firstLine"; ?>

910. Faghaim ceart a chlann Eibhir $
Length: long 37qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. bardiccon
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. RIA 20(23/M/30) E. OCaoimh 1684-1707
  3. Stoneyhurst A/II/20ii E. O Caoimh 1703
  4. RIA 707(23/H/18)Uill.MacCairteain 1701
  5. RIA953(23/G/1)D.Mahoneus,A.OCaoimh
Prints:
  1. transl. McKenna, Iom. no. xxix
Motifs:
  1. imagery for patrons
  2. nobility of ancestry
  3. Function of poetry
  4. functions of kingship
  5. legal terminology
  6. earlier text named
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Daire (BOCD)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Donnchadh
Patron Surnames:
  1. O Briain (Earl of Thomond, d. 1624)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fagham ceart, a chlann Éibhir


[McKenna, L. Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society, vols 20, 21, 1918), poem 29]


Tadhg mac Dáire cct.


1 Fagham ceart a chlann Éibhir

ó tá ar n-agra indéinimh

mo dháil dá ndagh-admha sibh

ní dáil an-agra a haithghin.


2 Oraibh idir mhaith is saith

idir urradh is ard-fhlaith

a chlann fhinn-Éibhir uile

indéinimh ar n-agraine.


3 An tuarasdal thuilleas neach

do ní a dheigh-sheirbhís dhlightheach

dóigh dá ndagh-agra sé sin

nach an-agra é ar uaislibh.


4 Do rinneas do rún cridhe

feidhm díbh i n-earr m’aimsire

do cháidh ar dheigh-sheirbhís damh

teine-ghrís gráidh dam ghríosadh.


5 Ón ló do loiteadh bhar bhfuil

i ndán Torna is Néill náraigh

do chóidh bhar lot gan leigheas

a fhóir Chrot gur chuimhnigheas.


6 Gach glór do chansad tar cóir

ba oilbhéim da bhar n-onóir

do chuir mé le ceart ar gcúl

do badh reacht gan é d’iompúdh.


7 Slighthe ba dorcha díbh féin

do osgail sinn go soiléir

gan ghlór chlaon gan fhoirbhríogh d’fhior

im thaobh soi-ghníomh bhar sinnsear.


8 Ní glór leath-taoibh ar bhar leas

ní rith teangadh ar thuirmheas

acht raon sean-sgríbhneadh na sean

lér cneas-dírgheadh gaol Gaoidheal.


9 Mar do chíthí a chlann Éibhir

ar laoidh fheasach fhír-chéillidh

bhar n-anáir suas ar a son

a duas d’fhagháil ní hiongnadh.


10 An éiric do b’fhiú bhar bhfuil

ná léigeann tréan fa thalmhain

an ní dirim gidh docar

dlighim í ar a hanacal.


11 Gidh mór fuair Mac Liag Luimnigh

níor thuill ón bhféin bhfinn-Mhuimhnigh

leath a bhfuarasdar ní feas

tuarasdal mar do thuilleas.


12 Do bhéar le beagán brosdaigh

cuaird ar cheann mo thuarasdail

ní ar chuaird fholaimh fhionnfam sin

oraibh a fhionn-chlann Éibhir.


13 An ghasradh laochdha ón Leamhain

go n-a ngéagaibh geinealaigh

gan bhríogh i mbeag-charthain séad

síol deagh-Charthaigh ní dheirméad.


14 Ní saor ón gcuaird chuirfeas sinn

fian mhaordha Maighe gCoinchinn

ní neamh-lón d’airdibh oile

Cairbrigh mear-shlógh Músgraidhe.


15 Mac Donnchaidh deigh-thriath Ealla

fír-ghéag d’aicme Oilealla

dream nach ónna i gcaoir chathaigh

Í Caoimh cródha Í Cheallachain.


16 Í Máthghamhna ’s mic Ionáid

Í saoir sochruidh Súilleabháin

Mac Giolla calma Coda

giolla armdha ánroda.


17 Mac Amhlaoibh iomchras sgola

Í dreach-náraigh Dhonnchadha

craobh barr-dheigh-shleagh a barr sin

is clann airm-neimhneach Fhínghin.


18 Í Aithghir don fhuil chéadna

Í Mhuircheartaigh mhóir-dhéadla

maoidh Í Dhonnabháin don druing

don chraoibh chomh-iomláin cnuas-truim.


19 Iar gceileabhradh d’fhuil Eoghain

triallfad ní triall ain-eolaigh

céim i ndáil coimh-shleachta Cais

ar ghráidh saoir-leanta a seanchais.


20 Sleacht Bloid bunadh na fola

ó dtáid síol mBriain mBóromha

gá branáin fhoirneadh as fhearr

dár choimhlean anáir Éireann.


21 Gé chlaochláidh claochlódh anma

d’fhuil Bhriain maicne Máthgamhna

’s clann Thaidhg a hÁrainn iubhraigh

an bán-fhuinn aird oirear-ghlain.


22 Do fhássad fós fóir ó Bhlod

dream ar nach díol a ndearmad

gion gur comh-ard le cloinn Bhriain

an choill fhor-ard ó Fhinn-Chliaigh.


23 Í Chinnéidigh Chuain Deirg-dheirc

clann Chraith chrodha i gcruaidh-fheirg-bheirt

Í Mheadhra as chruth-ghlaine cáil

Í Urthuile is Í Ógáin.


24 Sleacht Caisin clann Chonmara

géag díobh-san síol bhFlannchadha

síol Aodha ó fhionn-Mhaigh Eachtgha

craobha d’fhiodhbhaidh inleanta.


25 Sleacht Dealbhaoith deagh-mhac Cochlán

síol nDeaghaidh dream súghach-nár

daigh-fhréamh do chlann-mhaicne Cais

sparnn-aicme airm-ghéar Aonghuis.


26 Síol gCearbhaill maicne ba maith

síol gCéin ba caomh d’éileachaibh

Í Eaghra ó fhód-mhaigh Luighne

ógbhaidh fheardha ion-bhruighne.


27 Anmhuin ré n-áireamh uile

fíor-ghabhláin ar bhfiodhbhaidhe

nach abraid cách ro-mhall ruinn

na sgáth oram ní fhéadaim.


28 Gach a bhfúigeam díobh am dhiaidh

bíodh ar Donnchadh Ua ndeigh-Bhriain

ceann roi-riaghla fréimhe Cais

daigh-Iarla féine Forgais.


29 Ní mairg d’fhuil Éibhir dá fhás

cneas séimh nár sheachain uathbhás

glún altruim anára a gclann

baránda an antruim d’fhulang.


30 Géin mhairfeas sin mairfidh rath

mairfidh gairm ceannas cumhdach

an fhuil do oirdhearchaidh sin

ag fuil oirbheartaigh Éibhir.


31 Do fhássad ard-chrainn oile

a fréimh ar gcrann gcumhrai-ne

ní choisg mé dá maoidheamh sin

nach i ngné Ghaoidheal gairmthir.


32 Búrcaigh Buitléirigh Barraigh

Róisdigh gidh do río-ghallaibh

cuir as a sean-mháithribh sin

na ndeagh-bhráithribh d’fhuil Éibhir.


33 Do thaoibh ban is dar mbunadh

Tomás Iarla Urmhumhan

mó as teann a neart-chuaine a-nos

an seang dreach-nuaidhe ó Dhúrlas.


34 Do fhássad fós don bhfiodhbhaidh

drong do fhás ór n-ingheanraidh

dá mín-fhéachtair maicne Luirc

d’aicme ghnímh-éachtaigh Gearailt.


35 Dá mbeath Riocard flaith Fhorbuir

acu i nÉirinn iubhar-ghlain

gá géaga d’fhiodhbhaidh as fhearr

dá bhféaga um fhionn-mhaigh Éireann.


36 Teach Nimhe go ranna rinn

ós tuarasdal nach tuillim

ós é ar ngaol gan báthadh

a Dhé gaol do ghlan-mháthar.


37 Ar mbeith d’aon-fhuil ós fiú libh

nár thugar-sa a Rí an ríchidh

cúis ar sgartha ar thaoibh thall

ar an maoin nach anfa agam. FAGHAM CEART.