firstLine"; ?>

945. Fogas oirbheart d’aois linibh $
Length: middling 25qq
Certainty: 5
Period:
  1. 14th ult
  2. 17th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 3(23/L/17) S.OMurch.na Raith.1744-
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. nobility of ancestry
  3. prophecies of ruler
  4. childhood
  5. proverb (?) q. 1
Patron Christian Names:
  1. Domhnall Og mc. ingh. Sheain [McGearailt?]
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fogas oirbheart d’aois linibh

[RIA 3 (23/L/17), 10a]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Fogas oirbheart d’aois linibh

gnáith so ag cách da chreidimhin

onóir don daighleanta dhi

fagháil oighrechta isi.

2 Di as roghoire fás flatha

lé as taoisge teacht deaghratha

bheith fá aimhriar is dual di

ní buan ainmhian na hóigi.

3 Bheith ar ttós frithir feargach

nó amhuilleach ilcherdach

gan bheith do réir duine dhi

ní béim uile ar an óigi.

4 Cleachtuidh sí briathra baoise

re ccaithemh a ceadaoise

tréigidh a huaill ar ghaois ghloin

ar mbuain ris an aois ársoidh.

5 Ag leanbh óg do chloinn Charthuigh

a-tá cuid dá cómharthuibh

ní mana baoise go becht

rogha aoise mar oighrecht.

6 A chiall eagnuídhe amhra

a rún fáthach foghlamdha

a fhoighide a chaidreamh cóir

goiride aignedh dá onóir.

7 Do-gheabha oirbhert uain chóir

oighre inghine Sea-áin

fan aois-[s]in gan táir tarla

dáil faoisimh dá athardha.

8 Déanadh sé iomlaoid anma

tugadh óigh dá athardha

tréigi[o]dh baois ar (c)c[h]éird ccuradh

a haois leinbh dá luathughadh.

9 Eirghedh sonn mur do saoiledh

fágbhadh [erradh] ógnaoidhen (erradh).

gnúis oirnidhe do thoill toil

’na choillbhile ar chloinn Cárthoigh.

10 ’Na láimh dioghalta diomdhagh

’na ghríbh churtha chaithiorghal

troigh chéimenn ccubhadh a ccath

’na churadh chéimenn mbaoghlach.

11 ’Na naithir nimhnidh nimhe

’na láimh echta oirnidhe

’na rún bhús déine a ndebhuidh

mar thréighe a ghlún nginealaigh.

12 A-tá agum dá (n)dreich (n)dil

ionnua Charthuigh chlair Chaisil

geg dóidleabhar thrén ró-m thogh

sgéal ar óigleanabh uasal.

13 Ógán amhra le mbíodh barr

an tí ór chin Corb Ólam

terc lé ar dhiles é ar fhoghuil

sé a ndímhes ag Danaruibh.

14 A ccionn aimsire da éis

fríth ó fháighibh mar fhaisnéis

techt an leinbh do-chuaidh a ccion

go mbuaidh a seilbh na sinnsior.

15 Dá éis sin táinig as-tegh [10b]

d’imdiden fhuinn a aithredh

sduagh shoilbhir gan tráigh na toil

le fuighlibh fáigh gur fíorodh.

16 Do fhoghluim cerda curadh

fíor nar an re habughadh

fuair oighrecht go deimhin de

geibhidh oirbhert a hoige.

17 Mar sin a-rís ríogha an dáil

an leanbh d’fior d(i)aghmac Damháin

glac chalma do thuar toradh

labhra druagh da dhechtughadh.

18 Nir hoirisedh amhra an toil

do thegasg druagh fhóid Fhiontoin

le deirc ríogha mhongmhuill mhir

gur fhoghluim gniomha gaisgidh.

19 Gér mhór dóigh filedh is fádh

sa droing óig-se f[h]uair iomrádh

gég mhórchas mo-chen don chloinn

medh dar ndóthchas a Dómhna[i]ll.

20 Ní córa acht ciodh breth re báidh

doigh asda ná ua Sea-áin

saoirbhengán fán muille muir

aoinleannán chluinne Cárthuigh.

21 Coilean sidhe do chuan Cuirc

disgir bheó bhias ar adhuint

ag so an tslat amhra ós f[h]iodhbhuigh

mac bhús calma a ccaithiorgail.

22 Biaidh sé mesardha a moghuibh

a-tá uasal d’f[h]íonfholuibh

fiú onóir mar thárla a thol

f(h)ágháil anma ní hiongnodh.

23 Crú Gheruilt do ghabh gliocas

síol cCarthuigh fuair oirdhriocas

dealradh a ghruadh ón ghoradh

tuar menman do mhédoghadh.

24 An aoibheall aghanta ghleodh

Domhnall Óg gnúis mur ghlanreódh

beithir dhána dá ró rath

is dó bhus córa ar ccúmhdach.

25 Biodh leis do láithir fhedhma

rún gaisgidh gnúis soidhealbha

tuar rath féile 7 fos

is tréighe flath go fogos. Fogus...