagháil.
2 A ghlainléine
rochorcra
do dathaigheadh
d’fhuil Chormaic,
do mhéadaigh a
tromosna
do Mhóir inghean
mhic Dhonnchaidh,
3 Ní lugha do
thromaighis
mh’osna ’man
gcéiminn chonchair;
mo chraidhe do
throthlaighis
mar smuainim
créachta Chormaic.
4 A shaoirléine
chaomhChormaic
docair d’fhaicsin
dá éise;
aithghin an fhír
shaorbhronntaigh
níor ghabh ime
thú, a léine. A.
5 Do bhí léine a
haithghinse
lán dá chrú d’éis
a mharbhtha,
ó Dhiarmaid, ód
athairse,
’ga chéile, a
bhéildearg bhanda. A.
6 Do bhí léine
rochréachtach -
cian do bhí aici
ar cuimhne -
ón fhírfhéinidh
ro-éachtach
ag Gráinne d’éis
Í Dhuibhne. A.
7 Ná léig léine
agamsa
do bhéaradh mhé
go hainneas;
beir, a Mhuire,
mh’anamsa
chugat i measg na
n-aingeal. A.