firstLine"; ?>

920. Feach fein an obairsi, a Aodh $
Length: long
Certainty: 4
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. TCD 1381 (H.5.9) Toird. O’Reilly 1684
Prints:
  1. transl. Gwynn, Eriu ix, 2
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. attractions for women
  3. patron as poet’s spouse or lover
  4. poet blessing patron
  5. druidic attributes of poets
  6. mythical allusions
  7. fairies mentioned
  8. forbidden love
  9. sas - trapping birds
Poet Surnames:
  1. O hUiginn ? - see Carney, SILH, 260]
Patron Christian Names:
  1. Aodh &
  2. Tomas [Laidir]
Patron Surnames:
  1. Costello
  2. O Ruairc &
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Féach féin an obair-se, a Aodh


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha, no. 41]


1 Féach féin an obair-se, a Aodh,

a mhic Bhriain, a bhláth fionnchraobh,

a ghéag amhra is uaisle d’fhás,

san uair-se tharla ar Thomás.


2 Luathaigh ort, ainic mise,

má tá tú ler dtairise;

ag so síodhruire bruaigh Bhreagh

uaibh dom fhíorghuidhe ós íseal.


3 A mhic Bhriain, a bhrath mh’éigse,

más díth leat mo leithéid-se

dom chabhair, a chaomhshlat ghráidh,

labhair le saormhac Siúrtáin.


4 Innis dó, re gcur ’na cheann,

nách mór dhaoibh, d’éigsibh Éireann,

mar ghné sheise ó chraoibh Charadh

meise dhaoibh do dheónaghadh.


5 Ar mo thí an tan-sa ó tharla

mealltóir an uird ealadhna,

bíodh go ngeallfadh sé mar soin,

nách meallfadh mé ná measaidh.


6 Dá meastá, ní meastar liom,

gadaighe fhileadh Éireann,

béidleómhan do thuair mo thoil,

nách éigneóbhadh uaim mh’aontaidh.


7 Dá mealltaoi ar aoi n-annsa

na háith, a Aodh, oramsa

le brath soibheart cuaine Cuinn,

toidheacht uaidhe ní fhéadaim.


8 Minic tig ar thí ar mbréagtha

Tomás i dtlacht uaithbhéalta,

do cheilt ar saoireachtra sunn,

i mbeirt dhraoidheachta im dhóchum.


9 Minic tig athaidh oile

rem ais d’eitill sheabhcaidhe

i measg cáigh d’fhuadach mh’annsa

’na ghruagach cháidh chugamsa.


10 Mar mhnaoi tháidhe i dtuighin fir

minic tig sé dár soighin

le briocht druadh, le diamhair ndán,

dom iarraidh uam ar éaládh.


11 Tig i ndeilbh dhaonna dhuine,

tig fós i bhfoirm síodhaighe,

tig uair i n-ionnas taidhbhse;

cionnas uaidh do anfainn-se?


12 I gcéin ar chogadh clann Néill

gluaistear leis, cuid dom chaithréim;

sínidh ar óigh dhearbhtha dhe

i ndóigh go meallfa mise.


13 It éagosg-sa, a Aodh Uí Ruairc,

minic tig sunn ar saorchuairt,

draig ciúntláith ór doilghe dol,

oighre Siúrtáin dár siabhradh.


14 Tig dá theacht ’na Thomás féin

mo chur seocham ar saoibhchéill,

nó gur sguch mh’annsa dhá halt;

damhsa ní guth a ghluasacht.


15 Muna bhfuil intleacht éigin

agaibh d’fhurtacfht mh’fhoiréigin,

a sheise, a sheangadh ar ngráidh,

do mealladh meise, a mhacáimh.


16 M’iomlat eadraib níor fhéad sinn:

do shearc-sa, a Aodh, im intinn

ar aoi gur hiarnadh ’na shás,

dom shiabhradh a-taoi, a Thomás.


17 Da mbeith sochar ruibh a rádh,

coisg dhínn, a dheighmhic Siúrtáin,

a rún cháigh gan chlaon n-irse,

ná cráidh Aodh fám aithghin-se.


18 A Thomáis, a thocht meanmnach,

a bhráighe ghill Ghoisdealbhach,

sguir dhín, ní fheallabh ar mh’fhior,

sín ar mhealladh na maighdean.


19 Ní hionann mé is mná málla

mhealltaoi, a óig andána;

mo shiabhradh ni dáigh dhuibhse,

a ghrianghal sháimh shamhraidh-se.


20 Ná creid cách, ní meirdreach mé;

óg fuaras fios mo chéile;

fada ó tharla Aodh ormsa;

th’fhabhra ná claon chugamsa.


21 Bhar bhfé fia ní feirrde dhuit,

aithnim thú d’aimhdheóin h’iomlait;

a bhradaire, ná mill mé;

fill, a ghadaighe an gháire.


22 Cosg th’álghais uaim ní bhfuighe,

a bhraidín, a bhréagaire;

let uaisle ná mearaigh mé;

buail-se um cheanaibh gach críche.


23 A shaoirmhic Shiúrtáin bhuidhe,

a bhláth coilleadh cumhraidhe,

ar ghol, ar chrodh ná ar choimse

dol ó Aodh ní fhéadaim-se.


24 Ar n-aonta ó nách uair tusa,

crom ar do cheird dúthchasa;

móraigh brígh an Chraoi-se Cuinn,

a Naoise ó nÍr ar fhoghlaim.


25 A Mhannnáin múir Logha,

a Aonghais an fhionnBhrogha,

a Shioghmhaill na gceard gcuimse,

a Fhionnbhairr chealg gcogair-se.


26 A eagna Chormaic uí Chuinn,

a fháithchiall oighre Cumhaill,

a sheinm cor, a cheard Guaire,

a Fhearg Con na Craobhruaidhe.


27 A thuairgnidh coitcheann catha,

a mhéadaightheóir mórratha,

a linn na n-uile n-ana,

a chinn uidhe an eangnamha.


28 A chrann seasmhach seóil troide,

a rún díobhaidh dochraide,

a bhrúcht buinne, a bheadhg nimhe,

a fhearg tuinne tairpighe.


29 A theanchair ghríosaighe an ghráidh,

a ghlór le mbréagthar bandáil,

a phost gáidh cagaidh d’íbh Cuinn,

má táim agaibh, ní admhaim.


30 A Thomáis, d’aithle mh’ionnlaigh,

a chuingidh chrú Choisdealbhaigh,

atá ar gcridhe dhá rádh rinn,

do ghrádh d’ibhe, dhá n-ibhinn.


31 Mo bheannacht leat óm lántoil,

a dheaghua dil Dubháltaigh;

a bhúidh bharrghloin, ná bréag mé,

ná damnaigh d’éad ar nAoidhne.


32 Sgarthain libh gidh tuar tuirse,

ag so Aodh dom fhéachin-se;

luathaigh thoram [truagh an airc!]

mo-nuar, oram ná hamhairc.