firstLine"; ?>

938. Fod codarsna crioch Bhanba $
Length: very long 48 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R.1744-
Prints:
  1. text DiD no. 92
  2. transl. Ir. Monthly 49, 327
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. Envoi to another patron
  3. imagery to describe patron
  4. qualities of patron’s character
  5. prowess in war
  6. harrying, burning houses etc.
  7. War with English
  8. territory as king’s spouse
  9. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (BOCD, RIA 3)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Conchobhar mac Taidhg mhic Eoghain
Patron Surnames:
  1. MacDiarmada d. 1607
Apologue Subclasses:
  1. Cu Chulainn:thought his heart of iron or stone
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fód codarsna críoch Bhanbha


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 92]


Eochaidh Ó hEoghusa .cct.


1 Fód codarsna críoch Bhanbha;

mór d’uaislibh na hathardha

taoth ar sgáth oiléin na n-olc

fan gnáth doimhéin do dhúsocht.


2 Iomdha leacht Ghoill is Ghaoidhil,

iomdha éacht do b’ionmhaoidhimh,

iomdha oil úir san eing-se

re goimh thnúidh ’n-a timchill-se.


3 Ríoghraidh Ghall, Gaoidhil Bhanbha,

gnáth leo lot na hathardha

re gomh croidhe dá chéile;

blogh oile dá haimhréidhe.


4 Meinic a-niodh ’s a-nallain

miosgais chroidhe ag cniochtGhallaibh

do chloinn mhéirsheing Ghaoidhil Ghlais

fa Éirinn bhfaoilidh bhfoltchais.


5 Meanma chroidheamhail chogthach,

aigneadh doiligh díoghaltach

dóibh sin ag saorchath Banbha

fir na n-aolchlach nAllmhardha.


6 Lucht inghreama Innse Fáil

’s clann mhillteach Mhíleadh Easbáin

casmhail a rún dá-roile

fa Mhúr n-arsaidh n-Úghoine.


7 Eagla cniochtGhall re a gceanaibh

eagla Ghall ar Ghaoidhealaibh

’s gan ghlas fa éineing orra

ní has d’Éirinn eatorra.


8 Gidh eadh ní hionann gach olc

is anbhuain fhairche Chonnocht,

achadh cuaingheal na gcall sean,

ó bhuaidhreadh Ghall is Ghaoidheal.


9 Sluagh Danar ar dhruim a [cean]

ar olc re huaislibh Ghaoidheal

tír na sruth bhfaoilidh bhfosaidh,

Gaoidhil san chruth chéadna-sain.


10 Tnúthach bhfoghla re fada

Goill is mac Meic Diarmada

- mór d’éintír ionnramh a n-olc -

fa fhionnmhagh gcéichtmhín gConnocht.


11 Ní choisgid aonlá d’fhoghail

Goill Fhódla d’fhuath Chonchobhair;

bídh amhlaidh ar fhuath na nGall

faghlaidh a dtuath ’n-a dtiomchall.


12 Ní lugha as mhillteach mac Taidhg

ar iath Cruachna an chláir mhínaird

tír bhreaclongach na mbruach slim

d’fhuath eachtronnach ’n-a inntinn.


13 Mór longphort do leagadh lais

feadh cogaidh an duinn dearcglais

’s níor tógbhadh dún ná diongna

san mhúr fhódghlan oireaghdha.


14 Gidh eadh is easbhaidh air féin

gach cion gnáth, gach greas aigmhéil,

gach díbhearg dá ndéanann sain,

fa réadhfhonn mhíndearg MaonMhaigh.


15 Budh aithreach leis uair éigin

iath Cruachna an chláir mhínghéiggil

muighe slaitgheala síon dte

gan aitreabha ríogh roimhe.


16 Caithfidh cuingidh Cláir Meadhbha

bheith ag ól fleadh bhfíneamhna

- náir don tairngeartach ros togh -

fa ghairbhleachtach cláir Chruachan.


17 Gach brugh dar bhris go talamh,

gach lios dar loisg Conchabhar

budh saothrach ar a ghruaidh ngil

ag uaim aolchloch ’n-a n-áitibh.


18 Adamar tar éigceart nGall

budh fuar do dhruim a ndéanann

ráth shéadChruachan na sreabh dte

fa éadnuachar ngeal nGaillmhe.


19 Seinbhean na ríogh, Ráth Cruachan,

go mbia cuimhne a chreachruathar

saoilim - gion go saoiltir lais -

’gun mhaoilinn bhraointigh bheannghlais.


20 Tuigthe dhamh gé deirim sain

do nós bhan nach bí Cruachain

iosdadh úr oileamhna Chuinn;

roidhiomdha dhún mar dearaim.


21 Luighfidh air d’éis a ndearna;

ní bhia cuimhne a céidmheanma

glac as créachtdomhain ó chath

ag séantolaigh mhac Mághach.


22 Ráth Meadhbha na múr líggeal

fiú a bhfuair d’ulc dá himdhídean

do bhiodhbhaidh Bruighne na bhFionn

cuimhne ar dhiomdhaidh nach dligheann.


23 Meinic riamh do rinneadh sain

ag díon Chonnacht d’Ú Eoghain

gníomh neamhthláith i n-uair fheadhma

fa chreachráith bhfuair bhfinnMheadhbha.


24 Meinic lingeas leirg dtroda

re cathaibh chlann nDiarmuda

tre bhróin ngéirreann síothghlan sean

ar léibheann bhfíochmhar bhféinneadh.


25 Meinic dhoirtear i ndeabhaidh

d’fhuil chodhnaigh chlann Muireadhaigh

ceatha braon ndorus ndomhain

fan dtaobh solus síodhamhail,


26 Adhbhar omhain dá dhreich dhuinn

a bhfuil d’airrdhíbh Chon Culuinn

san ghríbh dhreachmhaordha ón Mhuaidh mhir

dá neamhchaomhna ar uair éigin.


27 Cú Chulainn an chroidhe mhir

níor chuir riamh i rinn éigin

bríogh i gcréachtnughadh a chuirp

síol na n-éachtchuradh n-orrdhuirc.


28 An tráth fa dtigdis uile

i gCúigeadh chlann Rudhraidhe

níor bh’uamhan le beithir mBreagh

sluaghadh na gceithir gcóigeadh.


29 Fir Éireann d’aonrún cogaidh

d’éis na Tána tángadair

d’fhios Eamhna na mbánshroth mbinn

ealbha ánrath fa Oilill.


30 Lingis i lámhaibh Ultach

an Cú fíochdha fóbartach

tré bhróin gcrannruaidh choille reann

i gcoinne armshluaigh Éireann.


31 Innlid ar Choin na ceardcha

a gcleasa áigh inneallta

uaisle an chuire chneisghil chaoimh

sa bhreisligh uile d’aontaoibh.


32 Leathtrom muinntire Meidhbhe

don chur-sa ar Magh Muirtheimhne

téid soin ar chéadfaidh catha

do Choin éachtaigh fhionnMhacha.


33 Gidh eadh tar éis a ndearna

ar chathaibh Chláir seinMheadhbha

do créichtchiorrbhadh cneas an Chon

sa treas éichtiongnadh uathmhar.


34 Cuiris láimh - lór do phudhar -

d’eis a chuirp do chréachtnughadh

slat do b’orsa d’fhine Ír

ar cridhe an Chon-sa an chleitín.


35 “An croidhe ad-chiú ar n-a tholladh

go dul orm ní fheadamar

gur neamhchruaidhe ná cur cloch”

ar cur fearchuaine Ultach.


36 “Gé a-tá a-niogh ’n-a chosair chró

ní shaoil mé - móide mh’iarghnó -

narbh iarann cruaidh mo chridhe”

ar sduaidh ghrianfhonn Gháiridhe


37 “Bheith dom chroidhe d’fheoil nó d’fhuil

dá saoilinn” ar Cú an chleasraigh

“fa chlár sreabhghlas na mbeach mbinn

leath a ndearnas ní dhingninn.”


38 Mar sin narab séad samhail

bheith i gcath, a Chonchabhair,

gan ghuais fhuileachaidh d’arm ort,

a bhadhbh fhuireachair éadtrocht.


39 Saoiltear leat le linn deabhtha

croidhe iarainn aithleaghtha

’s gan sgáth a chréachtghoine id chorp,

a bhláth céachtMhoighe Connocht.


40 Dar leat bídh lúireach Logha

i gcath fad chneas míontana

red dhimbríogh i ndíon do chuirp,

a ghríobh na n-ilghníomh n-orrdhuirc.


41 Nó saoilidh tu-sa, a thaobh slim,

go mbí airm Uair mheic Tuirinn

id bhais tslim ghéiggealtais ghloin

i rinn éigeantais agaibh.


42 Munab eadh, is iongnadh linn

mar thig tu-sa toisg innill

saor i gcéidrinn gach chatha,

a chraobh ghéigshlim ghormMacha.


43 A aigneadh fosaidh feithmheach,

a ghus reachtmhar ríbheithreach,

a dhreach shlim níamhsholuis náir,

a ghrianfhorais fhinn fhuaráin.


44 A éigne ón Charraig chladhaigh,

a phosd catha, a Chonchobhair,

a ghnúis ghairthe re dtéigh tol,

a réim aithbhe dá hanfadh.


45 A leac thairsigh na troda,

a choiléin chlann nDiarmoda,

a bholg fichigh fionnshroth dtréan,

a chrithir shiobhlach shoighnéan.


46 A-tá im chunnradh re a chéibh dtigh

rann do ghnáth d’Aodh Mhág Uidhir,

géag armghonta ón mhínFhinn mhuill

d’fhírrinn adhmholta oruinn.


47 Fiacha oram-sa amhlaidh sin

inghean Domhnaill, dreach fhaoilidh,

dlighidh sin míonrais molta

dá síodhbhais dhil dhonnchorcra.


48 Díoghrais mholta dá dreich dhuinn

ní fuláir d’inghin Domhnaill;

clú a saorathar is dual dí

sduadh ó chaomhachadh Chairbre. Fód.