Poem in printable PDF format
Fiodhbhadh dá
chéile clú deise
[Knott, E.:
The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts
Society 22-23 (1922, 1926), poem 29]
1 Fiodhbhadh dá
chéile clú deise,
dáil a gcruidh ní
choigill siad;
dá chraoibh
tharaidh do choill chumhra,
tamhain do thoill
umhla iad.
2 Dá ré lána
Leithe Mogha,
dá mhac Céin nár
cheannaigh síodh,
dá ghéig phailme
don fhréimh ríoghdha,
raighne nách
léir díoghna dhíobh.
3 Duasa an
chéidfhir gér chuid mhaoidhimh,
mó na toirbheirt
tig ’na ndiaidh;
maoine Chormuic
go n-uair ollamh -
dob ordhruic
uaidh bronnadh Briain.
4 Fada is
cumhuin le Crích Luighdheach
nách lucht
síothchána síol gCéin;
ní beag do thír é
ar a haire
gi bé dhíbh nách
raibhe réidh.
5 Gi bé bruidhean
’na mbí Cormac
ní creidtear í i
n-uathadh sluaigh,
do-gheibh neach
san teagh i dtiaghair
dá mbeath fear ar
iarraidh uaidh.
6 Dá mbeadh file
ag fágbháil Chormaic
i gceann Bhriain
do bhiadh ag tocht;
cliar aréir nár
imthigh uaidhe
fillfidh ’na
cléir nuaidhe anocht.
7 Má tá go
seachnoid síol Éibhir -
d’ógbhaidh
toghtha ní thug béim,
ní bhéaraidh ar
mhnáibh dá moille
táir ar
bhféaghain chloinne Céin.
8 Ar dteacht
Chormaic le cloinn Luighdheach
locodh Briain is
beag do chroid;
ar an ón treas do
shíol Shadhbha
ní feas don líon
tarla i dtroid.
9 Do ghuais
Chormaic fa choim oidhche,
d’eagla Bhriain
do bheith ’na dheóidh -
folchar araon le
bais mbiodhbhadh -
do chlaon tar ais
fiodhradh feóir.
10 Do smuain
Cormac um chreich mbiodhbhadh
a mbí ’na láimh
nách leis féin,
ní chuir acht go
faigsin filiodh
taisgidh cruidh
ar chiniodh Chéin.
11 Bronnta
Chormaic ar cionn deóradh
fa dheóidh air is
iad do bhris;
réidh an t-aoighe
i ndiaidh a dhoilghe,
maoine Bhriain
do-roighne ris.
12 Meinic riamh
um ríoghdhacht Luighne
a lár a shuain do
shir ghó,
do-níodh doirse
dearc do dhúnadh
soilse ar dteacht
’na dhúnadh dó.
13 Ealta mhíleadh
le mac Úna,
d’éanaibh
seabhcoidhe síl mBloid,
fuilngidh Brian
iomarcaidh ortha,
d’fhionnochtain
fian Tolcha i dtroid.
14 Ní ghabh
Cormac acht cóir d’fhagháil,
ní heól do Bhrian
bheith le cóir;
téid i leith na
bhfiach nách bhfoghthor,
ar mbreith ar
sgiath onchon n-óir.
15 Ní mór a
chion ar cheart sinsir
sibh a Chormaic
gur char sí;
fuilngidh cliar
fa ól ar h’uillinn,
mór le Brian mar
uirrim í.
16 Maoidhtear fós
na filidh céadna
um cheann uama
na n-eang sróill -
deacair searg
duilghe na dáimhe -
fuighle re ceard
fháinne n-óir.
17 Tú, a
Chormaic, dá chur ar dearmad,
dáil a seirce is
sé do bhac;
ní thiobhradh
Brian ar fhear oile
an bhean do iarr
loighe lat.
18 Lór le fear má
fuair do bhriathar,
beag ’na
dheaghaidh do dhíol port;
leac eighridh do
bhí ’na bloghaibh -
do dheimhnigh sí
an fhoghail ort.
19 Lucht adhbhair
tar éis a ndiomdha -
diongna an taobh
dá dteagoid ruibh,
ag sin a mbí ar
fhéin an omhuin -
a rí féin do
thoghuil tuir.
20 Sibh, a
Chormaic, ós cionn tíre
tug ar Bhriain
gan bheith dá léim,
do mhaoirse ag
dol tar a ndlighiodh
ag cor shaoirse i
gciniodh Chéin.
21 Ciontach
d’ógaibh Inse Banbha
béasa h’arm nárbh
aithnidh dáibh;
sleagh do bhí dot
fhoghaibh orra
do oghain sí
cronna cáigh.
22 Fásaidh coill
do chrannghail t’omhna
tre fheart curadh
i gcionn trill,
do ghuin gurbh
usa dot fhaghlaidh,
do chuir tusa
d’armaibh inn.
23 Tug a hannsa
d’éis a chéile
do chloinn Chéin
na gcraoiseach dte,
sibh ’na dhiaidh
do amhairc inghean,
malairt Bhriain
go ndingneadh dhe.
24 Ar chornaibh
móra mhúir eile,
níorbh fhuláir
leó a lán do roinn,
beiridh geall
bleidhe do bhrogha
ceann do shleighe
ar gcora a croinn.
25 Tarla, a
Chormaic, ar chionn eigeas
oirchill doid is
damhna clú;
súil ré fear
éanuaire d’fhaigsin
sreabh fhéaruaine
taisgidh tú.
26 Ní feirrde
leision léim troda
tosach feadhma
fuair sibh;
le Brian dámadh
fhoide d’orchar
grian troide ní
ronnfadh ribh.
27 Gan bheith
dearg, gan dol i gceardcha -
cleas roimhe nách
raibhe ag neach -
sínfidh tú, nó
biaidh ’na bloghaibh,
crú ré ngliaidh
nár fhoghain d’each.
28 Air féin ar
túis téid i bhfiachaibh,
fearr an béal do
bheith i dtocht -
séanaidh rí nó
iarraidh éarca
do bhí ag
liamhain h’éachta ort.
29 Tú, a
Chormaic, dod chor i n-iongnadh
ó aos timchill na
dtrí rann;
ní chleacht sí do
dhol i ndiamhair,
ní bhí an sgol
dot iarraidh ann.
30 Fuaighidh
teasbach faoilligh
fiodhradh bile re
bun bhfeóir;
fágbhaidh cnuas
d’ísle san fhiodhbhaidh
nár dhísle thuas
d’iomdhaidh eóin.
31 Feadha lúbtha,
linnte tiorma,
tobair mhillse
ós mhoighibh túir;
mil fan gcongal
re headh n-uaire,
ag donnadh sreabh
n-uaine a húir.
32 Tearc a
leithéid re linn gCormaic,
acht clár
Parthais na bport sídh:
ar ibh do
shreabhaibh learg Luighne
beanaidh do leanb
cuimhne an chígh.
33 An cíos trom
do thabhaigh Cormac
críoch fhaghlaidh
níor ainic sé;
beag le Brian a
chuid don chomhaidh,
do thuig re
triall d’fhoghail é.
34 Ní buan ór ag
ógbhaidh Chaisil
idir chrithribh
na gcorm dte;
táinig d’anáil
chuaigh fa Chormac
gabháil smuail i
ndonnbhrat de.
35 Coiléan
leómhain Leithe Mogha,
maighre séanta
sleachta Céin -
ní beag anocht é
dá fhaire
gi bé port i
raibhe aréir.
36 D’ógbhaidh
toghtha ar dteacht ’na dheaghaidh
dol dá fhéaghain
níorbh é a leas -
ní fál gan
bharrshlait síol Sadhbha,
ar síodh Charmaic
tharla a dtreas.
37 Ruisg uaine
’na n-aoibhlibh corcra,
ceilt na toile
nách tig lé;
bean dá thaobh i
dteirce cadail,
craobh Dheirce do
adaimh é.
38 Ní guais do
dhún dreagain Luighne
lucht brogha do
bhreith a ghill;
léar gCarmaicne ó
ól do éirigh
clannmhaicne mhór
Éibhir Fhinn.
39 Fiodhbhaidh
chraoiseach cloinne hÉibhir,
annamh toradh ná
tug siad;
ní féadthor boing
dhóibh i ndeabhaidh,
croinn do-chóidh
ós fheadhaibh iad.