firstLine"; ?>

922. Feach orm a inghean Eoghain $
Length: middling 27qq
Certainty: 0
Classes:
  1. eulogy wp
  2. love poem
Manuscripts:
  1. TCD 1391 (H.5.19) ? 18th c.
  2. RIA 490(23/N/15)MmcPUiLongain 1740-
  3. RIA 985(23/H/39) 18th -19th c.
  4. Mayn. C 74 (c) James Scanlon 1788
  5. RIA 1074 (24/P/29) T. MaGuidhir 1789
Prints:
  1. transl. Brooke’s Reliques (1970 ed.), 304-6
Motifs:
  1. eulogy of personal appearance
  2. brevity of life
  3. legal terminology (andlighreidh)
  4. illness?
  5. companach
  6. Pains of love
Poet Christian Names:
  1. ‘M’ (TCD 1391, RIA 490)
Poet Surnames:
  1. O Gearain (OGiaran vel OCiarain RIA985
Patron Christian Names:
  1. inghean Eoghain
Patron Surnames:
  1. Cname only
Apologue Subclasses:
  1. Narcissus in love with own reflection
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Féach orm, a inghean Eoghain


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha, no. 16]


Ó Géaráin


1 Féach orm, a inghean Eóghain;

mé ón éag-sa aithbheódhaigh,

cidh ní is doidhéanta dhíbh sin,

a roiréalta shídh shoilbhir.


2 Ná bí mar chách im choinne,

féach dár-íribh orainne,

[ní hé gurb infhéachta ar ndreach]

a bhé chinéalta chráibhtheach.


3 Is fada an tréimhse a-tú sonn,

gan aire ag aonmhnaoi oram;

a mhian slóigh bhastanta Bhreagh

fóir mh’easbadha is mh’éigean.


4 Muna bhfóirthear led dhreich nduinn

gach anbhuain dá bhfuil orainn

dul fá chriaidh is críoch dom cheas;

ní frioth ó liaigh mo leigheas.


5 Córaide leigheas mo luit,

do thréigeas gach ógh ordhraic

ort, gér bh’fhoiréadmhar le cách,

a fholt foighéagach fionnbhláth.


6 Díbhse bhós, a bhriathar nár,

do radas toil is tromghrádh,

gér chúis anbhuaine a dháil duit,

a bhanGhuaire Chláir Chormaic.


7 Coimhéad mo chroidhe le a chois

tug mé dhuitse le díoghrais;

’s an uair do b’fhéidir a dháil

uaibh níor bh’fhéidir a fhagháil.


8 Is mar sin fós, tar gach fear,

[ní hiongnadh mé dá mhaoidheamh]

ag cur do clú tar sál soir

a-tú, is fá Chlár Chobhthaigh.


9 Do léigeamar a-rís ruibh

tar ógmhnáibh Inse Tuathail

rún nár nochtamar do neach,

a chúl foltramhar fáinneach.


10 A los ina ndearna dhuid

fóirthear ribh tráth mo threabhlaid;

’s í uair an éigeantais so,

a stuaigh ghéiggealtais ghrianda.


11 Cuir arís le tromghrádh te

do lámha i gcoinne a chéile,

a chraobh fhionn-sa ara gnáth gean,

’na bhfonnsa tráth im thimcheal.


12 Le póig badh milse ná mil

sín chugam i n-áit uaignigh,

a chiabh fhionnfholtach éan gcruinn,

an béal bionnfhoclach balsaim.


13 Tabhair arís led bhais bháin

fásgadh docht ar mo dheasláimh;

fág rian do ghlainmheóir im ghlaic

dom aimhdheóin, a fhial ordhraic.


14 Do rosg chomh réidh re gluine

tógaibh gan fhios d’aonduine,

a chúl réidh tioghchladhach trom,

’s féagh go friochnamhach oram.


15 Do bheith mar sin badh bádhach,

is bheith soilbhir soghrádhach,

fán toirmisgthe tráth ar ndoigh;

soibhriste snáth ar saoghail.


16 Ós bás do-gheabhad go grod,

so amháin a n-iarraim orad, -

[tú féin ag an éag badh crádh]

ná féag do sgéimh id sgáthán.


17 Sul mhealla sé sinn ar-raon,

ná féach ar an bhfolt bhfionnchlaon;

lugha sgéal duine ná dís,

a ghluine mar néimh nuaighrís.


18 Mar sin fós, is cian ro clos,

sgéal neamhghnáth ar Narcissus,

an fear ba sgiamhaighe sgéimh,

fiadhaidhe na bhfeadh bhfoiltréidh.


19 Ar ngabháil dó [dia do bhail]

lá éigin le taobh tobair,

do dhearc san tsruth nár shearbh sreabh

a chruth, a dhealbh, ’s a dhéineamh.


20 Tug sé grádh fíochmhar folaigh

go baothchroidheach banamhail

dá ghnúis fhinnmhíolla féin,

gur chúis dimbríogha doiséin.


21 Ná mealltar sibhse mar sin, -

ort féin go fírghlic foiligh,

a fhionnfholtach is séimh socht,

do sgéimh iongantach éadrocht.


22 Do dhá chích comhbhán re laogh,

foiligh iad, a bhas bharrchaol,

’s an dearc úr mharbhrosgach mhall

’s an cúl gaibhleasgach géagcham.


23 Foiligh fós an béal mar shuibh,

’s an dá ghruaidh mar ghréin tsamhraidh,

barr na gcraobh bhfíthe bhfeactha,

’s an taobh síthe soineanta.


24 Choidhche arís ná féach orra,

glaca míne méarchorra,

troigh ghealmhálla is trácht buinn,

sál is seangmhálla séaghainn.


25 Muna dtí dot áilleacht féin

do bhuaidhreadh, a gheal ghnúisréidh,

do chách ní sobhuainte ruibh,

dobhuailte gach áth oraibh.


26 Dá mealltá re silleadh súl

fir Éireann, a chiabh chladhúr,

mo-nuar! ní soimheallta sibh,

a stuagh shoineanta shoilbhir.


27 Usaide dhíbh, a dhreach nár,

goid mo chroidhe óm cheartlár,

ón ngoid cidh gearrshaoghlach mé,

neamhbaoghlach doid a ndlighe.


28 A-tá an tuath go léir ruibh;

’s dá mbeadh aonduine it aghaidh,

ní duit nách compánach cill,

a chruit tiompánach théidhbhinn.


29 Tug uait aiseag mo chridhe,

a ghnúis álainn ainglidhe,

a ré fhíornár ghorm mar ghloin,

is orm re fíorghrádh féachaidh!