firstLine"; ?>

933. Fill th’aghaidh uainn a Eire $
Length: very long 81qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 4 (24/P/27) late 17th cent.
  2. NLI G 167 Seamus Mag Uidhir 1727
  3. RIA 215 (A/v/1) 18th cent. ?
  4. RIA 727 (23/C/33) M.OgOLongain 1810-
  5. Mayn. M 13 Micheal Og O Longain 1820
Prints:
  1. (extract in Knott, ISP, 37-8)
Motifs:
  1. envoi to other patrons
  2. envoi to St Peter
  3. implied comparison with own kin
  4. patron’s feasts
  5. caithreim, list of triumphs
  6. territory as spouse of ruler
  7. comparison of past joy with present grief
  8. general grief for patron
  9. World fleeting, an illusion
  10. patron’s house
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (RIA 4)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Conn mac an Chalbhaigh (& mc Siobhain
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1583
Apologue Subclasses:
  1. Four sages on grave of Alexander
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fill th’aghaidh uainn, a Éire

[RIA 4 (24/P/27) pp. 136-44. Quatrains 27-42 published in Pádraig Ó Macháin, ‘Ceathrar do bhí ar uaigh an fhir’, Éigse 30, 7-17]

Fearghal Óg Mac an Bháird do rinne an mharbhnadh so do Chonn mac an Chalbaigh

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Fill h’aghaidh úainn a Éire

dlighidh sibh súr aithchéile

na féuch óirn a threabh Da Thí

ní fuighr an fear da bfhuiltí.

2 Féch ar chuid éigin oile

d’uaislibh innsi Laoghaire

do lán súl ní fhuil orthaibh

cuir do chúl re Conallchaibh.

3 Tabhair h’aghaidh úainn madh áil

tuig nach mairionn mac Siubháin

a chrioch bhláth chladhsholus chorr

ní trath d’amhoras oram.

4 Ní tráth da íarraidh oruinn

mac rígh shleachta sáorChonuill

teasda éunChonn Bhanbha Breagh

féthlonn cabhra na ccóigedh.

5 Nach ccualaidh Fodla go bfhuil

úir ar Chonn mac an Chalbhuigh

re breith riogh [fh]réimhe Lughaidh

na bíodh Éire ag anamhain.

6 Acht giodh eigin do chrích Chuinn

cúl do chuir re cloinn Chonuill

do sháoil Banbha bean Cobhtaigh

fear a cabhra ag Conallchaibh.

7 Ní mór nar imghigh Éire

tre adhbhar a haoincheile

deghailt dó re cathraigh Chuinn

budh sgarthain cnó re crobhuing.

8 Ri(gh) Leithbhior on úair far eúg

nír mhair Fodla na bfhinnghéug

ó thesda feine ’sa fer

gan céile feasda fuilngedh.

9 Ní heineng ar ccúl do chuir

oighidh Chuinn meic an Chalbhuigh

sí ag teacht re hEirinn uile

terc creidhim a chosmhuile.

10 Do luidh bás flatha Feabhail

ar na ceithre coigeadhaibh

sgél budh pudhar riamh r[e]imhe

’s ar iath Uladh d’áridhe.

11 Tar Ultoibh féin giodh iad ann

do luidh bás chraoibhe Cualann

annamh fáidhfhile rú ag roinn

go háiridhe ar chru cConoill.

12 Súil riú ag Eireanncuibh uile

do bhí go héag énduine

tré eite lúith chláir cCobhthuigh

gan súil cáich re Conallchuibh.

13 An trén cédna oruinn [leg. oirn] ar-ís

íoc sna breathaibh do-bheirmís

trom linne far-íor oruinn

sinne ’nar síol sáorChonuill.

14 Ge tarla tnúth roimhe rinn

ag Gaoidealaibh fhóid Fheidhlim

as mairg dhúinn ’na thráth nar thuig

re cách ag tnuth a-támud.

15 D’éis righ Dáoile nar dhiult troid

linn féin giodh truagh mur támuid

mo ar ttruaighe don bhaile a mbiodh

ar naire uaidhe ar imshniomh.

16 Teach Leithbhthir na laoidheng sean

ni fhuil ann acht a áit-sen

ní fhúair me seanmóir mur soin

do budh neamhdhóigh é amhloidh.

17 A ccúirt Leithbhir na learg bhfionn

do-chínn urmhór fhear nEirionn

do bhí am nár saoileadh sin

gan áoinfhear thall san tigh-sin.

18 Cuirt congmhala bfhear bfhuinidh

uaithe nó da hionnsoighidh

ní clos áoinfher re hathoigh

sgaoileadh as ar Ultachoibh.

19 A-nocht giodh iomdha a heasbhuidh

do hibhthi san fhoirgneamh-soin

cúirt riogha na bfonn bfhoirfe

long fhíona re hénoidhche.

20 Gan laoidhthe gan locht seanma

gan teghlach gan tighearna

mur ta an teach-soin as truagh linn

budh búan a easbhuidh d’Eirinn.

21 Dursan leam triath an toighe

fá bhrat criadh cúis eolchuire

ní fhaca tegh mar a thegh

ní fhaca fear mur eisen.

22 Do bhi úair nar iongnadh sin

geall gach toighe ag tigh Leithbhir

geall cáich ag triath an toighe

ní náir le hiath Iughoine.

23 Ni beitte dhóibh go dána

do thuit cúirt a ccongmhála

’s do [chu?]aidh áoinfhear a n-iomchuir

sgaoileadh uaidh ar Éireannchuibh.

24 Da chreich ar Éirinn uile

Leithbher gan fiú an éunnduine

is flaith Lúain aonar a n-úir

an saoghal uaidh ni hiontnúidh.

25 Flaithios ní bhí gan bearnadh

leis féin fatha doimheanman

nach truagh céile chuain Leibhthir

Éire uaidh ní hainmnighthior.

26 Annamh (do) thigdís as a thigh

níor chumáoin dóibh a dhéinimh

níor taobhadh é re hathaigh

sé ’na áonar ó Ultachaibh.

27 Tar éis a éuga amhlaidh soin

Alasdar airdri(gh) an domain

ní bhí an saoghal acht fa seach

do bhi a áonar go uaigneach.

28 An domhan ó mhuir go muir

ar son gur chuir fa chomhthuibh

créad acht cás broin do bhrosdadh

ar bhás ní fhóir Alasdur.

29 A ndiaigh a bháis ar an mbioth

cuirther Alasdur uaibhrioch

a ccriaidh mur gach n-aon oile

an cráobh do chriaidh chumhroidhe.

30 D’éis a adhlaicthe mas fíor

tigid ar uaigh an airdríogh

do-geabhthar leam a labhra

ceathrar dob fheárr n-ealadhna.

31 “Gé tá niodh gan neach fán gréin

do bhí a-né” ar duine díbhséin

“níor dhual gan adhradh don fhior

sluagh an talmhan ’na timchiol.”

32 “Gan aige a-niúdh” ar neach oile

“acht seacht ttroighthe talmhoighe

’s do bhí an chruinne ché gan chleith

a-né uile ar a énbhreith.”

33 “’Na mharcach ar talmhain tigh

do bhí” ar fáidh dona fáidhibh

“trom do luidhe a huille air

an chruinne ar muin an mharcaigh.”

34 “Rí(gh) an bheatha le mbronntaoi ór”

do raidh neach dhíobh tre dhubrón

“mairígh an t-ór ’na ionadh

glor le bhfaghar foillsiúghadh.”

35 Ós cionn Alasdair oirrdhirc

glór na n-ughdar n-úasailghlic

se ag búain ribh a rí(gh) Bearnais

gan sibh ar tí an tighernais.

36 Briathra an cheathrair cían o shoin

recfa[idh] [mé] a mhic an Chalbhaigh

ós dúinn as cóir teacht thoruibh

laimh le t’fheart a n-ionnamhuil.

37 Urmhór cháich a ghruaidh mar ghrís

fád smacht a Chuinn do-chimís

gé táoi at aonur san úir uainn

an saoghal dúinn as dimbúain.

38 Giodh mór ccrioch do cosnadh libh

gan agad d’inis Eimhir

as [leg. acht] seacht ttroighthe gidh truagh linn

budh buan a oire ar m’inntinn.

39 Ad mharcach a dhreghon Dor

do bhi tusa ar tuinn talmhon

tug sé ar mo thuirrsi toigheacht

cré ar do mhuin[-se] ag marcoigheacht.

40 An t-or do bhronnta a bhas sheang

ar son clú d’eigsibh Eireann

cosg mur so ar mo bhrón ni bhí

ag so an t-ór as ní fhuiltí.

41 An bioth cé ar enbhrat ’s ar uaigh

tugadh leis uile a n-enúair

Rí(gh) na cruinne ga ttám dhó

lán an uile da iargno.

42 Ríghe ar sheacht ttroighthibh tug sibh

do nós Alasdur uaibhrigh

a rí(gh) dar gealladh clár Cuirc

crádh do mealladh san maluirt.

43 A mhic airdrígh Easa Ruaidh

mairg do reac Fodla ar éanuaigh

braighde as comh(th)a uainne (t)ar ais

mo thruaighe an rogha rugais.

44 A mheic Í Dhomhnuill dhúin Breagh

do mheath tú doigh mac Míleadh

gan díon Gaoidheal a ndán duit

níor saoileadh le clár Cormuic.

45 Tu as cionntach a chiabh lag

ni hí nach anfadh agad

ni chreidim nách ba cumhail

re hEirinn níor anabhair.

46 Mairg nar an riú leath ar leath

Cruacha is Eamhuin is Oileach

is cnuic mhíne mhuighe Breagh

is righe thoighe Taillteann.

47 Mairg nar an a chnu chroidhe

re Muaidh re sruth Sligidhe

re Búill re Boinn re Bernas

ni cóir tnuith re tighernas.

48 Nach truagh m’aibhthir ar t’fholt fann

fat imtheacht uainn a anam

a ghéug ón falomh gach fiodh

fagha(i)dh an t-éug a aibhthior.

49 Do-chuaidh ag an éug oruibh

dot dheóin nocha dearnobhuir

sgaradh ruinn a chnú chroidhe

ní tú a Chuinn as cionntoighe.


50 Fir Eirionn acht an t-ég féin

ní rachadh aca d’einmhéin

ort a dhreag(h)ain ó dhúin Breagh

dob eagail ar cúl caoilshleagh.

51 Ort a éigne Easa Ruaidh

do dhioghail an t-éag enúair

trom do-chuaidh ar iath nUladh

gac buaidh riamh da rugabhar.

52 Trom do dhioghail an t-eag ort

creach ród ó Chruachain Chonnocht

smual ad dheaghaigh fán mBáoill mbuig

deabaidh da thaoibh ní thanuig.

53 Siol Samhradháin do [leg. dá] s(h)leacht coill

brisedh ortha a n-áth Conoill

gur dhioghail th’éag a ghlac gheal

fégh le rioghaibh mac Míledh.

54 Do dioghladh let éag uile

bhar siortha fan Srádbhaile

beg nach creach dhúine do dhol

agus creacha Dhúine Déalgan.

55 Gan dioghail ní dheachaidh soin

ó Loch Soir ar-ís d’argoin

agus crioch Oirghiall uile

’s ó Choirrshliabh go Cúlmhuine.

56 Cuairt thire Fiachrach ar fad

creach(a) innsi Cúa cuairt Fhánad

do dhioghuil an t-ég uile

a ghéag d’fhionnfhuil Ughoine.

57 Creach bhealaigh Nid tar neart caich

creach bhaoghlach Bhaile an tShacáin

a rogha séd sídhe Bregh

do-rígne an t-ég a aithbher.

58 Do dioghladh ar-áon oroibh

cois Cloiche do chreachabhoir

ag teacht slán uathoibh tar ais

lámh um na Tuathoibh tugois.

59 Ar lár cogaidh fa cúairt tte

do chreach tu na trí haibhne

mur sin a ghég ó Bhóin Bhreagh

níor chóir don ég a aithbher.

60 Ní dhioghnadh aibhther ar t’fholt tiughs

deireadh sluaigh ort re héigin

ó chrích iubraigh bhinn Banna

go Finn s(h)riobhghlain s(h)eghonna.

61 Creach Bheann mBoirche a bharr falláin

creach Oiligh creach Chaorthannáin

far-íor nochar léigeadh libh

ríomh ní héidir ar h’airgnibh.

62 Do dioghladh ar do dhreich ghloin

gleó an Lagáin no la an Iubhair

no Sliabh Fúaid ar n-uair d’fhoghail

no rúaig úaibh fán Eoghanuigh.

63 No creach mhor Mhuighe hEine

no an treas re taobh Suilidhe

no comhtha is géill chláir cCobhthaigh

no léim cáigh sa Chobharthaigh.

64 No creach an Caisléin Riabhaigh

no Cill(e) Ala d’aithiarraigh

no grís uaibh um Ath Seanaigh

no buaidh ghnáth ó Gaoidhealaibh.

65 No cinnedh dhuit a dhreach náir

ar siol Suibhne a ccill Chealláin

biaidh feasd um croidhe a ccoimhne

a fhleasg mhuighe Modhoirne.

66 No creacha Sleacht Airt uile

no creach chriche Dartruige

no rúaig Doire a bhárr Breagh

bárr oire uaidh ar m’aignedh.

67 Bíaidh fós ar cuimhne iom chridhe

do chreach tú tús aimsire

na tíre um Theach an Teampla

a dhreach shídhe shoinenta.

68 Maidhm mór Mhóna na Cille

lór d’ísliughadh ininntinne

bheith da iomrádh a fhir Breagh

mur sin nach iomlán m’aignedh.

69 Tír Eoghain do hairgiodh libh

ón Cháol go Banna mbinnghil

mór ccríoch nárbh inleighis úadh

do imghidhis ar énsluagh.

70 Baile Leibhthir na learg ngheal

do ghabh tú dha úair eisen

is Dún na nGall uair oile

bárr uaidh air ar n-eolchoire.

71 Caislén na Finne feidhm cruaidh

do ghabh tusa é an athúair

soraigh le bhur nert a-niodh

teacht ar t’fhoghuil ni heidir.

72 Do beanadh leat a fhlaith Dor

seacht longa d’uaislibh Albon

me ag luadh do caithreime a Chuinn

a luach d’aithmhéile oruinn.

73 Le hénurchar aithnidh dhamh

la deabhtha dhroichid caradh

rugais búaidh a chleth Chermna

truagh do theach gan tigherna.

74 Cuimhne h’éucht ni héidir dhamh

mac Í Chatháin céim dochar

do gabhabhair a ghruaidh náir

túar anfhalaidh a admháil.

75 Cuairt an Rúta ó mhuir go muir

machaire Eabha d’arguin

a bhile toradh bheann mBreagh

leam as omhan a n-áireamh.

76 Rugais uatha níor fheidhm nár

is clann Chonuill a Cruachán

a ghéug phailme nar mhuigh [leg. mheath?] mionn

roigne a n-each [’s] ní ós í(o)sioll.

77 A úa Aodha nar ér sgoil

la chatha Chille Tuathoil

do bhris tusa an rúaig romhuibh

uaid(h) gurbh usa anamhuin.

78 Cuir le hairiomh h’écht uile

ní heidir le hénduine

a ursa sluaigh mhuighe Máil

lém chroidhe as truagh do thesdáil.

79 D’eis Mheg Aongusa fuair blaidh

ced liom gan bheith um bhethaigh

do threig me gach aoinfher air

nar mhaoidhior é ar anmuin.

80 A Chuinn thoir do thuirsigh me

’s a Chuinn thiar re taobh Búille

fáth mo thruaighe ibh rer-oiles

sibh uainne gan ionghoire.

81 A Pheadair easpail éist me

clann Adhaimh ór fhás sinne

giodh ionann rún dhamh is di

mo thoil ar ccúl ní chuirfi. Fill.