firstLine"; ?>

947. Fogas umhla d’ainm gaisgidh $
Length: middling 24 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th ult.
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 1076 (24/P/33) L. Cl. Aodha B. 1680
Prints:
  1. text L. Cl. Aodha B. no. xvii
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. qualities of patron’s character
  3. tribute (cios, cain)
  4. Submission, tuarastal, coimirce
  5. prophecies of ruler
  6. citation of historical precedents
  7. Historical comparisons
  8. allusion to Ruaraiocht
  9. Classical allusions
  10. Biblical allusions
Poet Christian Names:
  1. Ruaidhri Og (RIA 1076)
Poet Surnames:
  1. O hEachaidhein
Patron Christian Names:
  1. Seaan mac Airt [mhic Sheaain] mhic Bhriain
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1687
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fogas umhla d’ainm ghaisgidh


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 17]


Ruaidhrí Óg Ó hEachuidhéin .cc.


1 Fagus umhla d’ainm gaisgidh,

coitchionn cách ’ga shíorchlaisdin;

gidh tuar anshóigh ceann i gceann,

gearr ó anóir gan fhuigheall.


2 Tuar umhla riamh do rochtuin,

gaisgeadh óigfhir d’fhionnochtuin,

d’éis troda ga mó maitheas,

foda dhó bhus deghmhaitheas.


3 Túar umhla d’adhbhar flatha

buaidh ngaisgidh, dúil deghratha

do bhreith leis ar cháir gcuradh

gan gheis áigh gan urdhubhadh.


4 Umhal éigsi, cian ’ga chlos,

umhal thrá tuath is eaglos

don aos gaisgidh ’gar ghnáth geall

’s cách ar gclaisdin a gcéimeann.


5 Ríoghraidh Éirionn sonn fa seach

do bhídís umhal áiseach

do laochroidh cosnaimh chláir Bhreagh

fa cosmhoil dáibh a déineamh.


6 Slógh Uladh gér chalma a gcath

do bheirdís an fhían Ultach

umhla do Choin an chleasraidh,

toil dob ullmha i n-imreasnoibh.


7 Uaisle Connacht, lámh do láimh,

tugsad d’Fhior Diadh mhac Damháin

tús comhóil cláir is cuilte,

onóir cáin is cumuirce.


8 Do Choin Raoi reudhmhac Dáire

tugsad triatha Tiormmáighe,

tuir gaisgidh gan fhoilcheas n-áigh

aisgidh oircheas is éadáil.


9 Conn mac Úna na gcéd gcath

amhlaidh fuair flaitheas Temhrach;

mur ghioll ar a ghaisgeadh sin

baister os cionn gach cúigidh.


10 An tí as fearr i ngaisgeadh glan

do shíol gCuinn na n-écht n-adhbhal,

clann reudhoinigh isíad soin,

do níad eunoighir orthoibh.


11 Mur an gcéadna d’uaisle is d’ágh;

ní fuláir ’s is fiú Seaán,

do nós an chuire chiumsigh,

fós go n-uighe an urruimsin.


12 Cú Chulainn i gcleasaibh áigh

Cú Raoi is Fear Diadh mhac Damháin

gér dhoiligh ina ré a rádh,

a n-oighir isé Seaán.


13 Ní dhearna aoinneach aca

gaisgeadh ná gníomh curata

nach leantuir le laochmhac Airt

fraochshlat mur Earcoil ordhairc.


14 Ionnua Bhríain go nua anosa

lenfuidh lorg na feadhnosa

ar ghníomh gach gaisgidh ’s ar ghoil,

ar fhaisgin ríogh ’s ar riaghoil.


15 Ní fhúair neach dá fhréimh roimhe

gan bhúaidh écht is iorghoile,

gan fhíoch, gan anbhuain n-eachtra,

críoch an ghlanshluaigh Ghaoidhiolta.


16 Beanfaidh Seaán isé a shuim,

fear mur chách, aoibh is urruim

amach le céimionnoibh cion

sgath gach Éirionnaigh eision.


17 Seaán Ó Néill, luaidhtear linn,

ionnua Bríain mhóír mheic Feidhlim,

do lúaidh Bearchán ’na bhuile

ós seanchlár cúain Chonuire.


18 ’Sé do luaidh Colum Cile

i bhfuighlibh na fírinne,

aigneadh fial le ngeabhair geall,

grían i ndeaghaidh na díleann.


19 ’Sé do thairrngir Flann file,

fíreurlamh na fáisdine

laoch sáimh gan éra acht d’olcaibh

’s do ráidh Séadna i senfhoclaibh.


20 Léighthear i leabhroibh feasa

gurb é ’s ní hiúl ainbhfeasa

an tairrngertach tréunghaoth teann

Sénlaoch airmbertach Éirenn.


21 Hector ar chródha i gcathoibh;

Samson dorrdha i ndeacrachoibh;

réulla nach aomhaithidh olc

Saoraichil ceudhna ar chródhocht.


22 Caor mhianaigh fhola hEoghain;

croidhe reachtmhur ríghleomhain;

cosg airce d’fhialfhuil a shen;

fiadhuin chairte na gcóigeadh.


23 Éigne Banna bhus buan sruth;

eo lúthmhur Locha hEachuch;

maighre Line, laoch go ngoimh,

cridhe nach dtaoth re tromghoin.


24 Ursa theann, troigh ré ndocra

da thír i dtráth furtochta;

mur theasda gach lén da los,

an sén feasda budh fagus.