firstLine"; ?>

949. Fogra cruinnighthe ar chru mBroin $
Length: middling 30 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G348 Sean O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS c1726< 1622 ex.
  3. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
  4. BL Eg 176 Muiris O Gorman 18th c.
  5. RIA 570 (23/Q/1) Edw. O’Reilly 1794-
Prints:
  1. text LB no. 28
Motifs:
  1. Messenger bringing tidings
  2. envoi to wife
  3. qualities of patron’s character
  4. Inauguration
  5. fertility in reign of just prince
  6. Symptoms of law & order with just prince
  7. tribute (cios, cain)
  8. prophecies of ruler
Poet Christian Names:
  1. Ruaidhri mac Aodha (Harvard O’Byrne MS)
Poet Surnames:
  1. MacCraith
Patron Christian Names:
  1. Fiachaidh mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Broin
Apologue Subclasses:
  1. Election of Cormac Conluingheas
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fógra cruinnighthe ar chrú mBroin


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 28]


Ruaidhrí mhac Aodha Mic Raith .cc.


1 Fógra cruinnighthe ar chrú mBroin;

créd fáth siobhail na sluagh-soin?

acht d’fhonn réidhighthe rú féin,

clú nách éilighthe iaid-séin.

2 Créd an fáth fá bhfuilid soin,

nó an bhfoghar fios a n-adhbhair,

laoich fhromhtha nách dóigh Danar,

’na mbróin toghtha ag tiomsughadh?

3 An rún feadhma nó an fios cean,

a fhir na scél do scaoileadh?

nó an fios duibh fáth a bhfaladh

fá bhfuil cách ag crunnaghadh?

4 Aithne dhamh, cé a-deirim soin,

fáth cruinnighthe clann ríoghBhrain,

cé tarla a ndíol d’ainm orthaibh

do ghairm ríogh do Raghnallchaibh.

5 Do toghadh leó leath ar leath,

Branaigh is laochraidh Laighneach,

an té dhíobh budh díol anma

do shíol ríogh is ríodhamhna.

6 Do thuill a thogha tarsa,

ciodh mór teist na ttrénchlann-sa,

ar mhéad umhla agus oirbheart

an ghég cumhra chnuasoirdhearc.

7 Ag sin breith do-bhéardaois féin,

lucht diomdha an dreagain duaisréidh,

go mbeith sé a ríghe riompa,

an ré sídhe soineannta.

8 Sé féin muna diúltadh di

éinrí curadh cláir Life,

gan chur gliadh, gan chongmháil gcruidh

do bhiadh a horláimh d’Fhiachaidh.

9 Ar oinioch, ar gliceas ngníomh

dá bhfaghthur innmhe airdríogh,

dlighidh Fiacha í d’fhagháil,

rí gach iatha d’iongabháil.

10 Ar cruas riaghla, ar comhdháil gcruidh,

dual ceannus d’fhagháil d’Fhiachaidh,

ar bheith aimhréidh ré a fhaghlaibh,

bheith fá ainréir d’ollamhnuibh.

11 Bheith a gceannus ós cionn cáigh,

mac Aodha an oinigh iomláin,

rádh gach aoinfhir d’fhód Almhan,

an t-óg faoilidh faobharghlan.

12 Ní bhéaradh breith ’na aghuidh

fá mbí ar Fhiachaidh d’anfhalaidh,

dá sireadh cána críoch mBreagh,

námha agus bíoth ’na bhreitheamh.

13 Triath oile dán samhail soin

tig roimhe don fhéin Ultaigh,

do thuill eighreacht fhuinn Oiligh

do dhruim deighbheart ndeaghoinigh.

14 Cormac Conn Luingios líon sluaigh

go Cruachain an fhóid fhionnfhuair

téid do bhríogh fheirge a athar,

líon ceilge do cheannsachadh.

15 Ag rígh Cruachan, cian ó shin,

do chaith athaidh dá aimsir;

go gcluin sein ég a athar

ón treibh níor fhéd athrachadh.

16 Curaidh Uladh d’éis a ríogh

fá lán d’atuirse is d’imshníomh

go cur teachta ar ceann Cormaic,

ealta na reann roordhraic.

17 Do fhiafruigh duine dhíobh féin

don tsluagh airmghreanta aigmhéil

cia do dheighshliocht Róigh, an ríogh,

dár chóir eighreacht an airdríogh.

18 Cantar leó lán do thuirsi:

cia dár chóir ar gceannuis-ne

acht d’ar gCormaic-ne a gclár Breagh,

lámh as ordhairce a n-éigean.

19 Dá measdaoi mílidh Eamhna

aniú ar tréidhibh tighearna,

d’oighre Chonchubhair chláir Breagh

comhchubhaidh dáibh a dhéineamh.

20 Téid teachta a n-aoinfheacht ann-sain

a ndáil Cormuic go Cruachain;

mór bhfáidh dá iarraidh tar ais,

triallaidh a ndáil a dhúthchais,

21 A mheic Sadhbha dá sléacht fiodh,

gabhthar libh adhbha h’aithreadh

lé daighbheartuibh dan dú dlaoidh,

a thairngeartaidh crú Cathaoir.

22 Fraoch na síon laighdighthear libh;

na toirthe téid san méid-sin

a n-úir nách faighthear lé fear

fúibh, a aitreabh na n-aoigheadh.

23 Iasg gach mionshrotha ag meabhsain,

gach éinní gan uireasbhuidh

acht tréd ó ghaoibh gréine ar ngoin

faoibh, a ghéag fhréimhe ríoBhroin.

24 A bhfad uait lé ró riaghla

do budh lór leanb aoinbhliadhna

ar an raon do chaomhna cruidh

taobh ré haongha dot armuibh.

25 Measaid do lucht fuatha féin,

dá mbeith go mbeidís aimhréidh,

lé daoire do reachta ríogh

daoine cearta do choimhdhíon.

26 Dámadh molta méd do chean

ar chomhair Dé fá dheireadh,

’s a n-uile tar cheart do chur,

is tearc duine do dhiúltfadh. .

27 Gach ní ré a ttiocfadh a toil

acht nách tabhradh cead cogaidh,

madh fada í a gcaidreabh cáigh,

sí ó aigneadh dá fhagháil.

28 Tig do Róis d’ainmhéid oinigh

lucht fuatha dá fiafraighidh

tar ceann gur doimheallta a dreach,

an tseang shoidheargtha shuaimhneach.

29 Ní hiongna toil dá tréidhibh

do-ní gach ní soidhéinimh;

is cóir an tír ar a toil

’s budh cóir an rígh dá rochtain.

30 Briathra ar a bhfaghthar cion cáigh,

cantar lé, lán do shíothcháin,

do sgaoileadh feirge gach fir;

feirrde an t-aoinfhear ór éirigh.