firstLine"; ?>

943. Fogas fortacht don tir thuaidh $
Length: very long
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Elsewhere (Spain? Louvain?)
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Bruss Bib.roy 6131-33 BkO’Donnellsdau
  2. Bk O’Conor Don c. 1631
  3. RIA 4 (24/P/27) late 17th cent. frags
  4. NLI G 167 Seamus Mag Uidhir 1727
  5. RIA 727 (23/C/33) M. OgOLongain 1810-
Prints:
  1. text DiD no. 93
  2. transl. Ir. Monthly 55, 468
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. nobility of patron’s ancestry
  3. fertility in reign of just prince
  4. landscape withers under unjust prince
  5. youth no impediment to kingship
  6. list of subject territories
  7. prophecies of ruler
  8. prophesying by clouds and portents
  9. citation of historical precedents
  10. Sea-voyage
Poet Christian Names:
  1. Eoghan Ruadh mac Uilliam Oig (RIA 4, 727,
  2. Fearghal Og (Bib roy 6131-33, BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
  2. Mac an Bhaird NLI G 167)
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Rughraidhe
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill (Iarla Thire Conaill)
Apologue Subclasses:
  1. Troy rebuilt by Priam
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Fogas fortacht don tír thuaidh


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 93]


Fearghal Óg Mac an Bhaird .cct.


1 Fogus furtacht don tír thuaidh,

fogus furtacht dí dom dhóigh,

tiocfa d’Aodh rer-oile a huaim;

don taobh thuaidh is goire an ghlóir.


2 Broid an chóigidh saorfaidh súd;

fóirfidh ar ghaoltaibh a ghéag

an t-Iarla oirbheartach óg

griangha ó fhód ghoirmealtach Ghréag.


3 Dá dhaghfhádh fa díleas rún

Fítheal is Dallán na ndámh

i gcuimhne ríomhthair a-raon

fíorfaidh Aodh fuighle na bhfádh.


4 Muaidh is Doire is Dún na nGall

agus múr Oiligh ’s an Fhionn

’s ní sa mhó - ní míobháidh leam -

dó do gheall an fíorfháidh Fionn.


5 Na Conaill fhíre as fhearr buaidh

dar gheall Coluim ríghe róinn

ná saoilidh nach ba dhíobh dhúinn;

bíodh súil gach Gaoidhil re glóir.


6 Ar labhair Cormac Ó Cuinn

ní samhail d’orchar re haill;

d’Aodh Bhreagh acht go triall tar tuinn

Treabh Chuinn ní ba fiadh ar faill.


7 Glóir a gharma iarrfaidh Aodh,

triallfaidh le chabhlach tar cuan,

líonfaidh beannBhanbha na mBrian,

fíorfaidh thiar seanlabhra suadh.


8 Géisfidh an Ana re n-Aodh,

na slata géisfid dá ghrádh,

géisfidh gach ní do-ní nuall,

géisfidh an cuan dá dtí i dtrágh.


9 An Loch Léin-se léigfidh gháir

an Éirne géisfidh re a ghlóir;

cuirfidh meanma ar gach dúil díbh

Súir mhín agus Bearbha is Bóinn.


10 Mar bhóchna bhailbh briathar mall

an griangha dá ghairm a-nonn

ar tí a gharma ceann i gceann

budh teann labhra na dTrí dTonn.


11 Na feadha ag claonadh dá gcloinn,

na gaotha ag gealladh Í Chuinn,

tug a dháil go domhan Finn

foghar binn re tráigh ag tuinn.


12 Don sgoith Bhreagh-sa do bhí i ndán

gach ní do gealladh dá ghaol;

an cuire do imthigh uainn

fillfidh a mbuaidh uile ar Aodh.


13 Clann Dálaigh fan teo gach toil

do-chádair mar cheo do mhuigh;

do sóigh an chrobhuing ór chein

glóir i dtreibh Chonuill do chuir.


14 Go bhfagha tuir Tholcha Floinn

do chomhdha a chuirp ar gach chaill

an ré do bhean Dia don druing

nach bia d’íbh Cuinn fear ar faill.


15 Lór go fóill a ndeachaidh dhíbh

pór budh tóir ar Thealaigh bhFáil,

an choimhdhe ar ar cuireadh uaigh;

mar thoirne uainn m’fhuigheal áir.


16 Creach eile ní fhuighe an tnúth;

meinic budh cuirthe do chách,

fa ruire tilidh na dtuath

sighin luath is guidhe ghnáth.


17 Lór don fhormad teacht rer dtréan,

’s ar gcomhlot do theacht dá thaobh,

rogha ar gcuaine aga i n-úr;

nár ghada an tnúdh uainne Aodh.


18 Do bhí sochar bánfhuinn Briain

ó Chonga go Máluinn mín

síos re fánaidh ar feadh fúinn

gur bhean tnúidh Í Dhálaigh dhínn.


19 Dá fhoichne a haonchrobhuing iad

naomhCholuim roimhe i ngach ród

Críosd cáidh le griangha na nGréag;

ní dáigh d’éad an t-Iarla óg.


20 Flaith dan cóire Teach Dá Thí

ná meas ar a óige é;

gach glóir fa dheoidh fearfaidh faoi;

leathfaidh a ghnaoi do dheoin Dé.


21 Dá mhórrath budh fogus fás

is dá mhórdhacht dola i ndlús;

teas caol do-ghabhar re ngríos;

caol bhíos gach tamhan ar tús.


22 Ní i n-aoinfheacht ghealas an ghrian,

ní i n-aoinfheacht treabhthar an tuar,

biaidh neart Ó nEachaidh ag Aodh;

teacht caol ag deathaigh is dual.


23 Beanfaidh a chasnaidh d’Fhód Ír;

gidh óg budh harsaidh a threoir;

ar Bhanbha thonnmhaill budh tóir

glóir garma Í Domhnaill fá dheoidh.


24 Do chleacht go dlúith doghraing reann

ceap Í Domhnaill Dhúin na nGall;

ag uaim róidlearg na dTrí dTonn

do bhí Conn ’n-a óigleanbh ann.


25 Conn Céadchathach ceann gach slóigh

fa teann ar éachtAchadh n-Ír

rí Breagh do hanadh re a uaim;

’n-a thamhan fuair Teagh an Trír.


26 Posd cothuighthe na gcóig sgol

Conaire Mór fa mór seadh

fuair glóir dá thaghadh ó thal

do ghabh ’n-a thamhan Bóinn Bhreagh.


27 Fós ós chách do-chuaidh ’n-a am

go hág ar an uair do b’fhearr

Iath Breagh do chosain dá chionn

do gheabh Fionn ó thosaigh teann.


28 Ar an nós-sain - ní nós nár -

acht gidh óg órfaidh a ghaol;

cia an fádh nar tharngair a thréan

séan ’n-a bhládh amhlaidh ar Aodh?


29 An dream fhuair go hóg tre aoibh

gach fód um Bhuais is um Bhúill

is Cliodhna is Bóinn is Teach Táil

mar do-chóidh dháibh go ndeach dhúinn.


30 Gar dar ndoghraing dola ar gcúl;

fogas d’Ú Domhnaill ar ndíon;

leathfaidh ar gcomhtha um gach gcuan,

beanfaidh ar snuadh dorcha dhíonn.


31 Snuadh dorcha ar gach aoinneach uaidh

orchra Gaoidheal diaidh i ndiaidh;

bláth gach abhla ag dubhadh dhóibh

culadh bróin fa Bhanbha Bhriain.


32 Snuadh na horchra ar Thealaigh dTé

le dorchacht ní dhealaigh sí;

meadh do Bhóinn tairthigh an Traoi;

do mhnaoi bhróin is aithghin í.


33 I mbrón na Traoi tarla ciall

an tann-sa do bhaoi gan bhríogh;

múradh a clach damhna déar

tarla léan do rath a ríogh.


34 Fóir Gréag iar ngabháil na Traoi

dá hanáir nochar fhéach sí;

dá port úr do b’eagar clé,

do leagadh lé go húr í.


35 Bile réidh dá fiodhbhaidh féin

is é do b’ionchuir dá huaim;

an obair do bhí gan bhrígh

do thogaibh Prímh hí ar n-uair.


36 Toigéabhaidh toimhse na múr,

toigéabhaidh toighe na naomh,

tulach sgaithmhín Dá Thí thiar

dí ar dtriall budh haithPhrímh Aodh.


37 Cosmhail re cóirgheadh na Traoi

mar fhóirfeas ar Tulaigh dTé;

tír ’n-a loighe tír Dá Thí,

dí goma Prímh oile é.


38 Bóinn bhordbhláith na seintreabh séimh

do thogbháil a teinnteach mbúidh

le grádh tar grinneal an chuain

filleadh fa bhuaidh i ndán dúinn.


39 A-táid na toirthe a-tá an úr

mar tá gach foichne ’s gach fádh

’s an ghaoth ghuithbhinn dár súr siar;

triall tar sruithlinn dún i ndán.


40 Cuireadh le mbréagfa [i mbrugh] Floinn

tug an Téamhagh go n-a thuinn

is na neoil fhlatha re a linn

’s na heoin do rinn catha ó gCuinn.


41 Mar sin do Laoi ’s do Loch Cuan

’s don Bhaoill i nglas acht a ghlár;

ón Deirg bhailbh ad-bhath a bríogh;

clach na ríogh dá ghairm tre ghrádh.


42 Aodh Lighean dá ngabhar greim

dá ndlighthear ragha agus roinn

- bíodh a chiall ag cathair Chuinn -

rachaidh tar tuinn go Fiadh Floinn.


43 Iar ndul tar lear béaraidh buadh,

géabhaidh gach ar ghabh a ghaol,

cuirfidh na talmha fa thréan;

luighfidh séan a anma ar Aodh.


44 A-tá lais go Fiadh na bhFionn

cairt ó Niall is cairt ó Chonn;

ní bhia taobh re cúirttreibh crann;

fúigfidh thall gach aon ’n-a fhonn.


45 Fillfid a bhrughaidh le báidh

fillfid a urraidh tre aoibh

go fleisg Éadair san taoibh thuaidh

’s ar sgaoil uaidh dá ghéagaibh gaoil


46 Biaidh roineart ag dáimh fa dheoidh,

biaidh gach oireacht ’n-a n-áit féin,

biaidh ana ar adhbha gach naoimh,

gabhla im chraoibh dá chara i gcéill.


47 A croidhibh cáigh cuirfidh fíoch,

suidhfidh le cáir idir chách;

le reacht bhinn báithfidh an fuath;

cinn a thuath táithfidh ’n-a thráth.


48 Caor bhuadha ler tuilleadh toil

ní chluinim, ní chuala, a sdair,

fíor flatha nach fuair a fhuil;

ní fhuil buaidh gan fhatha air.


49 Iúl fíorghlan le bhfuigthir saoi,

do ríoghadh re gcuingidh Cé

don tréad darbh iomchubhaidh í

céad acht rí ós thiormThulaigh Té.


50 Gach annáil dá laoidheadh linn

branáin Gaoidheal druim ar dhruim

a-táid fa Mhál Fine Floinn

’s na Goill as sine i gclár Chuinn.


51 Mac Brighde fa mbloghthar dair

budh hinmhe an bronnadh do-bheir;

treabh seanAirt ó mhuir go muir

do gheabh fuil Gearailt ór ghein.


52 Gnáth méin gach con i n-a cuan;

a-tá ag dréim re dol tar sál;

do Rudhroidhe do oir Aodh

craobh chumhraidhe re bhfoil fádh. Fogus.