Poem in printable PDF format
Feadha an oghaim
aithnidh damh
[R. A. Breatnach,
‘A poem on rime in scholastic verse’, Éigse 3, 36-51]
1 Feadha an
oghaim aithnidh damh,
cuibhdhiughadh a
chonnsuineadh
’s a
n-iolchomhardaidh re col
i gceangal na
gcomhfhocal .
2 Gach connsuine
is treise dhíbh,
gach connsuine
leagas brígh,
is gach fiodh
bhriseas male
is chuibhdhigheas
re chéile.
3 Beithe agus
duir agus gort,
a gcomhardadh is
comhnort ;
beithe bogtha is
tinne is coll
triúr eile tig go
comhthrom.
4 Luis teann,
ruis teann is nion teann,
muin lom is
ngeadal, dóigh leam,
chúig fheadha sin
is glan nglóir
a gcomhardadh is
comhchóir.
5 I gcomhardadh
ní cóir soil
gan shoil eile
’na haghaidh ;
coll go n-uath,
tinne go n-uath,
[fearn] ’na
n-aghaidh sin is dual.
6 Beithe
séimhidhe nách lom,
luis éadrom is
nion éadrom,
duir go n-uath,
ruis gan teinne,
gort go n-uath,
muin séimhidhe,
7 Seacht
gconnsuine eile sin
- éadrom
teagmhaid i bhfoclaibh -
ón cóir
uaithneadha reanna,
is comhardaidh
choimhtheaana.
8 Soil beithe,
soil duir, soil gort,
re chéile ní
dhéanaid locht ;
soil luis, soil
nion, is soil muin,
soil ruis, dream
eile is cubhaidh.
9 Nochan
fhreagair coll go n-uath
re taoibh soile,
is duir go n-uath,
ná tinne go
n-uath male
ar soil ’gá gcur
i dteinne.
10 Muin is nion
is [luis] male
ruis is beithe
séimhidhe,
is gort go n-uath
mbrígh thruim,
is muin séimhidhe
séaghuinn.
11 Gach fiodh
díobh, acht duir go n-uath,
i n-asgail soile
re luadh,
freagraidh coll
go n-uath male
i n-asgail soile
eile.
12 Leagaidh soil
chúig fheadha dhe :
[duir], diur go
n-uath, gort, [beithe] ;
tinne go n-uath
soil go snas
[’na] tinne i
n-aoinfhiodh [bhogas].
13 Tinne do dhuir
do-ní soil
an uair tig sí
’na deaghaidh ;
do-ní i
ndeaghaidh guirt coll de,
agus soil peith
don bheithe.
14 Duir do thinne
tig ’na diaidh
nocha lugha do-ní
riamh :
bogadh roimpe
do-ní soil
is cruadhughadh
’na deaghaidh.
15 Cumas
cumhachta soile
ar feadhaibh go
bhfíorghlaine -
atá tuilleadh
[díobh] anois
agam re rádh ’na
n-éagmhais.
16 Beithe
séimhidhe in gach uair
teagaimh re taobh
mbeithe chruaidh,
leagaidh an fiodh
éadrom de,
díobh go ndéanann
aoin-bheithe.
17 Beithe bogtha
is beithe teann
gach uair
teagmhaid ceann i gceann,
beithe lom ag
leagadh de
do bhrígh na
peithe [buige].
18 Gach uair tig
beithe i ndiadh muin
taobh re taoibh i
[gcomh]fhoclaibh,
muin beithe ag
leagadh go lom,
aon-mhuin díobh
[nó] go ndéanann.
19 An duir i
ndiadh coll go n-uath
téid i mbrígh
tinne go luath;
. . . . .
. . . . .
20 Freagraid i
ndiaidh luis male
beithe bogtha,
coll [is] tinne:
i ndiadh ruis is
i ndiaidh nion
an dream céadna
a[g] cuibhdhiughadh.
21 Gach uair
teagaimh noin re [duir]
taobh re taobh i
gcomhfhoclaibh,
báittear duir don
dara fiodh,
díobh [nó] go
ndéanann aoin-nion.
22 Gort agus coll
- cuimhin leam -
gach uair
teagmhaid ceann i gceann,
an gort ag
leagadh go lom,
díobh [nó] go
ndeánann aon-choll.
23 Gach uair
teagmhaid luis re duir
taobh re taoibh i
[gcomh]fhocliabh,
an duir ag
leagadh go lom,
aon-luis díobh nó
go ndéanann.
24 Ngeadal ré
ngort - cumhan leam -
gach uair
teagmhaid ceann i gceann,
an gort ag
leagadh go lom,
brígh ngeadail
díobh go ndéanann.
25 Duir go n-uath
duir theann,
gach uair
teagmhaid ceann i gceann,
an t-uath i
mbáthadh ag dul,
díobh [nó] go
ndéanann aon-duir.
26 Tinne go
n-uath [is] tinne theann,
gach uair
teagmhaid ceann i gceann,
leagaidh tinne go
n-uath de,
díobh go ndéanann
aoin-tinne.
27 Muin séimhidhe
agus muin teann,
gach uair
teagmhaid ceann i gceann,
leagaidh muin
séimhidhe iar soin,
díobh [nó] go
ndéanann aon-mhuin.
28 Gort go n-uath
agus gort teann,
gach uair
teagmhaid ceann i gceann,
leagaidh gort go
n-uath ré a ucht,
díobh [nó] go
ndéanann aon-ghort.
29 Coll go n-uath
- re teacht ’na gceann -
nocha leagann ré
gcoll teann;
leagaidh gach
uath ar fhiodh ghlan
acht coll go
n-uath ’na aonar.
30 Gach dá fhiodh
ionann ann
do chonnsuinibh
’san ogham,
aoin-fhiodh do-ní
dhíobh male
iar dteacht i
gceann a chéile.
31 Freagraid ruis
teann agus duir
an leath-so don
chomhardadh,
is nion éadrom
agus gort
don leath oile go
comhnort.
32 Gach uair
teagaimh ré mbeithe
an muin soluis
séimhidhe,
aon-mhuin do-ní
dhíobh iar soin
i meadhón i
gcomhfhoclaibh .
33 Tig uath ar
thinne - is dóigh de -
i ndiaidh muin, i
ndiaidh beithe,
i ndiaidh . . . .
is i ndiaidh cuill,
is ruise, is
ngeadail shéaghuinn.
34 Tig i
gcomhfhoclaibh male
i ndiadh gacha
guthaidhe
. . . . .
. . . . .
35 Nochan fhuil
aoin-fhiodh eile
i gcomhfoclaibh
céillidhe,
ná cuireann
uath[adh] ar [choll]
acht gort nó coll
go comthrom.
36 Ní fhuil fiodh
ná déanann fearn
don bheithe
bhogtha acht muin teann,
i gcomhfhoclaibh
- is dóigh de -
acht beithe
bogtha is beithe.
37 Nochan fhuil
acht muin is fearn
nó beithe bogtha
is dóigh leam,
fiodh ná déanann
séimh iar soin
don bheithe isna
comhfhoclaibh.
38 Nochan fhuil
acht tinne is luis
is soil is nion -
rádh forais -
fiodh ná cuireann
uath ar duir
mar theagmhaid i
gcomhfhoclaibh.
39 Ní fhuil
d’fheadhaibh oghaim ghlain,
acht gort eile i
gcomhfhoclaibh,
[fiodh] ná
cuireann uath ar gort,
acht ngeadal nó
coll comhnort.
40 Dá fhiodh is .
. . . . . . . linn,
d’fheadhaibh an
oghaim aoibhinn:
leagaidh fearn is
leagaidh soil
i gcomhrac na
gcomhfhocal.
41 Tinne go
n-uath gan lochta
i ndiaidh an
bheithe bhogtha;
re tinne eile is
cóir ruis,
nó nion riséin,
nó saor-luis.
42 Muin is ruis
nó luis gan locht
i ndiaidh soil
duir nó [soil] gort,
nó i ndaiadh soil
beithe male,
freagraidh an
tsoil gort eile.
43 Soil beithe,
[soil] gort, soil duir,
gibé dhíobh tig
nion deaghaidh (?)
nó muin, ruis nó
luis male
ní mhill sin an
dá fhiodh eile.
44 Gidh maith
soil gort nó [soil] duir
nó soil beithe
’na n-aghaidh,
acht gibé leath i
raibh de,
millfidh coll,
millfidh tinne.
45 Beithe bogtha
gach uair tig
re tinne go
n-uath roighlic,
freagraidh ruis
nó co[ll] male,
nó nion i
n-osgail tinne.
46 Gach uair tig
re taobh tinne
coll go n-uath is
dóigh linne,
freagraidh nion
nó . . . . male
nó ruis re taobh
tinne eile.
47 Gort is duir
don dara taoibh
- is ceist ar
duine acht ar shaoidh -
cóir ’na
n-aghaidh duir is muin,
ní is ionganta do
cheangal.
48 . . . .
. . . . .
. . . . .
. . . . .
49 . . . .
. . . . .
50 Dá chonnsuine
ní cóir sin
aon-chonnsuine
’na n-aighidh
is brisde sin is
dóigh linn
’san dán díreach
mar fhuighlim.
51 Dá Ruis agus
gort go n-uath,
is duir nó beithe
- creid uam -
cóir ’na
n-aghaidh-sin male
aon-ruis re taobh
duir eile.
52 Muna dtig
fiodh garbh nó mín
ar gualainn gach
fheadha dhíbh
ní fhreagair
fiodh teann díbh sin
[is] fiodh éadrom
’na n-aighhidh.
53 Gibé do
leanfadh air sin,
a gclaoin is a
mbrisde i nduanaibh,
tearc doná[ch]
cobhair cheana
’sa leath-so
ghabhaid feadha.