Poem in printable PDF format
Fáilte ród, a
Bhriain Í Bhroin
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 63]
Domhnall mhac Fir
gan Ainm Mhic Eochaidh .cc.
1 Fáilte ród, a
Bhriain Í Bhroin,
cuirfiod, a mheic
meic Fiachaidh,
d’éis t’asdair ar
ttocht as-teagh
ó Shagsoibh go
gort Gaoidheal.
2 Teacht duit is
lúthgháirioch linn
ó ghuais mara, a
mheic Féilim,
go crích
Raghnuill fhréimhe Broin,
a chéile in
gharbhfhuinn ghleanntaigh.
3 A eóin
sheabhaic shídh Labhraidh,
d’fhagháil
fháilte ót ollamhnuibh
táinig tú a ttrén
fá dheireadh
clú do scél go
scaoilfeidhear.
4 Gi-bé lér
fhuath tú do theacht,
féadaidh Dia
d’fhulang aimhneart;
tú as liaigh do
chách dá gcabhair,
a Bhriain, ’s ’na
tráth tángabhair.
5 Fáilte dhuit
dlighthear dhínn-ne,
gnáth grian a
ndiaidh gairbhshíne,
Dia do bheatha, a
Bhriain tar h’ais
a ndiaidh an
cheatha ad-chonncais.
6 Ní fhuil
d’uaislibh Fhóid Dá Thí
bean ná fear ó
nách foighthí
beatha [’s]
sláinte dá rádh ribh,
’s fáilte dá ndán
ó a ndraoithibh.
7 Buidhioch don
mhairnélach mé,
don ghaoith
ar-aon ’s don fhairrge,
’s don luing inar
thriall tusa
tar tuinn don
fhiadh Fhódla-sa.
8 Ní tú a-bháin,
a Bhriain, réd linn
atá fá ainbhreith
d’Éirinn;
gearr beithior
(fá dáil deimhin),
cáir feitheamh ré
fóireidhin.
9 Féduidh cách a
rádha ribh,
a mheic Féilim,-
d’éis t’aisdir,
teacht ar druim
cuain nó calaidh
ar uair gcuirr
níor chleachtabhair.
10 Do luigh
m’intinn orra so,
sliocht Seaáin
mhóirmheic Aodha,
lucht páirte ar
síol dá seanuibh,
díol fáilte dá
bhfileadhuibh.
11 Tusa mar é, a
Bhriain Í Bhroin;
fáilte lér éirigh
h’athair
do chuir meisi
ród roimhe,
mo sheisi d’Fhód
Iúghoine.
12 Do nós na rann
roimhe so
go n-éirghe
m’fháilte dáno,
[a] fhéinnidh a
ttroid nách tim,
doid mar do
éirigh d’Fheilim.
13 Is é ar meas
ar mhac Úna
do neamhthoil
fhear n-iomthnúdha,
go ndiongna a
ghníomh duine dhe
fá bhfuighe fion
is fáilte.
14 Do thoil, a
Dhé, ní dhearnas,
cúis fá
bhfoighinn fiaitheamhnas;
fóir ar mh’anam,
giodh olc mé,
ad phort go
bhfagham fáilte.