firstLine"; ?>

948. Foghlaidh a chruidh clu Filib $
Length: middling 20 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Cambr. Add. 3082 to O’Reillys 1598-9
Prints:
  1. text Poems on O’Reillys, Carney no. iii
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. eulogy of personal appearance
  3. imagery to describe role of poets
  4. poetic miracle (feart feile, feart filidh)
  5. poets at feasts (inid) q. 17
  6. generosity to poets
  7. cattle-raiding (creach)
  8. Historical Comparison
  9. allusion to Ruaraiocht
Patron Christian Names:
  1. Pilib mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh d. 1596
Poem:

Poem in printable PDF format

Foghlaidh a chruidh clú Filib


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 3]


1 Foghlaidh a chruidh clú Filib;

éigse Éireann aithnighid

a chlú gan chleith mur do chuir;

a bheith gan bhú s dá bhuadhuibh.

Clú Filib, foghlaidh a chruidh

ca tír aige nar fhalmhuigh?-

fear é gan bhú ’na bhaile,

is é in clú is ciontaighe.

3 Conach cruidh oighir Áodha,

conach é nách iontaobha

[táir a bhú clann gach cáinti]

a chlú ann is easláinte.

4 Conach nach gabhann chrodh cáigh,

conach clú is cúis iomráidh;

clú ós gach clú conach a chruidh,

clú gan fholach a fhoghlaidh.

5 Foghlaidh riamh an chlú dá ccrodh,

síol Dálaigh na nduan roghlan;

lór ar fholmhuigh d’fhuil Dálaigh

foghlaidh cruidh mo chumpánaigh.

6 Ní dubh [é] acht a fhionna,

fear nach measgann mórmhionna;

[do] roibheag bhú an duine dhuibh

a chlú uile dá arguin.

7 Ná taobhaid cách crodh choidhche

le Filib feadh énoidhche;

is tearc meadh oighir Aodha,

fear oinigh is anaobha.

8 Tug sé cabhóig a chruidh,

clú Pilib féin in foghlaidh;

cé tearc guin ó armuibh ann

faghlaidh a chruidh ní chodlann.

9 Clú sin nach cosmhuil do chailg,

siobhlach é ann gach énaird;

gaduighe a chlú ar a chrodh,

ní dú sladuighe sádhol.

10 Éinchéim riamh ní dheachaidh dhe,

d’Fhilib is fearta féile;

fuair ó Dhia bhú agus bladh,

a chlú is sia iná a saoghal.

11 Geall Filib, féuchaidh in olc,

ó éigsibh Chóigidh Connocht :

do ghabh geall clú ar a chrodh;

a-nú cá fearr a bhfeannadh?

12 [F]áth as nár choigill a chrodh,

Pilib fial na ndámh ndeoradh,

creach[th]ar neach gan chlú dá cheann;

breath lena bhú ní bheireann.

13 Biaidh go bráth a mbeol gach fhir

Pilib is ceard don chlúi-sin;

niamh óir ar a chlú do chuir

mur bhudh cóir do chlú Chathail.

14 Crodh é nach ccaitear choidhche,

a chlú riamh is rofhoirfe;

do-rinne lón clú dá chrodh,

gér mhór a bhú dá bhranor.

15 Táinig dhe a chur a ccrois

don dáimh do dhéunamh eolois

stáca clú ós cionn a chruidh,

mur lionn bhudh dú gan diamhuir.

16 A shamhail Con na Ceirde,

a lámh dhéunta díbheirge,

is námha an clú dod chrodh,

a chú Tána na ttochar.

17 Mac Aodha lé mealltar mná,

anuid aige gach énlá;

rug in scol fá Inid air,

ar crodh Filib is foghlaidh.

18 Cion fearainn Filib cé mór

Róise ní dhéunann dobrón;

do thuit ó chách a ccion dubh,

a cion go bráth is baoghal.

19 Fá chion dubh mur gach nduine

cosmhuil í re híocuidhe;

biaidh sí fána chion choidhche,

ní bhí ’gan fhior énoidhche.

20 Rosg glas is gurma iná gloin

fan malaigh suilbhir socoir,

gach fear dár lean d’amharc air,

do radharc fear is foghlaidh.