Poem in printable PDF format
Fáilte ród, a Rí
na n-aingeal
[McKenna, L.:
Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem
16]
Don
Naomh-Shacraimint
1 Fáilte ród a Rí
na n-aingeal
d’éis do chaithte
a chuirp an Ríogh
ag so an chlí
nach cóir dod ghuidhe
fóir a Rí gach
nduine díon.
2 Dia do bheatha
a abhlainn uasal
a Íosa Chríosd a
chroth shoirbh
Dia do bheatha a
bhláth an fhaoiligh
gnáth beatha gach
aoinfhir oirbh.
3 Dia do bheatha
a bhláth an lile
a leinbh óigh as
arsaidh aois
Dia do bheatha a
chnú mo chroidhe
is tú an bheatha
[as ghloine gaois].
4 Dia do bheatha
a oighre an aird-ríogh
do airg Iofarnn
uaimh na locht
Dia do bheatha a
chlí dar gcabhair
a Rí an bheatha i
n-aghaidh m’olc.
5 Tugadh duit a
inghean Anna
d’fhuighlibh
aingil aobhdha an glór
Rí an bheatha na
Dhia ’s na dhuine
Dia do bheatha a
Mhuire mhór.
6 Dia do bheatha
a aingil uasail
ainigh mise a
mhaoir an Ríogh
bíom id rann i
rí-thír nimhe
rann [a] Mhíchíl
dlighe díom. FÁILTE