firstLine"; ?>

944. Fogas fortuin don oige $
Length: middling 25qq
Certainty: 5
Period:
  1. 17th mid
  2. 17th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. TCD 1337 (H.3.18) 17th c.
Motifs:
  1. imagery for patron (eigne, maighre)
  2. nobility of ancestry
  3. mercenary soldiers
  4. ? proverb, q. 1
Poet Christian Names:
  1. Eoghan (TCD 1337)
Poet Surnames:
  1. O Gnimh
Patron Christian Names:
  1. Alasdar mc Seamuis & mc Maire, ua Alasdair
Patron Surnames:
  1. MacDomhnaill (child) (?d. 1687)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fogas fortún don óige

[TCD 1337 (H.3.18), 686-93 (now bound with MS 1362a)]

Eogan Ó Gnímh cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Fogus fortuin don óige

formod cáich ría as romóide

sighne le bfhoghar gach fios

rogar inme da háinios.

2 Gar flaithes da réim remhraidh

nemhghar dhí d’ól oirbhernuid

tig gáois go ngloine as a los

da báois as goire gliocus.

3 Fogus loise día leanbacht

gar mórdacht da maiccerdacht

as í as orluimhe fa bhláth

dí(th) as comhgoire gach conách.

4 Sgot[h] ógbaidh aicme Colla

foithne deighshil díoglama

leanb riograidhe nar chló ar ccúl

as dó as fíorgoire fórtun.

5 Rug orra ga haidhble sén

sliocht airmech Eochaidh Dublén

forenn catharrdha chláir Breagh

dóigh a n-atharrda d’innremh.

6 Dóthchuide rath da rochtuin

búaidh ttreisi da tárrdachtuin

rog[h]a leinb[h] chinidh Colla

dligid se[i]l(i)bh san senrolla.

7 Ar siol cCuinn cuirfid[h] ménma

mac Sémuis slat fhínEmna

brath cábhra íathmuidhe hEirc

dámna tríathruire an túaisgirt.

8 Brath tochmairc do trían Conguil

’s do críoc Fhíonnghall iobhairrgloin

Alusdar mur rath da f[h]réimh

budh br[a?]th [dagfh?]osgaidh doib-sen.

9 Cuirfid[h] láochdacht an leanuib[h]

súas a ghabla geinelaigh

blát fréimhe fóidinnsedh Gáll

óigshinser f(h)éine Fré(e)mann.

10 Dál cabartha don táobh túaidh

a thuismedh dia do dhegbúaidh

thug dhuinn ga fortacht as férr

súil reir ndhocra(a)cht do dhilghenn.

11 Síol cColla Úais an einidh

gerr go bhfaguid fóridhin

o mhaiclean[a]bh don cóir cion

d’athtreabadh ar gloir Gáodeal.

12 Tuillfid a cérda cosguir

a n-áois fhedma Alusdar

dál fhoiridhine ar ttecht da tháoibh

cert moirinmhe an macaoim.

13 Leigfidher le mac Máire

da treibh as túar lú[th]gaire

maith do fhréim Domnuill fa deóigh

ben fa comhruinn a ceineóil.

14 Eang a cclú leanfaidh(dh)er leis

óigre soideal[bh]da Sémuis

ar mhéin caithmidh ar chruas nglíadh

súas re a athribh ag arddíall.

15 Do lucht foreigne na bhfónn

benfaidh se comha chot[h]rom

cuirfid[h] Cenn Tíre ar treabad[h]

as eng Íle air áitioghadh.

16 A-tá suil rea mbein a mbruid

’ga mhaicne an tráth fa ttánic

toradh phóir chnuasaigh cheineil

dhóibh an t-uasoin Ebhilin.

17 Tiocfa(idh) d’féidm an óig ordairc

fós a leath a lánóirbheirt

nach dóig aitmhéile orra

táin raitfhréimhe ríoCholla.

18 Bud[h] túr lóise do Leith Cuinn

óigre ingine Dómnuill

leigther cómhda chúain Uladh

úair fhógla ar a ardúghadh.

19 Mac ochta (a) airdfhréimhe Cuinn

soig[né?]n deighshleachta Domnuill

dreach núa bus orlamh n-asdar

tar comgar úa Alusdar.

20 Siol cCuinn le bhfagthar gach fáidh

aicme at[h]ar an mhacaimh

mic ríogh go rogha ndheighbreath [leg. ndaigh-]

do shíol Mogha a mat[h]a[i]rleth.

21 Tri deghróigne mhac Míleadh

a-táid ’ma cnes cruthlígheal

Íor ba trenfhir [leg. -fher] a ttinol

diob Émer is Éremhon.

22 Glan do fóigredh ’ma (a) dreic ndhuinn

crú Bríain fuil Cholla as Chonuill

da bhfúar-sion na fola is férr

do thogha a uaisle Eireann.

23 Fíonfhuil Ghréag ’ma nghnúis gharrthe

’na? tuinn úabhraigh fhíalcaithmhe

da riomh as anchoir antair

síol an ghlanphóir Gheraltaigh.

24 A íarmhúa ríograid[h]e Róis

sul rabh h’atharda at égmuis

a mháigre geal brúaigh Ba[nn?]a

lean a thúaig d[o th..................].

25 A úa Cairbre an chrotha naoi

a éigne Inb[h]e[i]r Lochaoi

a[s] sibh obas dáorse dhúin

dháoibh-se is fogus fortun. Fogus...