firstLine"; ?>

940. Fogas a namhaidh do Neachtain $
Length: middling 27qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. TCD 1318(H.2.16) pseudo-YBL 15th c.
Prints:
  1. transl. McKenna Aithd.Dana no. 24
Motifs:
  1. hosting
  2. mercenary soldiers
  3. war with Foreigners
  4. Highkingship of Ireland
  5. historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Og (TCD1318)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Neachtain mac Toirdhealbhaigh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1452
Apologue Subclasses:
  1. Da Thi’s expedition to Alps
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Fagus a námhaid do Neachtain


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 24]


Tadhg Óg Ó hUiginn cct.


1 Fagus a námhaid do Neachtain -

neart an Choimdheadh le a chruth saor

tighe ag féin Ghall ’n-a ghoire

clann Néill ’s a toighe re thaobh.


2 Bíodh a fhios ga aghaidh mhálla

mac Gráinne dan ngéiseann dair

créad do-ghéanadh dá dtí an toirrthim,

déanadh an rí oirchill air.


3 Fagus a-táid do Thír Chonuill

clann Eoghain is aicme cniocht;

tiocfa rinn an tocht i dtámaid

más olc linn námhaid i niort.


4 Ná bíodh Ó Domhnaill Dúin Cruachan

- congnamh Dé le dhreich mar rós -

ní as sia gan déanamh a ndingne;

féaghadh cia dá dtibhre tós.


5 Ó tholchaibh míne múir Uisnigh

aithnim trá go dtiocfa siad

do bhuain shléibhteadh do chloinn Conuill

Goill dá léigthear oruinn iad.


6 [Muna thráigheann] a thonn meanman

mac Gráinne nach gabh um dhuais,

dá mbeath an tslighe réidh roimhe

d’fhine Néill is goire an ghuais.


7 A bhfuil ag Gallaibh Guirt Banbha

braithir d’onchoin Átha Liag;

doilghe iná a bhfuil ag fréimh Eoghain,

fuil Néill is dá fheolfhuil iad.


8 Mo chomhairle dá chruth mhíolla

- mac Toirdhealbhaigh tuigeadh féin -

ó a-táid Goill i ngoire Neachtain

[gan] loighe ar cloinn neartmhair Néill.


9 Do thabhairt cunnartha um chlár Teamhra

tiocfa Neachtain as nua gcnis;

ar chionn an ríogh i muigh Midhe

bíodh a bhfuil ag righe ris.


10 Dá ngealla lá do lot biodhbhadh

bile Éirne an earla naoi

mó a n-uamhan an lá nach labhair;

a-tá sluaghadh falaigh faoi.


11 Ní thiobhra a fhios dá aos chomtha

codhnach Oiligh aigneadh mall

muna fhuil amhus dá amhsaibh

cuin raghas fa ghasraidh nGall.


12 Cia leanfas é d’uaislibh Fódla

féachtha dhó re ndul ar séad,

cá raghadh uga gach aoinfhir,

tabhar chuga Gaoidhil Gréag.


13 Leis do chosnadar críoch nÉireann

- innisim dá abhra mhall -

Gaoidhil is a gcúl re chéile,

rún aoinfhir ’gun ghléire Ghall.


14 [Ro bhiadh] Fódla i n-alt do thogha

teagtha dhúnn dá déachain soin;

[is é mo] rádh re rígh Sionna

“ná sín lámh go bhfionna an bhfoil.”


15 Ná bíodh uathadh re hucht cogaidh;

[congnamh] deoradhta i ndáil nGall

th’eire, a rí Murbhaigh, ná mothaigh;

ullmhaigh suil thí an fhochain ann.


16 Ullamh aicme Eoghain Taoibhligh

dá [. . .] slat [. . .] sluaigh;

ní budh beag le cineadh Colmáin

cead a sligheadh d’fhoghbháil uaidh.


17 [. . .] coinne i gcomhdháil eachtrann

ar aicme Céin cuindigh sin;

[. . .] coinne céadna,

a rí cloinne Séadna, sir.


18 Gan tocht libh do leigheas Fhódla

- ós éigin dóibh dola id leith

gé taoi líon eachtra ’n-a n-éagmhais -

síol Earca an mbéardais do bhreith.


19 Naonbhar ríogh dá ráinig Banbha

- bíodh ar th’aire a n-abraim ribh -

[. . . ríogh] do fhréimh Dálaigh

bíodh féin ar a sálaibh sin.


20 [. . .] ceannas Éireann

uaisle t’fhola is í do chairt

[sí gun] dá chóigear ór chinis

ná bí ar cóigeadh d’Inis Airt.


21 [. . .] fáilte [. . .]

[cóir Chonaill], a chruth mar ghéis,

do-béara [. . .] laoich [. . .]

dá bhféagha, a laoich Eamhna, ar t’éis.


22 Dá Thí mhac Fiachrach fuair Éirinn

ro fhágaibh Fhódla an fheoir bhuig;

gér fhaide ó chath Éirne a eachtra

éirghe a-mach is deacra dhuid.


23 “[Doghruing] a-tá i dtús [na h]eachtra

ionmhuin liom Éire uaim siar,

mín a fionnmhuir is a fearann;

ionmhuin [tír ’n-a] ngealann grian.


24 “Gé thugas cúl re crích nGaoidheal

grádh mar m’annsa ní uair siad;

a srotha [’s a féar ’s a fiodhbhaidh]

gotha a héan is ionmhuin iad.


25 A-dubhairt [a dhaghdhraoi Nuadha]

ar iath Fódla na bhfleadh n-uar

“ionnsa cúl re cathraigh Teamhra,

marthain do dhún Eamhna uann.


26 “Tonn Cliodhna agus calaidh Suca

siobhal uatha adhbhar sgís

[. . . is hé] chaoinim

mé ag Bóinn ná ag Raoilinn a-rís.


27 “A shrutha, a bhuinne na mbolg n-iomhais,

a Uisneach Midhe as mhín gcuain,

a Lámh Óir, a Albha Laighean,

is damhna bróin aigheadh uaibh.