firstLine"; ?>

936. Fiu a bheatha bas tigherna $
Length: long 39qq
Certainty: 0
Areas:
  1. Meath
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. NLI G 992 Nugent MS c. 1577
  2. RIA 1 (23/D/14) 17th c. ?Offaly
Prints:
  1. transl. McKenna AithdDana no. 65
Motifs:
  1. creach, cattle-raid
  2. imagery for Christ
  3. imagery for Cross (horse) 3 nails (ladder)
  4. imagery for God’s grace (fal)
  5. role of BVM
  6. crucifixion
  7. Resurrection
  8. the Heavenly Banquet
  9. use of legal terminology (baranta)
  10. agriculture
Poet Christian Names:
  1. Diarmaid (NLI G 992, RIA 1)
Poet Surnames:
  1. O Cobhthaigh
Meter Vars:
  1. Casbhairdne
Poem:

Poem in printable PDF format

Fiu a bheatha bás tighearna


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 65]


Diarmuid Ó Cobhthaigh cct.


1 Fiu a bheatha bás tighearna,

go dteasdá is tásg baramhla;

breith cháigh do thoigh tighearna

’n-a ghoin dáibh le daghumhla.


2 Fleadh ann ag gach éanduine

is cead ler gceann báidheine;

mairg nach tuair teagh rínimhe

’s a fhleadh gan uair d’áiridhe.


3 Teagh Cásg chinidh sheanÁdhaimh

cách don tighsin tionáilidh;

síoth ghoine ríogh rodhaoinigh

síodh oile ní hionáirimh.


4 Síoth dá thaobh dhóibh daingnighidh

a ghaol re hóigh d’airrdheanaibh;

rí ’n-a fhuilngidh anmhuirir

fuilngidh ar thrí tairrngeadhaibh.


5 Fíon saor fa n-uair óirbhleidhe

- is caor do chnuas mhórMhuire

beart choimhdhe chláir ríghnimhe -

ar láimh oidhre óghMhuire.


6 Ar ndíon [dóigh a] dheaghoinigh

ag óigh do bhí [a] bharamhail;

rí ’s a lámh [ga] leanamhain

do-ní fhál ar n-anaghail.


7 Cóir dhealg an uair adhainfeas

guais nach ba cealg chobhairfeas;

tarla ann ní neamhoircheas

rí ’s a chlann i gcomhaightheas.


8 Do bhac fás na fíorfhaladh

teacht ó ghrás dar ngrádhughadh;

beag brígh dhoirre an Dúileamhan

coinne sídh dá sárughadh.


9 Lámh fa réir ríogh chorónta

ar ngníomh ní feidhm fadhálta;

re cáir a chneadh ndoidhíolta

bean a-bháin is baránta.


10 Rí fhóirfeas gach aindligheadh

tógbhaidh dlaoi na deighshligheadh;

ré an oinigh fa urdhubhadh

oighidh Dé gur deimhnigheadh.


11 D’fhéachain nimhe is nuaishlighe

sinne is t’éanmhac d’éinfhine;

trí deilg go dún rínimhe

tar t’fheirg dhún is dréimire.


12 Fás ar gcean do cheileabhair,

dar mbáidh is beart toileamhail;

ní tóir mná gan mhuiridhin

a-tá ar óigh ót oileamain.


13 Do thréad as-teagh tobhuighthir

[libh] gan fhéachain d’ainimhchneidh;

lá coinne im chreich gcomhuighthigh

moille t’eich ní hairighthir.


14 Do líon far luing mbáithteine

tonn nachar íoc ógcoire;

d’fhearthain chrú don chéadtuile

do leathnaigh tú an trócoire.


15 Síoth a-rís do-ríneabhair

d’fhíoch do bhí ’n-a bhuanfholaidh;

beart réidh th’fhine d’fhóiridhin

ód chridhe féin fuarobhair.


16 Agra chean ar chomhuighthibh

d’fheart t’athar nach faghaibhthir

dual díol gach fhir anaithnidh;

fan gcíogh libh ní labhairthir.


17 Biodhbhaidh ar iocht t’ionmhuine,

fiodh do iongair t’fhogluidhe;

do bharr ní bhia ar t’oirbhire

nach sia crann ar gcomhdhuine.


18 Roineimh na gcló gcneadharsaidh

gidh doiligh dhó an doigheachsain,

do-chí inne it uireasbhaidh

ní as tinne ná an troigheachsain.


19 T’fhearg gar siairne somhaolta

nach am d’iarraidh seinéarca;

cruaidh shídh na ndealg ndoidhíolta

nír shín acht ceard ceinéalta.


20 Do ghrás re dlaoi dealaighir

mar bhláth craoibhe ar ciniomhain;

ní thug creach uaibh d’anamhain

t’each an uair nach inshiobhail.


21 A mbí d’fhuil ret iodhainchneas

ní as-toigh fa-ríor roshloinnfeas;

reic t’fhola do b’anoircheas

dheit dar gcora i gcomhuightheas.


22 Mac ríogh go ndúil deaghoinigh

a chrú is íoc im anfholaidh;

fuair t’oidhre ón óigh d’oileamhain

a chóir oirne d’anomhain.


23 Gan uaim síodh fhir anaithnidh

ní díol dit i ndomhainchneidh;

cóir chíghe ní cronuighthir

míne as cóir re comhaighthibh.


24 Téid faoibh cur ler gcruinniughadh

fuil do thaoibh gur troimshileadh;

rífhleadh róin do-rinneabhair

far síneadh cóir choillidheadh.


25 Sibh ó ghrás ar ngeineamhain

dod ghuin do ghrádh m’anoghail

malairt duine dheigheinigh

tabhairt t’fhuile ar m’anfholaidh.


26 Creach gan tóir troigh thromghonta;

cóir ’n-a fhuil gérbh inleanta

más leanb re luadh n-oidhreachta

a fhearg uadh ní hinreactha.


27 Sé slóigh ós é a n-áiridhe

ní dóigh é dar n-éaruine;

gnáth triall go teach rífhleidhe

dá mbeath nach iarr éanduine.


28 Luibh chabhra ar chóir ndoidhíolta

tarrla róin an roiréalta

- teann tóir ga mbí baránta -

dóigh dhí gion gur doidhéanta.


29 Do dhearg tuar bhos mbairrleabhar,

- gan ghort ní dual deaghbhranar -

rí re clár do cuibhrigheadh;

do bhí i ndán a ndearnabhar.


30 Dar súr do bhí beoghonta

rí gan rún a dhíoghalta;

tuar [dar] bhean barr daonnachta

do threabh le crann gcíoghochta.


31 Rí ón fhiort go hionmhasail

ar líon ar gcean coimbrisidh;

clann rúin ar óigh urmaisidh,

cóir súil risin suirgheisin.


32 Creach Chasg far chóir aindeibheadh

i dtráth chóir dá gcruinniughadh;

rug cách tar cheilg gcoillidheadh

ar sgáth ndeilg gan duilliubhar.


33 Fleadh ríogh as fhearr áiridhe

raon ’n-a ceann nach caoilshlighe,

fríoth dhóibh rogha rífhleidhe

far chóir dola i ndaoinighe.


34 Dá thréad cárbh fhearr éanbhuachail

leanb is [séan i] saoirghnéithibh;

cosg leinb riamh ag ríoghmháthair

srian re a fheirg ó haoinbhréithir.


35 Bean fhir iomchras móireire

ní hiongnadh dhí a daoinighe;

lór linn mar lógh rífhleidhe

an ógh is inn d’aoinfhine.


36 Each croinn nar each inshiobhail

farbh fhearr luirg do leanamhain;

sgiath Dé i n-uair ar n-anaghail

do bhuail sé fan seanfhalaidh.


37 Dá ghaol féin ní fuairfhéaghain

raon réidh i n-a ríolámhaibh;

ar chlú ní fhuil éiniarraidh

nar chuir go crú an chíoghálaidh.


38 Leanb cígh do dhruim dhualasa

a cígh do bhuing beofhrasa;

guais sreabh chorcra an chíoghasa

rompa gan fhear n-eolasa.


39 Rí ar neamh is dóigh deaghoinigh

fríoth bean dó fa daghshamhail;

sé slóigh gan fhear h-anaghail

a hóigh gur bhean baramhail. Fiu.