firstLine"; ?>

926. Fearann cloidhimh crioch Bhanba $
Length: very long 70qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. TCD 1440(F.4.13)Seanch. na mBurcach
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. RIA 2(23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  4. NLS Adv. 72/1/44 17th cent.
  5. TCD1382(H.5.10)S.OSuilleamhain1703
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 17 Galw. Arch.Jn.xiv,
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. imagery for patron
  3. nobility of patron’s ancestry
  4. caithreim, list of triumphs
  5. cooperation btn Anglo-Irish and Irish
  6. symptoms of law and order
  7. list of subject territories
  8. spend & defend, Caitheamh & cosnamh
  9. legal terminology
  10. historical allusions
Poet Christian Names:
  1. Conchobhar (TCD 1360)
  2. Tadhg Dall (BOCD, RIA 2, Adv 72/1/44)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
  2. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Seaan mac Oilbhearuis mhic Sheaain
Patron Surnames:
  1. a Burc [McWm Burke of Mayo] d. 1580
Apologue Subclasses:
  1. Successive invasions of Ireland
  2. Seanchas na mBurcach: Battle of Ashes
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fearann cloidhimh críoch Bhanbha


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 17]


1 Fearann cloidhimh críoch Bhanbha,

bíoth slán cháich fá chomhardha

go bhfuil d’oighreacht ar Fhiadh bhFáil

acht foirneart gliadh dá gabháil.


2 Ní fhuil cóir uirre ag aoinfhear -

críoch shuaitheanta sheanGhaoidheal,

bheith fa neart an té is treise -

is é ceart na críchese.


3 Ní fhágaibh athair ag mac

Inis Fódla na bhfionnshlat;

sí le héigean go n-aghar

ní héidear í d’átaghadh.


4 Ní fhuil do cheart ar chrích bhFáil

ag ­Macaibh Míleadh Easbáin,

’s ní bhí ag gach gabháil dár gheabh,

acht sí d’fhagháil ar éigean.


5 Ar éigean bhós do beanadh

Magh Fáil na bhfeadh ngéigleabhar -

síol is cathardha dár chin -

do shíol nathardha Neimhidh.


6 Ar éigean do beanadh bhós

d’Fhearaibh Bolg, is é a n-iomthós -

sás ionnarbtha orchra is fhearr -

tolcha ionganta Éireann.


7 Ar éigean fós fríoth an fonn

ó ríoghraidh Tuath Dé Danonn,

díobh ar mboing bhraonmhoighe Breag­h

do Chloinn mhaordhoidhe Mhíleadh.


8 Ar éigean rugadh Fiadh Fáil

ó­ Mhacaibh Míleadh Easbáin;

béas do Tholaigh na dTrí bhFear

nách foghair í acht ar éigean.


9 Má tá gur ghabhsad Gaoidhil

an gcrích bhfairsing bhforbhfaoilidh,

do hathghabhadh í orthaibh,

sí ar n-athraghadh d’eachtronnchaibh.


10 Teaguid tar tuinn teóra cath,

óig na Fraingce, fian Ghréagach,

lucht amhsaine an tíre thoir -

gasraidhe sídhe a Saxaibh.


11 Ronnaid Éire i dtrí treanaibh

Gréagaigh na ngreagh sítheamhail,

fir Shaxan, ríoghradh Fhrangcach,

gasradh fhíorghlan iongantach.


12 Cuid an mheicsin Mhogha Néid

gabhaid na fir a finnGhréig,

’sna Goill ó gharbhShaxain ghil

ar chloinn armarsaidh Éibhir.


13 Ó Luimneach go Leith Cathail -

cuid ronna Chuinn Chéadchathaigh -

gabhaid gasraidh shíl Shéarlais

don tír arsaidh oiléanghlais.


14 Sliocht Séarlais - is siad do ghabh

ó­ Chaisiol go hAird Uladh,

ó­ thá seanTorach taobh thall

go Caol ealtanach Árann.


15 Ó Bhóinn go Luimneach na long -

cia an aoincheathramha d’fhearonn

nách bí innte le a n-aghaidh

ní cinnte ar an gceathramhain?


16 Léigeam seachoinn seal eile,

ar eagla na hoirbhire,

gan bheith re cuma a gcána,

go reich urra a n-eadrána.


17 Gi bé adéaradh gur deóraidh

Búrcaigh na mbeart n-inleóghain -

faghar d’fhuil Ghaoidhil nó Ghoill

nách fuil ’na aoighidh agoinn.


18 Gi bé adeir nách dleaghar dháibh

a gcuid féin d’Éirinn d’fhagháil -

cia san ghurt bhraonnuaidhe bhinn

nách lucht aonuaire d’Éirinn?


19 Gé adeirdís sliocht Ghaoidhil Ghlais

coimhighthe le cloinn Séarlais -

clocha toinighthe bheann mBreagh -

coimhighthe an dream adeireadh.


20 Dul uatha ag Éirinn ní fhuil,

deich mbliadhna ar cheithre chéadaibh

atá an tír thiormarsaidh thais

fa fhionnghasraidh shíl Shéarlais.


21 Is siad féin is uaisle d’fhuil;

iad is fhearr fhuair an dúthaigh;

díobh is doibheanta Bóinn Bhreagh,

oireachta dan cóir creideamh.


22 Ní thiocfa ’s ní tháinig riamh -

an chlann do chin ó Uilliam -

fine ar chumhachtaibh ’na gcruth,

cumhachtaigh Thighe Teamhrach.


23 Ní dheachaidh gort gan ghabháil

díobh soir go Sruth Orthanáin;

neart dá n-uighthe ar fhionnMhagh Fhloinn

níor chuirthe i n-iongnadh agoinn.


24 Díobh táinig an té do ghabh

Lonndain tar lámhaibh Saxan,

ar mbeith dóibh d’oirichil air

’na mbróin roifhrithir reachtmhair.


25 Díobh táinig an té do gheabh

Iarusaléim ar éigean -

ní le rádh uirre is iomdha -

lár na cruinne ceithiordha.


26 Tugsad fós, is feasach linn,

cath ar fhichid fa Éirinn,

do síol Éireamhóin fhuinn Bhreagh

ag buing glémheadhóin Ghaoidheal.


27 Is ré Riocard Mór do mhuidh

cath an Luaithridh, cath Calguigh;

deabhaidh oirdhreic Átha Truim,

coinghleic na rátha ós Fhréamhuinn.


28 Tugadh le Risdeard arís

trí catha oile i n-éinmhís,

d’fhuil chaomhChonuill, do chloinn Néill

croinn a haonchrobhuing iaidséin.


29 Is é an fear céadna do chuir

cath Locha Cuain, cath Beannchuir,

fada is rath tarbha an tachair -

cath Annla for Ultachaibh.


30 Tug cath arís um Ros nGuill,

dár dhíothláthraigh clann Chonuill,

d’Ó Mhaol Doraidh - fa dáil neirt -

láimh re Toraigh an tuaisgeirt.


31 Is é an Risdeardsoin do ronn

Leath Cuinn ’na cladhuibh tórann,

’na corracraibh thall gá thoigh;

Connachtaigh ann is Ultoigh.


32 Ní fríoth dún ná dumha sealg

fan ngein sochair Sior Risdeard

bán do Leith chomhraighnigh Cuinn

fá a dhreich ndonnmhailghigh ndíoghuinn.


33 Leis ó thrácht Bhaile mheic Buain

go trácht Siúire an fhuinn fhionnfhuair;

lais ón tSúir ghrianchladhaigh glais

go Srúibh iartharaigh Iorrais.


34 Fa rí é ar Shionainn ’sar Shiúir,

’sar Chunga na gcuan dtaidhiúir,

ar Mhuaidh ’sar bhailbhshreibh Banna,

’sar fhuair d’aibhnibh eatorra.


35 Do-beirthi an t-éigne ó Eas Ruaidh,

is eó Banna an bhruaich ionnfhuair,

’sa maighre ó chaoilshriobh Chaisil

ar aoinbhior don iarlaisin.


36 Do-beirthi ar éinmhéis d’ór dhearg

cna Seaghsa go Sior Risdeard,

subha cumhra chuain Doire,

is ubhla bhruaigh Bhóroimhe.


37 Ní fríoth samhail roimhe riamh

dá bhráthair sin Sior Uilliam;

do lean d’aithcheanaibh an fhir

fear dob aithreamhail n-aignidh.


38 Do-bearar áireamh ocht gcath

d’Uilliam Óg, airdrí Búrcach,

ar Laighneachaibh, ar Leith Chuinn,

le cleith n-ainbhreathaigh nUmhuill.


39 Cath Life, cath Mhoighe Máil,

ar Laighnibh - lór do mhíobháidh -

cath Lacha hEachaidh d’Ultaibh,

’s ceathair chatha ar Chonnachtaibh.


40 Cath suaithnidh Sléibhe Muire,

cath Eithne san Eanghuile;

cath oirdheirc i nÁth na Ríogh,

ar sgáth oirbheirt an airdríogh.


41 Níor lámh cách cur ’na aghaidh,

iomthús Éamuinn Albanaigh;

ní fhuair do fhreasabhra ris

buain le heasumhla d’aithris.


42 Ar a nós sin, is sé a shuim,

tarla Tomás mhac Éamuinn,

sduagh goirmdhearcach na nglac gcorr -

’sa mhac oirbheartach Éamonn.


43 Riocard mhac Éamuinn eile -

níor dhóigh an draig theinntighe -

níor ghabh umhlocht ó chrú Chuinn,

cnú don lubhghort ó Lunnuinn.


44 Leaba laoigh allaidh nár airg

ní tharla i reimheas Riocaird,

i ndroibhéal ná i nguaillibh gleann,

gur bhuaidhir oiléan Éireann.


45 Tug Riocard - fa ró cumais -

broid Mhidhe, cíos Ceanannais,

fear léar toirneadh Teamhair Chuinn -

i dtoillmheadh d’fhearaibh Umhuill.


46 Comhla thighe ­Teamhrach Breagh

go Loch Measc ar Magh Tuireadh

tug réadla Chláir na gCuradh,

’sna láibh céadna ad-chualabhar.


47 Coire ríogh Mhanann tar mu­ir,

cruit bheannchorr Bheinne hÉadair

le drithlinn Teamhra dá thoigh,

go bhfidhchill Eamhna i nUltoibh.


48 Seal fada ag leanmhain a luirg

do Sheaán Mhór mhac Riocaird,

fa Theagh bhfonnfhuairgheal na bhFionn

ag combuaidhreadh fhear nÉirionn.


49 Eighreacht Sheaáin ar fiadh bhFáil

fuair Oiluéarus mhac Seaáin;

níor chinn mac éanathar air

dár ghlac féarachadh Fionntain.


50 Seaán Búrc mhac Oiluéarus,

fear chaithfeas is choiséanus

moighe cnódhonna chrú gCais,

is tóranna bhrú Bhearnais.


51 Geall a dtáinig roimhe riamh,

ó Oiluéarus go hUilliam,

fuair bláth na habhla a hEamhain;

tarla ar chách a gcinneamhain.


52 Grinneal aigéin gan fhorus,

croidhe ar nách cóir amharus;

sdéad mearghroighe ó mhúr Eamhna,

rún neamhdhoidhe naitheardha.


53 Tiobraid lán i láibh teasa,

méadaightheóir gach maitheasa;

rún nách daingne clacha cuir,

airdhe flatha re foghail.


54 Fuidheall beannacht a bhiodhbhadh,

teagaisgtheóir na dtighearnadh;

brath nuachair do mhoigh Mhidhe,

buachail croidh a choillidhe.


55 Ursa chogaidh chríche Breagh,

doras báis mhaicne Míleadh;

bas mhéirshliom is cruaidhe i gcath,

éinmhionn buaidhe na mBúrcach.


56 Mac Uilliam Búrc, biodhbha an uilc,

sás na ndoibhéas do dhíobuirt;

dá míbhéasaibh maith a lámh,

flaith mar ríghShéasair Rómhán.


57 Ní fhuil mac Gaoidhil na Goill,

ó Aird Uladh go hEacoill,

acht lán dá éanghrádh uile

um Chlár fhéarbhán Úghuine.


58 Ní fhuil foghlaidh ná fear gráidh

ag Seaán mhac mheic Seaáin

’gá bhfuil fáth amharais air

um ráth gcladhsholais gCobhthaigh.


59 Ó aois naoidhean gus anois,

bíodh slán gach éinfhir eólois

go ndearna craobh chaithreach Breagh

taom budh aithreach dá aigneadh.


60 Ní dár íribh nó ar ábhacht,

d’urradhas nó dh’éadánacht,

níor smuain réalta shluaigh Shligigh

budh déanta iar n-uair d’fhaoisidin.


61 Ní dubhairt, ní dubhradh ris,

d’fhiadhnaise fhir an aimhlis -

gruaidh leithgheal ar lí na subh -

ní do cheilfeadh i gcogar.


62 Ní budh ionfholaigh air féin

ní dubhradh re a dhreich soiléir;

’s níor chogail ar chách eile

fáth cogair a choillidhe.


63 Dá dteagmhadh go dtiocfadh d’fhior

bás a dtáinig ’na thimchiol,

ón ló fá dteagar ’na thoigh

ní budh eagal dó a dhíoghoil.


64 Níor barradh faoi ar iarnaibh each,

níor droladh lann ná lúireach -

dearc righeanghlas fan mall muir -

tighearnas ón tann tárraidh.


65 Gan drud ar longphort re a linn,

gan ghluasacht airm dá aidhlinn;

gan omhan ar neach fa nimh,

gan robhadh creach do chluinsin.


66 Gan sgéala d’fhiarfaighidh d’fhior,

gan dul ar séad ná ar sluaigheadh;

gan chreich, gan toghail, gan troid,

gan fhoghail neith um námhoid.


67 Gan adhbhar le a mbiodhgfadh bean,

gan leattrom Ghoill ag Gaoidheal;

gan éadáil Ghaoidhil ag Gall,

gan éagáir aoinfhir d’fhulang.


68 Bídh ceól sírreachta sídhe

le socracht na sáimhríghe

i bhfuighlibh cáigh re chéile,

fa fhuilngidh chláir Choirrshléibhe.


69 Conn Ó Domhnaill, D­ia dhá dhíon,

géag bhuadhach d’fhuil na n-airdríogh;

fear gan mhaothchroidhe um cheann gcean,

ceann na laochroidhe ó Lithfear.


70 Ceithre fichid 7 cúig céad,

míle ó ghin Críost re coimhéad -

do bhí an cás duitheanta i ndán -

go bá­s suitheanta Seaán.