firstLine"; ?>

941. Fogas cabhair do chrich Boirne $
Length: long 36qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th early
  2. 17th mid
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. BL Egerton 111 F. O Scannail trscr.RIA2
Motifs:
  1. envoi to wife (Una)
  2. Envoi to BVM
  3. imagery for patron
  4. nobility of ancestry
  5. patron’s attractions for women
  6. poet-patron relationship
  7. English conquest of Ireland
  8. prophecies of ruler
  9. indication of heir’s identity (Toirdhealbhach)
  10. aonach
Poet Christian Names:
  1. Lochlainn Og (RIA 2)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Uaithne Og mac Maoileachlainn
Patron Surnames:
  1. O Lochlainn fl. 1642
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Fogas cabhair do chrích Bhoirne

[RIA 2 (23/F/16), ‘O’Gara’, 180a]

Lochlainn Óg O Dálaigh cecinit

[Séadna, Dán Díreach]


1 Foghas cabhair do chrích Bhoirne

bíaidh ’na cabhair bús túar tnúid[h]

ní gnáth cláon chuimhne ’na leabruibh

fuighle na náomh derbaidh dhúin.

2 Do tairngeir bhós Colam Cille

do chrich Bóirne na mbeann sidh

ag díol chlíar sa riocht ’na raibhe

go mbiadh fa iocht fhuile hÍr.

3 Do tairngeir Bearchan eacht oile

árdnáomh duthchais [fh]réimhe Róigh

gan ghúais chean gan díoth gan deabhtha

crioch a shean go derbtha dhoibh.

4 Do bheannaigh Pádraig puirt Criomhthain

tar chúan Sionna na sroth síth

clú a fóirne is da brigh do bheannaig[h]

tír Bhoirne tar bheannaibh críoch.

5 Sgaoilidh a hainbfhine uaith[e]

ar fhuil Fhearghais fechfaidh súd

tír ’na tír ghleannfhoirfe ghnéghloin

bríd[h] bheannuighthe an (n)earlaimh úd.

6 Dáilfidh Día do dhruim na córa

ceart an fhuinn-si d’Uaithne Óg

ó nach cóir an céim lér imthigh

’na dháil féin fillfidh an fód.

7 Gan bheith teann níorb iongnadh dh’Uaithne

ar iath Bóirne na mbeann ttais

cuid mur nead ghríbhe fa Ghallaibh

(i)s cead na tíre ag clannaibh Cais.

8 Imeoraigh ar fhionnchlár Bóirne

beart bhearas an cluithe ar chách

gearr go teacht do thoigh don oighreacht

bert soin nach feilb[h]ert a fáth.

9 An t-Uaitne-se mac Maoil Eachlainn

airsigh glíadh an bheithir bheó

cuirfidh le leanfaidh a dhisle

beanfaidh sé don chrich-si ceó.

10 A-ta ar bfhás a fhrémh an einigh

áongéag chumhra is briodhbhur bláth

fíorbhun an óil an seang sídhe

ceann slóigh is tíre do tháth.

11 Ua Maoil Eachlainn na bfheart bfhéile

an fíon cruadháor cheannchas sé

an t-Uaithne Óg is é dhíolas

gidh bé fa ród íobhas é.

12 A mac samhla an t-Uaithne Óg-so

Uaithne ó bfríth an mheadhair mhór

ar dheilbh ar láimh ar mhéid mhílidh

ar dháil tshét um fhí(o)ndigh d’ól.

13 Da sheabhac don aicme is úaisle

da éan ghribhe an orsain áigh

da ghéig gháoil do Choin an chleasraigh

dá ghoin dáoil re cneasgoin cháig[h].

14 Da mhíor curadh chloinne Fearghais

ar feadh gliadh nách gebadh cóir

da dheóir a freamhuibh na féile

da reallainn eóil [fh]réimhe Róigh.

15 Da gheall taille tighe an óla

dhá Uaithne iomcrus do chléir

ag sin dream dhíola na bfhileadh

da cheann síodha a bfhineadh féin.

16 Da eigne na n-innbhear bfhairsing

nach bfhuair iúl ar linntibh léarcc

da ghéig fáilme a n-am a ttoraig

da chrann dairge ar chomhair chealg.

17 Bíodh nach ionann a n-áois íad-séin

ionann ainm is oigreacht dóibh

sgoth na slógh is fearrdha faicsin

nach dearrna(dh) sdór d’aisgidh óir.

18 Mo bheannacht a n-íoc(h) a iomráidh

don Uaithne aca nách mair

do cleacht sé ar n-ionnramh go hiomlán

ní hionghnad[h] me d’iomradh air.

19 Ní beithea (a) uaim-se re haimser

a Uaithne gan aisgidh rann

a ghruaidh mur rós a dhreach daithgheal

dhá mbeath nós bur n-aithreadh ann.

20 Níorb fuláir liom d’f[h]ior bur n-anma

aisgidh bhiothbhuan gan chéill gcláoin

’sa bheith gan tár casda ceillidh

dán snasda do dheinimh dháoibh.

21 Tús mh’eigsi ortha da dháileas

ar ndán deirigh dáilfead(h) dóibh

dream dar chóir ceannghad na féile

nír dhóigh dearmad [fh]réimhe Róigh.

22 Gan mo chumáoin do chur ortha[i]bh

a ghéaga d’úaislibh fola hÍr

dream do chill nar chláon ó chreachaibh

an rémr linn ní deachaidh dhíbh.

23 A n-eirr mh’aoisi no go ndeacha[r] [181]

dán molta dod mhallrosg gorm

dar an mionn ní rádh gan fhiadhaina

fa sámh liom a iaruigh or(o)m.

24 Ré haoineach d’Eirinn dha ttugas

tós m’éigsi ní roinnfinn róimh

a ndeóigh cháig is dúal gach diog[h]ruis

dod ghrúa(i)dh náir dod mhíonbhais moir (?).

25 Ní fada leo lá [’n]a dtimcheal

o thús láoi go luidheann grían

do sgáoil cuibhreach do rún rioghbhan

do chúl druimneach fíorghlanar.

26 Snuagh a aighthe go húair bfheadhma

ní athraigh go n-éir a ghrúg

a bláth da húaim lé cáoir ccorcra

da gruaidh sáoir fa sompla súd.

27 Giodh bé múr no treabh ’na ttriallann

trath áonaigh no a gcomhdháil chorm [leg. chean?]

mná an mhúir go heasgaidh da aithne

d’fegsain lúidh no graifne a greadh.

28 Dul a n-amharc is beart bhaoghail

buile ghliadh mur gabus sé

san ród ’nar ghabh do tháobh tachair

nir an áon dar athain é.

29 Féinnidh beó go mbúaigh gangidh

nar gabh sgáth a ghonta a nglia[i]dh

geag do gabhlaigh ón fhéin Ulltaigh

(i)s ón damhraig réidh mbronntaigh mBriain.

30 Búaidh bainchéile go mbúaidh gcloinne

do chuidigh dhó cur a chlú

clann gan bhéim an sean ’sa soiser

seal da réir dosan is dú.

31 O a-tá a Thoirrdhealbaigh Í Lochlainn

longport na sean duit-si a nd(h)án

dhuit is córa an chúis do chleachtadh

a gnúis crodha nearmur nár.

32 Deireadh molta mheic Mháoil Eachlainn

ós é is dúal don uichtghil fhinn

fada cách dá chur a gcleachtadh

do ghnath na sgol leantar linn.

33 Níor char Úna trom na tathaoir

treighe Saidhbhe is [s]e do chleacht [leg. do char?]

a n-áoinchéim nír chleacht [leg. clos?] a cruaidhe

bos máoithréidh is búaine bladh.

34 Sgél ar a heinach ni bfhuarus

gé fada dár n-ionnramh í

bruinne sheang gan tár gan tnudhlocht

ní sámh líom gan duthracht dí.

35 Beangán rann d’fághail an uair-si

a Úna dhuit-si ní díol

do-gheabhair a bharr eacht oile

a dhearc mhall is gloine gníomh.

36 Buime is mátha[i]r Mic an Duilimh

a dearmad ní deanta dhúin

air glóir innmhe ar nach bí bearnadh

an Rí lér dealbadh gach dúil. Fogas...