Poem in printable PDF format
Féach, a Chríosd, ar chrích Luighne
[McKenna, L.: The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 1]
1 Féch, a Chríosd, ar crích Luighni;
tabhair, feadh ar bhfíordhoilghe,
fonn claghshocair len cóir báidh,
hóigh dá hanocair d’eadráin.
2 Ní léir re hathaidh d’aimsir
ó chuing dhocraigh dhoghaillsigh
críoch mhearaighthe as chomhdhonn cruth,
gealaighthe a gormfhonn [ . . . ].
3 Ó ghuin thaoibh Thaidhg Í Eadhra
ní faicthear fiu móirtheadhma,
treabh bláith na rianfhaichthe réidh,
mun ráith siabhairthe soiléir.
4 A sleasa ar n-a snoighe dhíobh,
ceatha goimheamhla gairbhshíon,
a tír go héagcrothaibh uadh
ón hsín ghéagshrothaigh ghoirmfhuar.
5 Tug ar anchruth re hathaidh
a cruth féin - fáth [neimh]thachair -
ler fhear taobhghuin Taidhg Bhuidhe,
rom cailg d’fhaobhraibh eolchuire.
6 Ón ló far loiteadh a chneas
tarla an chúis ro chailg m’áineas,
tír fan goimheamhla gleo srebh,
ceo doimheanma dá dídean.
7 Dé tánuig ciorbhadh a chnis
dá hionnramh - adhbhar doilghis -
aitreabh fhuar chlogfhuarliuch Céin
ar sluagh n-uruaibhreach n-aigmhéil.
8 Ní harguin eaguilsi naoimh
ná lot draoitheadh dréacht n-athchaoin
do rad cróluidhe a cean sin
acht nóghuine fhear n-adhbhair.
9 Ní abair lucht foghla féin
ainghníomh do thuillfeadh toibhéim,
gnúis bheandghlan fan buan doighir,
go ndearnadh uadh d’athoighidh.
10 Acht a-mháin nach [maithtear leis]
a chóir féin - fachain doilgheis -
d’uamhan re ciorbhadh a chuirp,
nuaghal na n-iorghal d’adhaint.
11 Doirt ar Tadhg, a mheic Mhuire,
braon grás d’fhearthain t’ionmhuine;
mó as róimhithidh, a ghruaidh ghil,
uaibh d’fhóirithin a éigin.
12 Do chleacht an bhaintreabhthach bhocht
- córuide a héigion d’fhurtocht -
fonn síothbhán fan téichtmhín tráigh
fíorchrádh tar éintír d’fhagháil.
13 [Ru sin] a rinn a ratha
triar d’adhbharaibh ardfhlatha
d’fhine Céin ón chríchsin Tháil,
céim do ísligh a hanáir.
14 Do saoileadh san nduine díobh
- díol tíre d’adhbhar airdríogh,
tar mhaol céidrinn a conáigh,
taom dob éigrinn d’iongabháil.
15 Tadhg Buidhe, Brian Ó hEadhra,
Domhnall dusgadh móirmheanma,
drong armamhail nar iar shíodh
an triar d’adhbharuibh airdríogh.
16 Ní fhuil éinchéim acu sin
ó ghuin Taidhg na ttreas bhfrithir
ar cuimhne ag caomhmaicne Cuinn,
saoraicme as duilghe doghruinn.
17 Má mheasaid cách deoigh a ndeoigh
díoth a ccarad - cúis mhóirleoin -
a ló chuimhne ar na cenuibh
mó as duilghe na déigheanuigh.
18 Tug, a Chríosd, [go] nuaidhe a-niodh
Tadhg Buidhe, buaidhreadh cuibhdhean,
- eirg dhúinn a chéidghin chinidh -
húidh dá éigean d’fhóiridhin.
19 Ós díot táinig cabhair cháigh
deacra Í cCéin na gcrécht n-anbháil
saor, a Choimdhe rom chruthuigh,
a chraobh as choimhdhe ar ciontachaibh.
20 Beithir arduighthe a fhine,
is leagadh fear n-oirbhire,
dearc ríomhálla do thúir tol,
fíornámha rúin na [ . . . ].