firstLine"; ?>

916. Faoillidh feasda fian Ghaoidheal $
Length: middling 21qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th early
  2. 17th mid
Areas:
  1. Elsewhere Flanders
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Franciscan Lib. A 32 17th cent. frags
Prints:
  1. text Walsh, Gleanings, pp. 60-3
Motifs:
  1. imagery for patron (healing herb)
  2. nobility of ancestors
  3. poet’s blessing ?
  4. English conquest of Ireland
  5. puirt aireachais
  6. territory as king’s spouse
  7. prophecies of ruler
  8. earlier material cited
  9. proverb ? q. 8
Patron Christian Names:
  1. Seaan mac Aodha mhic Fhirdorcha
Patron Surnames:
  1. O Neill
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Faoilidh feasda fian Ghaoidheal


[Walsh, Paul: Gleanings from Irish Manuscripts, sec. ed., Dublin, 1933, 60-3]


Dán do Sheán mac Aodha mic Fheardhorcha Uí Néill do fuair bas timcheall 1640


1 Faoillidh fesda fian Ghaoidheal

cian bhús cóir da chommaoidhemh

iar n-eug is aithbheoghadh dhóibh

tré íocluibh ratha an ríoghshlóigh.


2 Gach imnedh imchian re hedh

gach díth euga gach éigen

dar tháir slóigh finntighe Fáil

faoilidh dhóibh ó na ndiombáidh.


3 Coill oighreachta hinnsi Bregh

leó ní cuimhnech an cinnedh

nó broid gach Gaoidhil ó Ghall

nó freumha a n-árdfhlath anhbfann.


4 Fáth medhruighthe a menma aniogh

a ffuil ann d’fhuighleach Gaoidhiol

techt slán do chennbhile cáigh

da eachtra ar ais ón Esbáin.


5 Eunluibh íci a n-othras báis

flaith Banbha na mbert nemhtháis

an fedh bhus buan beó I Néill

neimh a n-othar ní hoilbheim.


6 Deór a ccroidhibh cáigh a bhus

nior fhág da ffuil a fFlondrus

duamhan tuislidh dha thaobh seng

s níor b’fherr d’fhoirinn na hEirenn.


7 In Seán O Neill si aniogh

eunfhuath Gall aointsherc Ghaoidhiol

Dia da choimhdhe tar gach cair

dob amhlaidh iad da athair.


8 Gach inmhe fan Fhódla riamh

da ffuair sena na saoirNiall

go ttáire an Seán re sén

diallach re a chuaine an coilén.


9 Bráighe ghill Thuinne Tuaidhe

cosnamh chána Craobhruaidhe

saoradh bhreth broide Banbha

dóigh urruma a atharrda.


10 Eó Éirne is Esa Craoibhe

maighri seunda senDaoile

torchuir cuain Bóinne is Banna

s gach inbhir fhéil etarra.


11 Énfher feithmhe Themhra an trír

’s gach iosdaidh da fhuil áirdrígh

mar tharla gan tath fa seach

gach ríoghsport oile is Oileach.


12 Dún Genuinn Benn Bhorb na ccrot

an Srath Bán ga beg diomlot

gach brugh dhíobh na ghrianán Goill

neimh is ainmín gidh áloinn.


13 Dún Sobhairci is Dún Droma

slios Murbaigh ’s a merrdhronga

do dhíth iarla fhóid Uladh

fiabhrus bróin da mbethughadh.


14 Iongnadh nach airighend féin

Craobh Tholcha an fhoinn fhóidréidh

grianmhagh glanMhacha fa ghruaim

Sliabh Truim is Emhuin armruaidh.


15 Cenn inmhe in fhine Chuinn si

mun dóigh é as a n-attuirsi

da mbreth féin ’s na mbrugh sa ó bhroid

na dheghaidh re dóigh deghloid.


16 Ar ghairm Í Néill roimhe riamh

tarla ó thosaigh ’s ní saoibhchiall

tre bharr inmhe a loisi láin

buaidh na hÉirenn ’s a hedráin.


17 Leó dubhradh ’s do derbadh soin

on áird thuaidh tig an chabhoir

s ó tá críoch na cabhra a ndán

fuighleach an séin re Seán.


18 Oighreacht Neill sin na naoi ngiall

is Tuathoil nar ob aoinghliadh

is Cuinn gan righe re a rath

go ttáire ua na n-árdfhlath


19 A sheal féine fuair gach fer

da threibh ríogh do ghort Ghaoidheal

leis fhuirghes Ere mar tá

fa ches imnedh gach éunlá.


20 Ni ben taoghdach treabh Dathí

fa mac Aodh d’éis a háirdri

dlighe an cháil chédna dhi si

rétla áigh na hinnsi si.


21 Fuighle naomh is fesa fágh

iomda leis lór do chonágh

créd acht adhbur inmhe sin

Gaoidhil fesda budh faoillidh. Faoillidh.