firstLine"; ?>

912. Failghigh chosnas clu Laighean $
Length: long 32qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th early
  2. 16th mid
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G 992 Nugent MS c. 1577
  2. RIA 1 (23/D/14) 17th c. ? Co. Offaly
Prints:
  1. transl. Studies xxxviii (1949), 57-62
Motifs:
  1. irresistible attractions for women
  2. comparison with all others
  3. patron’s hospitality to poets
  4. prowess in war
  5. spartan life of warriors
  6. War with English
  7. Fertility of land under true ruler
  8. Highkingship
  9. historical/mythical allusions
  10. references to siodh
Poet Christian Names:
  1. Eoghan mac Aodha (NLI G 992, RIA 1)
Poet Surnames:
  1. O Cobhthaigh
Patron Christian Names:
  1. Brian mac Cathaoir & mac Siobhain
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair Failghe d. c. 1560
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Failghigh chosnas clú Laighean


[Lambert MacKenna, ‘Some Irish Bardic poems’, Studies 38 (1949), 57-62]


To Brian, son of Cathaoir, Ó Conchobhair Failghe (+1555)


Eoghan Mhac Aodha Í Chobhthaigh cc


1 Failghigh chosnas clú Laighean,

a cclú as fada ó do fromhadh;

síol a ndáigh clú do cuireadh,

sguireadh clú cáigh dá gcomhar.


2 Cuiread geall a crú an Chalbhaigh

geall clú dá gcuiread Laighnigh;

gibé ciall a-tá ag Teamhraigh,

ceanglaidh Brian lá le Laighnibh.


3 Críoch a síodha sníomh foghadh;

cá síoth don díorma dhaighfhear?

Múr Tí ní teach gan mhuirear,

do cuireadh hé a leath Laighean


4 Treise d’fhíoch an fhian Fhailgheach,

siad risin síodh ní suirgheach;

téid ann fios ar an bhFailgheach,

ainbhreath Gall ar Lios Luighdheach.


5 Cur comhloinn fa céim docar

a dhoghraing féin dá bhfaiceadh;

fa chur ngliadh nír gheabh locadh;

bean d’fhocal le Brian braithtear.


6 Caor shluaigh go Tolaigh dTeamhra

le bhfuair foras na faghla

- gnáth síodh a ndiaigh na diomdha;

iomdha ag líodh Bhriain ar Bhanbha.


7 Mac Cathaoir do bhlagh bearna,

re gcamhaoir do ghabh gormgha,

cosmhail sin is dál diomdha,

ní dhiongna acht rádh fir foghla.


8 Toisg ríoghna d’fhios an Fhailghigh

a síodhbhrugh go slios Inbhir;

cobhair shluaigh don fhóir Fhailghigh

fuair d’fhailghibh óir ó inghin.


9 Mac Siobháin nar ob fhilidh

dob ionáigh as ocht ccuraidh;

a gheasa as-teagh go ttabhair

maraidh fleadh Leasa Lughaidh.


10 Naoi laoich do bhuaidhir Banbha

gluaisid le gaoith a n-omhna;

ar líon ngliadh do bhlagh bearna

Brian re n-ealbha dhamh ndorrdha.


11 Rún ler imdhigh d’ól fhuairshreabh

ag inghin tar ól rífhleadh,

tarla lá ar cúl dá chaoilshleagh,

ler sgaoileadh rún mná Míleadh.


12 Cairt Í Chonchubhair ceilidh

go gormthulaigh Airt d’fhoghail;

bean ar druim Bhriain a bruighin

cuiridh chiaigh ttruim fa tholaigh.


13 Sleagh le ngabhthar mar ghuaillidh,

ní faghthar fear a taobhaigh;

fuarais feidhm cóir don chaoilshleigh,

sgaoilidh tóir a beirn bhaoghail.


14 Tearc a ngliaidh ar chlú ad chumaidh;

do chlú, a Bhriain, is clú ceannaigh

dul a ccath ní d’fheidhm ollaimh,

congaibh feilm do chlach cceangail.


15 Bean bhacaigh cruidh do chaomhna

sreabh at aghaidh d’fhuil mhórdha

lá d’aoidhigh fa fheirg ndéanmha

térna a cceilg t’aoinidh órdha.


16 An fhiodhbhadh ag reic roghan

iomdha leisin mbreith bhearar;

an leac dá ndeach tar dhligheadh

breath fhileadh leat is leabhar.


17 Caor le tteagair tar thórainn

a braon ní fearthain fhábhaill;

críoch a sgéal dola ar dhílinn

déar d’fhírinn t’fhogha ar ámhuill.


18 Céim ad choinne, a Bhriain, beiridh

a coinne fa chiaigh rabhaidh;

lá red thochta ad theagh cuiridh

cuiridh bean fholta at aghaidh.


19 Tú ag aithris ar ghnaoi nGuaire

nach faicthir dhaoibh a ndáile;

mar sin sire síoth cléire

téighe a ndíoth fine fáinne.


20 Fríoth dá fhéile súd samhail

an cú fa chéile d’Eimhir;

duais leibh nar éasgaidh d’fhilidh

siridh shleigh d’fhégsain t’einigh.


21 Tarla a gabháil ort d’fhiachaibh

an t-olc nar fholáir d’fhéchain

má a-deir fáith nach féil nuachair

re ráith tTuathail féin féchaidh.


22 Re buain mbéime ar fhear n-iomaidh

do gheabh t’fhéile mar orraidh;

tarla a cceilg do chnú gceangail,

meallaidh tú fheirg an ollaimh.


23 Guais daoibh dá ttile Theamhraigh

buain fa ithche naoimh neimhnigh

fa dhíon chrann is chuan n-oidhrigh

fuar d’oighribh Gall a ngeimhlibh.


24 Cuirthear ort d’éigin oinigh

an crodh nar éidir d’fhoghail;

cuid dá ghnáth féin ag filidh

siridh béim gan fháth oraibh.


25 Claonadh na ccal ní córa

baoghal gomadh barr tnúdha

mar táid ód chédchur chána

fégthar trágha fhód Úna.


26 Fríoth ceatha do chéir shaithe,

an fhearthain féin nach fliche;

braon do bhaoi ag cor san chluiche

muiche iná gal laoi im Life.


27 Grian re srothaibh ag suirghe

niamh ar chlochaibh mar choinnle;

tig saor ó ghal na gaibhle

braon fa mhaighre ag cur choimhdhe.


28 Fóir Ghall re síoth ag soighin

a fhíoch as ann do adhain;

fáidh is Brian ’n-a dá mbuidhin

fiadh fuinidh madh áil d’fhaghail.


29 Toghthar tar fhínfhleidh oidhreadh

le mílidh oirir Almhan;

treabh Dhá Thí go fóill fuirgheadh

cóir nach bhfuighbheadh sí a snadhmadh.


30 Crodh don Bhriansoin do beanadh,

do chliaraibh ní cor sligheadh;

teas deirg re a ghruaidh do gabhadh

rabhadh fhuair re bhfeirg bhfileadh.


31 Gaoth fhaghla fa ua an Chalbhaigh

labhra na ndruadh gur dhaingnigh;

cioth smóil do fhear dá omhnaibh

foghlaidh eadh n-óir an Fhailghigh.


32 Fríoth rún len much do mhosgail,

ní clú do chur a n-aisgidh,

ar chloinn ríogh fa char ccosgair

brosdaidh bladh a ghníomh ngaisccidh.