firstLine"; ?>

928. Fearr beagan cloinne na clann $
Length: middling 29 qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th c. , 17thc. add
Prints:
  1. text DiD no. 27a
Motifs:
  1. Echo of GBMCM no. vii in q. 9
  2. craftsmen
  3. Proverb (1st line)
Apologue Subclasses:
  1. Immaculate conception of the BVM
  2. Sorrows of BVM at Christ’s passion
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fearr beagán cloinne ná clann


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 27a]


1 “Fearr beagán cloinne ná clann,”

na sinnsir dá rádh romham

an glór do ghabh a ionadh

is lór damh do dhaingnioghadh.


2 A aithris ní heagail damh,

an seanóir is é m’ughdar;

choidhche ní tiachar tairse

briathar fhoirbhthe an ughdair-se.


3 Tig fiadhnaise an leabhair lais

dá ndeacham d’iarraidh eolais,

iul oile nach iarrtha dhúinn

achd briathra sgoile an sgrioptúir.


4 An chóir do-chuaidh ’n-ar n-aghaidh

ríoghan don fhréimh Íobhalaigh

go rug inghin do b’fhiu chloinn:

ní bhiu rer imdhigh oroinn.


5 Lucht an tnúith tug dá n-aire

a toice ’s a trócaire

dá clú go ndearnadar díoth

cnú do dheaghmhogal Dáibhíoth.


6 Do shoillsigh Dia fa dheireadh

- ní comaoin nar cúitigheadh -

siad ga réir do rún croidhe

dá ghlún don fhréimh ríoghroidhe.


7 Do-rinneadh eatorra ar-aon

an [cluiteadh] gur chuir d’éantaobh

dias nar mealladh re mianaibh

ceangal bhias gan bhaoithdhiamhair.


8 Mar a bhláth bhíos gach toradh;

nír féadadh a bhfuasgoladh

na clanna dar labhradh linn

[gur] snadhmadh Anna is Iaichim.


9 Do-bheirdis do no bochtaibh

a mbíodh acu d’iomarcaidh:

iongantach mar aimhleas dáibh

saidhbhreas iomarcach d’fhaghbháil.


10 A ghabháil san aois arsaidh

toircheas i dtráth éagcasmhail

do chloinn do-chóidh a n-aire

dóibh gur thoill a dtrócaire.


11 Do soillsigheadh a slighe

riamh ar fheadh a n-aimsire,

achd dubhadh ceatha ós a gcionn,

a mbeatha umhal is ísioll.


12 A mbeith gan cloinn fa cúis dí

fuair gach duine don dís-se

náire tar an ngaol dar ghin

a-raon gan [. . . . . . .]


13 D’éis a [. . .] d’obadh

misde an riocht i robhodar

fios a n-uaisle aca féin

na slata uaisle a héinfhréimh.


14 Fan tarcaisne tugadh dháibh

fóiridhin uadha d’fhaghbháil

a nglas do fhóir an t-aingeal;

a ndóigh as do b’éadaingean.


15 Do b’iad dá dhuais na deise

i n-éaraic a n-aithise,

grádh gach aonduine ortha,

naomhMuire do fhás eatortha.


16 Do pósadh re seanóir saoir

an inghean-so i n-aois mhachaoimh

Muire nó gur chealg i gcorp

ceard na n-uile ar a humhlocht.


17 Mac an tsaoir dá rádha ris

do-gheibheadh uainn mar aithis;

nír shaor a hóighe iomlán

laogh na hóighe ar ithiomrádh.


18 Do bhí uaidhe féin i bhfad

gá chaomhna ar cheilg námhad

a mac i n-iomdhaidh fholaigh

slat don fhiodhbhaidh Íobhalaigh.


19 A-bhus i mbun an tréada

do an ’n-a fhior choimhéada

oidhre Dé d’áis an Athar

a pháis gur hé a hullmhachadh.


20 A-tá lem thosach ag teacht

páis Críost gur cheannuigh m’oidhreacht

[docair] fhuil [fúd] sa bhfocal

an fhuil úd dar n-anacal.


21 Doirrse na mball nír bhac de

d’osgladh tar éis a chéile

ón chéadchroidhe dá chridhibh

go bhféadfaidhe ar bhfóiridhin.


22 Do bhí Muire - gár mhó broid!

guin an taoibh truagh an fharraid -

ag buain sgéal an álaidh d’Eoin

gur sháruigh déar a doirseoir.


23 Oidhre nimhe ar nochtadh dhe

dá déaraibh do dhoirt Muire

a freasdal nach fuair a dearc

[ar n-uair] na n-easbal d’imtheacht.


24 Do chruinnigh uime an ealbha

do thruaighe dá tighearna

mar rug léim luighe fan lic;

fa géim na hoighe [má heilit].


25 Dar leat gur thuit ’n-a tathamh;

do thréig Muire a mothachadh

[ar ngoid] a croidhe ós a chionn;

a braid oile ní áirmhiom.


26 Ag labhairt re a dalta dhí

uisge a dearc do dhoirt Muire;

geall caithmhe ar fhuil an abhra

do chuir d’aithle a hagallmha.


27 An tráth do dhúin a dhearca

do chaith re hucht n-imtheachta

friochnamh agus roghrádh ris

do chomhrádh mhiodhchar mhilis.


28 Gach uair do saoilte dol dí

do-gheibhthí anam innte;

móide an cás méad a martra

a bás gur éag iasachta.


29 Saothar oirrdheirc na hAoine

is mó an t-adhbhar éagcaoine

an chlann dar dual dola ar neamh

ag tuar a fhola d’aithfear. Fearr.