firstLine"; ?>

951. Foilsigh do mhiorbhaile a Mhuire $
Length: short 15qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. TCD 1318 (H.2.16) pseudo-YBL 15th c.
  2. Bodl.Rawl. B 514 O’Donnell poems 16c
  3. NLI G 167 Seamas MagUidhir 1727
Prints:
  1. transl. McKenna Aith.Dana no. 22
Motifs:
  1. War with English
  2. king’s officer (maor tobhaigh)
  3. imagery for BVM
  4. BVM and Christ as kin
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Og (TCD1318)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Niall mac Toirrdhealbhaigh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1439
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Foillsigh do mhíorbhuile, a Mhuire


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 22]


Tadhg Óg Ó hUiginn cct.


1 Faillsigh do mhíorbhuile, a Mhuire,

maoidheamh asad is é ar lón;

bíodh mo chássa ort ’n-a oire

nocht do ghrása, a Mhuire mhór.


2 Tuig féin go bhfuilim i n-éigin,

is oircheas duid déachain faoi;

éisd rem fhuigheall gidh olc meise;

cluineam ort a threise a-taoi.


3 Cuimhne an bhráithris bhím do mhaoidheamh,

a mháthair Íosa an fhuilt chlaoin,

ó nach cubhaidh re mac Mhoire,

an cumhain lat goire ar ngaoil?


4 Mall mo fhreagra ó Rígh na n-uile;

’gum urnaidhe gá fhad bhia?

mar a-taoi liom meisde ar meanma

leisge riom dá ndearna Dia.


5 Rí na ndúl dá ndearna ar n-eiteach

iarraim ort, gidh ard an céim,

sinn ar-aon do dhul fa dhiomdhaidh,

a shubh craobh dar bhfiodhbhaidh féin.


6 Gidh bé itche iarrfas meise,

a mháthair Dhé - dia do bhail -

gomadh neamh ar thós a taradh,

gidh eadh fós ní anabh air.


7 Ní haisgidh cruidh gidh créad eile

iarrthar uaim ar th’earrla nocht;

ní beithte, a mháthair Dé, i ndiamhair

gi bé a-táthair d’iarraidh ort.


8 Dá nguidhe Críosd tar ceann mh’anma

lem aigneadh ní headh budh lór

ar son Néill Gairbh muna ghuidhe

im ainm féin, a Mhuire mhór.


9 Riot do-bheirim - bíodh ar th’eineach -

a inghean Anna as ard clú,

taobh re hó Conaill do chobhair;

toghaim mar mhaor dtobhaigh thú.


10 Cabhair do rígh rátha Murbhaigh,

a Mhuire, a bhuime na mbocht,

mar do bheinn féine i n-idh iarainn

déine ná sin iarraim ort.


11 Ní bheidís Gaoidhil Ghuirt Banbha

muna bheadh cosg a gcinn shluaigh

ní as sia gan chreideamh dá chéile

dá leigeadh Dia Éire dh’uaim.


12 Gion go bhfríoth ceannas Chláir Fhódla

i n-éinfheacht ’ga hearrla bhug

do Bhanbha Dá Thí ní tualaing

rí ná damhna an tuaraim thug.


13 Gidh mór mbliadhain do bhí i n-éigin

Inis Banbha, bean Dá Thí,

a-dhéaradh féin nach fuair dhoghruing

go buain Néill Í Dhomhnaill dí.


14 Má rugadh breath ’n-a breith leathtruim

[ag] laochraidh Gall um Ghort bhFloinn

rugadh do bhreith ar fhiadh n-Éireann

Niall do bheith i ngéibheann Goill.


15 Ceadh nach tráighfidh a dtonn meanma

mac Toirrdhealbhaigh ó tá i láimh?

roimhe soin gér mhór a meadhair

do loigh brón ar fearaibh Fáil. Faillsigh.