Poem in printable PDF format
Féach orm, a fhir
na laoidhe
[McKenna, L.
Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society, vols 20, 21,
1918); poem 22]
Fearfeasa Ó an
Cháinte cct.
1 Féach orm a
fhir na laoidhe
fogus duit díol
t’fhar-aoire
tig nimh gach
chatha ré chois
ní racha libh ar
labhrais.
2 Faiceam thú tar
do láthair
sgaoil do bholg
fhis iongnáthaigh
bí it fhuibhdhidh
ná tréig do theas
séid fa
fhuighlibh na n-éigeas.
3 Labhair ní
éigin uait féin
a linntibh
íochtair th’aigéin
ar chreich ar
chomha nó ar chath
gan a chora i
leith Lughdhach.
4 Bréagnuigh do
bhriathraibh doimhne
síorruigheacht ar
sochair-ne
gach ní as a
dtigtir lét thoil
’s ní as na
litribh do láthair.
5 Muna bhfuil
ughdar agaibh
rét urlabhra
n-anabaigh
buain dá hoil is
diombhail duit
ní fhoil ionnaibh
acht óinmhid.
6 Ar fhuighlis dá
n-admha sibh
má tá sé
d’acfuinn ionnaibh
chruaidh th-eagna
adhain do ghoimh
tabhair fhreagra
ar mo fhriotail.
7 Créad fár
aorais gan fhátha
an file áith
iongnátha
fan roinn
chéillidh do chruthadh
fa chloinn Éibhir
d’ardachadh.
8 Níorbh fhatha
imdheargtha dhaoibh
ar labhair sé ar
chloinn Chonmhaoil
’sé ré chighsiom
ar Chró nAirt
mó ar dhlighseam
ná a ndubhairt.
9 Atáid litre ó
lámhaibh naomh
atáid laoidhthe
luach ro-dhaor
mar fhiadhna
leath ar leath lais
agus diamhra
sreath seanchais.
10 Le bréig dá
mbréagnuighthe sinn
deacraide
aithcheo m’fhuighill
do chiú na rolla
’s an roinn
aniú io-morra gan
mear-bhall.
11 Ós aniú as
ísle a dtionóil
clann Chonmhaoil
clann Éireamhóin
aniú féin
féaghthar na fir
léaghthar gach
céim dá gcéimibh.
12 A fhir
dhealbhtha an dréachta bhuig
do Thadhg fós
niat fear comhraig
mairg dot
shamhail do shir cath
is nach faghair
sibh seasmhach.
13 Ní hionann is
th’oige féin
gé thug tú ar
Thadhg toibhéim
ra ghréas laoidhe
ar ar luigh san
ní fhuil maoile
ná mearbhal.
14 Ní fhuil
aoin-tslighe ndiamhair
air san éigse
il-rianaigh
sé na rómh-oide
is na shruth
córaide gan é
d’ionnlach.
15 Fán bhfreagra
nár thaithin ruinn
ní thiubhradh
aoin-neach againn
le fuath ná le
foiléim goimh
toibhéim ar luach
do Lughaidh.
16 Dá mbeimís gan
bheith láin-dil
ní léamhthaoi a
los iomcháinidh
fa labhairt re
cineadh Chuinn
adhaint an
fhileadh eadruinn.
17 D’iarraidh
anma nach ainm duit
do ghluais tusa
toisg aimh-ghlic
d’fhior th’oige
gér leasg labhra
i measg n-oide
n-ealadhna.
18 Mar dhearbhadh
bhfhorbhtha ar a bhfios
dá ndearndaois
oididh aignios
clú aighnis do
chreic i gcéin
ar ainbhis deit
na dhéidh-séin.
19 Níor chóir do
thoghadh re Tadhg
acht fear gabhtha
grádh ro-ard
tar doirr troide
ná tairche
ni cuing oide
iomairche.
20 Béasgnadha
tuinighthe Taidhg
ná gluaisidh trá
dá dtiomairg
cuimilt riú mar
mhairneas mé
ní fiú
th’aighneas ná th’éigse.
21 Dá ndearná
aighneas gan aoir
ní tairgfidhe do
thathaoir
le buain d’fhoirm
aighnis gan aird
do thairngis
oirbh an iomairg.
22 Do ghéabhthair
sonn seasamh rut
i gceardaibh fis
na bhfealmac
reacaim ruibh
gomadh searbh sionn
do dhealbh ge
cuin do chíchsiom.
23 Am fealmac-sa
trá do Thadhg
géabhad orsain
don iomarg
mar tharraing
gidh tais domh-sa
gabhaim re hais
th’orrach-sa.
24 I ndoimhneas
seanchais na sean
i n-iomarbháigh
na n-éigseadh
ná ins na
sochraibh thuaidh is theas
ba suaill um
fhochraibh th’aighneas.
25 Dá dhearbhadh
nach abaidh taoi
’s nach fuil tú
acht it fhás aon-laoi
ciall t’oibre
níor earmais neach
ní dhearnais
t’oigdhe d’inneach.
26 Féach gur
suidhigheadh sonn na
cath nach
claoifidís céadtha
teacht ar cheann
t’fhoilighthe inn
do b’fhearr
oilithre a hÉirinn.
27 Dul na
gcinnsioll níor chóir deit
raoin uaigneacha
an iúil deireit
léig do na
saoidhibh a súr
ná séid aoibhil
gan fhadúdh.
28 Bíodh gurb
ionmhuin leat Lughaidh
ná gabh ort
feidhm ndochumhail
dá thairsin ná
cuir do chois
i muir aibhsigh
an iomuis.
29 Bí mithis i
measg sgoile
idir an aos
eagnuidhe
deilbh oige ní
hobair dhuit
lodair go t-oide
a fhocluic.
30 Re
bréagnughadh na mbalg bhfis
a bhfuil uaibh i
n-ainm oidis
d’éis ar
luaidhsead a los truim
a bhfos fuairsead
a bhfoghluim.
31 Níor
cheanglais críoch do chomhráidh
ní fhuil feidhm
ar th’iomarbhaigh
dom fhreagra trá
na toirche
a-tá th’eagna
neamh-fhoirfe. FÉACH ORM.