firstLine"; ?>

917. Fath cumhadh ag crioch Luighne $
Length: middling 26qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. O’Hara MS c. 1597
  2. RIA72(3/B/14) M.Og OLongain trscr.BOH
Prints:
  1. transl. McKenna, BOH no. xxiv
Motifs:
  1. envois other patrons MagAonghusa&ORu
  2. Envoi to saint Peter
  3. prowess in battle
  4. spartan life of warrior
  5. general grief
Poet Christian Names:
  1. Fearghal (O’Hara MS)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Cormac mac Cein
Patron Surnames:
  1. O hEadhra d. 1612
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fáth cumhadh ag crích Luighne


[McKenna, L.: The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 24]


Fearghal Mhac an Bhaird do-roighne an dán-so ar cclos Í Eadhra .i. Cormac mhac Céin, do bheith tinn


1 Fáth cumhadh ag crích Luighne

an ghuais fuair, fáth rodhoilghe;

do bhí ag tuar dérchumhadh dhí,

néllphudhar mo-nuar uaisdi


2 Ógbhadh Luighne lán do ghoimh

tre ghuais bháis bhiodhbhadh Forbhuir,

lán an deorchuire ó Dhún Cuirc;

as túr éolchuire d’aghaint.


3 Guais bháis do bheith ar Chormac

mhac Céin barr na mbogroshlat

tuar mímheanma druim ar dhruim

do chloinn ríEadhra ó Fhréamhuinn.


4 Bheith lán do ghuasacht ma a ghoimh

fiu an chomaoin do chur orthoibh,

clanna úirEadhra ó iath Bhreadh

fan fiar clúimhearla coillteadh.


5 Tre lár sluaigh ar son na nGréag

meinic do cuireadh croimshdéad

uile tar a sursainn siar

le hursoinn muidhe Maicniadh.


6 Ag díon a oighreachda ar oil

meinic do dhearg a ndebhthoibh

lann chruaidh as goirméidiodh glas;

fuair doirbhéigion fan dúthchas.


7 Tadhg Buidhe le mbiathtaoi broin

an tan do thuit a bhráthair,

planda saor dóidleabhar dil

dob óigleanabh craobh Chaisil.


8 Iar tTadhg mBuidhe barr Clochair

do shuidh síol cCuinn Chéadchathaigh

a ccleathLuidhne na ccuach tte

na creachbhuidhne ó bhruach Búille.


9 D’éis Taidhg Bhuidhe do bhuain de

is sé trá a ttús a aoise,

an bheochnú ar n-a crádh d’íbh Cuinn

tár a fheolchrú nír fhuluing.


10 Tug ann sin ar sén uaire

d’fhóiridhin a anbhuaine

ruaga leabhra do chrú Chuinn

Ó hEadhra an chnú ós chrobhuing.


11 D’eagla Í Eadhra na n-arm nocht

an uairsi a n-íochdar Connacht

ní bhíodh creach achd creach fa choill

’s ní bhíodh each acht ’n-a hughoim.


12 Ní bhíodh colg acht ar colbha,

ní bhíodh fós fiu an énomhna

tiar tre chliathghaoith cláir na bhFionn

gan láimh triathlaoich ’n-a thimchioll.


13 Ní bhíodh mér achd mér ar sleidh,

rú bhíodh ard gan fhear bhfeithimh

thiar do sgáth a ghníomh ngoile

’s ní bhíodh áth gan fhoroire.


14 Ní bhíodh lúireach achd lán d’fhuil,

ní bhíodh bearn acht bearn ghábhaidh,

is ní bhíodh teach acht teach nocht,

creach ní bhíodh acht dá bhárdocht.


15 Treall dó mar so ag biathadh badhbh,

agus ag corcradh catharm,

’s ag síorchogadh fa sógh fhliuch,

’s ag ól fhíorthobar n-uaignioch.


16 Do bhean Cormac - céim sochair -

as láimh shíl Chuinn Chédchathaigh

- cóir a chor a ccuimhne dhi -

Luighne ar an ccor ad-chluinti.


17 Críoch Luighne na linntiodh ngeal

nó gur chosain ar éigean

fleasg Lí nír chagoil a chorp;

dí do adoimh a annsocht.


18 Dámadh baoghlach dá bharr nocht

nírbh iongnadh d’éis a ndubhort

bheith do shíor tuirsioch dá thréd.

do bhíodh coisfhliuch dá ccoimhéd.


19 Dlighidh Luighne na learg bhfionn

tre a ndearna dhí do dhíchioll

guidhe le Cormac Cearmna,

donnshlat muighe mínLeamhna.


20 Dlighimsi féin tar gach fear

guidhe le Cormac cneisgheal,

searc druadhollamh na nduan mbinn,

tre bhfuaramar uadh d’uirrim.


21 Dlighim guidhe le géig Rois

dá dhuais dána tre dhíoghrois

’s rún is fíon damhsa do dháil

is díor an annsa d’admháil.


22 Síol Eadhra nar éar duine

’s iad riamh ó ré an chéadduine

- ní dóigh achd as deimhin linn -

’n-a róimh einigh a nÉirinn.


23 Cormac mhac Céin cleath Eachtgha

ag ionghaire a oighreachta,

re a dheabhaidh do ba díor sgáth,

do bhíodh ’n-a dheaghaidh deargáth.


24 Cnuas a láimhe a láthair gliadh,

Mág Aonghusa na n-óirsgiath,

nír shaor ceann Bladhma ar an mbás;

do dhearg a arm ar éachtáth.


25 Mac Í Ruairc nar char conách,

Conn a n-uaidh ’n-a aonarán

ní beag do chrádh tinn mar tá

lámh nachar fhill ó eachtáth.


26 Nír char eachradha ná ór,

Peadar do fhuilngeadh annró,

ná cuach ailtgheal go bhfuair bás,

ní fhuair flaitheas le fuarfháth.