firstLine"; ?>

954. Foiridh mo leisge a Leath Cuinn $
Length: middling 27qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. warning to mp
Manuscripts:
  1. RIA156 (23/D/5)Sean MacSolaidh 1715
  2. RIA 488 (23/N/12) MmcP OLongain1763
Prints:
  1. text DiD no. 95
  2. transl. Ir. Monthly 49, 672
Motifs:
  1. poetic curse
  2. Attack on poet
  3. poet to be compensated
  4. The dangers of being satirized
  5. Fasting
  6. use of place-names for ornament
Patron Christian Names:
  1. Aodh Ruadh and
  2. Teaboid
Patron Surnames:
  1. a Burc
  2. O Domhnaill d. 1602 &
Poem:

Poem in printable PDF format

Fóiridh mo leisge, a Leath Chuinn


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 95]


Tadhg (mac Dáire) Mac Bruaideadha .cct.


1 Fóiridh mo leisge, a Leath Chuinn,

ní haimhleisge gan fhochuinn;

an leisge labharthar linn

leisge ón hanathlamh mh’intinn.


2 Tugabhair adhbhar aoire

dúinn - is damhna éagcaoine;

leasg linn gan deighfhéagsain duibh

neimhéasgaidh inn fa aoruibh.


3 Do creachadh gion gur chead ribh

sinn re dreim dá bhar ndaoinibh;

glacadh mo chruidh munar chead

bacadh ní fhuil ar mh’aiseag.


4 Leasg liom uaisle Gaoidheal nglan

d’imdheargadh uaim nó d’aoradh;

’s is leasg maitheamh mo mhasla

nó go n-aithear m’adhbhar-sa.


5 Do-bhéar an chairde as dual damh;

do-rinne mé bhar moladh;

ag so an breacadh san bhagar

bhar bhfeacadh má fuaradar.


6 Troisgfead oruibh as a haithle

mar tá ag éigsibh ordaighthe;

do-ghéan trá romhoille ruibh

mar tá oruinn-ne d’fhiachaibh.


7 Tar ceann mo leisge, a Leath Chuinn,

fa dheoidh dá ndeachadh thoruinn

gid bé neamhfhaomhadh do-near

bhar ndeaghaoradh a dheireadh.


8 Dá sgaoiltí aonrann don aoir

fa chách - ní cluiche díomhaoin -

ní bhiadh neart anacail air;

radhacair teacht óm theangaidh.


9 An gcéin mhéaras Gaoidhealg ghlic

mar ghlóir i n-Éirinn orrdhreic

biaidh a gcanfuim-ne ar chuimhne;

ní hanchuimhne m’fhorfhuighle.


10 Mar sgaoilid crithre a ceardcha

dh’iarann d’éis a dheighdheargtha

sgeinnfid drithle uaim dom aoir

nach sirthe uaidh bhar n-athmhaoin.


11 Ní bháidhfeadh Búill mhear ná Muaidh

ná Éirne an oirir ionfhuair

neimh ar saighnéin as sia goimh

go ria daighfhréimh nDálaigh.


12 Ní chuirfe fuarshruth Finne

ná linnte im Loch nAilinne

ar ndrithleanna druim tar ais,

ná flichbheanna fhuinn Iorrais.


13 Deargfaid gruaidhe gille mbras

im Shliabh Badhna is im Bhearnas

re a n-aigmhéile mun mBaoill mbuig

im thaobh Braidshléibhe, im Bhuanaid.


14 Sgeinnfid uaim aoibhle nimhe

don tsoighnéan trom theintrighe

le ndreachlas gruadh gach ghille

do shluagh neamhchas Neimhthinne.


15 Béad gruaidhe nach teo teine,

béad óm briathraibh frithire,

drúchtbhraoin ris gach ndreich d’Íbh Cuinn

is don Bhúrccraoibh fan gcreich chanaim.


16 Biaidh ó gach dhruing thoir is thiar

do shíol Chuinn, do chloinn Uilliam

óm cháir dá gcongbhaighthear mé

tromaithbhear cháigh dá chéile.


17 Biaidh “mairg do-chonnairc a chrodh”

dá rádh - ní rádh gan adhbhar;

i ndiaidh a gcaithréime ar chách

biaidh a n-aithmhéile [i n-antráth].


18 Biaidh mallughad mór a nimh

ag cloinn Aoidh ar a n-aithribh

tre choimhtheas ngruadh ngnéadhonn

thoillfeas uam a n-aibéaram.


19 Más d’iarraidh clú do chuirsead

an chuairt nach cuairt turuisbheag

is ’n-a mhionchlú mharfas sin

ar fhionnchrú ghlanchas Ghaoidhil.


20 Ní fás ríghe ná ratha

ná buadh trod ná tréanchatha

bhias don tí ar a n-iméar m’aoir;

a ndingéan dí ní díomhaoin.


21 Biaidh an chóir ag congnamh leam;

biaidh congnamh ardnaomh Éireann

ar shluagh bhonnghlan chaomh Ó gCuinn

mar aon is congnamh Coluim.


22 Aigeoraidh tre bhar n-ainiocht

Colam i n-a choraighiocht

na sluaigh-se ar a dteagmhuinn teann

eadruinn is uaisle Éireann.


23 Ní heagla nach géabhadh greim

- biaidh ’n-a eisiomláir d’Éirinn -

tre m’aoir [a] fholaidheacht sin

coraigheacht an naoimh neimhnigh.


24 Sul thí an dál-so mar deirim

daoibh, a Leath Chuinn, cuimhnighim;

bean far dtoirmisg-ne far dtoil;

dar dtroimleisge féin féachaidh.


25 Cuiridh fos dá bhfagham cead

do chor airde ar ar n-aiseag

orm a dtuaidh, a chaoimhLeath Chuinn;

ní daoirbhreath uaim a n-abruim.


26 An t-oireacht rer chead mo chrodh

aca agus ibh-se d’aoradh

faghthar ón oireacht díol damh;

fíor nach doibheart a dhéanamh.


27 Mo chúis im cheann mo leisge

- anois tráth ar dtoirmeisg-ne -

ní cneasda nach cuimhnidh sibh;

fuilngidh feasda nó fóiridh. Fóirid.