firstLine"; ?>

957. Foraire Uladh ar Aodh $
Length: long 38qq
Certainty: 3
Period:
  1. 15th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Francis. A25Brian MagNiallghuis c1610-
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. RIA 1387 (23/O/78)Uill.R MacCoitir 1723
  4. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R. 1744-5
  5. RIA488(23/N/12)MmcPUiLongain c1763
Prints:
  1. text DiD no. 96
  2. transl. Ir. Monthly 49, 435
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. eulogy of personal appearance
  3. poet as patron’s spouse or lover
  4. standing guard over territory
  5. spartan life of warriors
  6. War with English
  7. use of place-names for ornament
  8. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. Maoilsheachlainn (na nUirsgeal) (RIA 1387,3)
  2. Tadhg Og (RIA 488)
Poet Surnames:
  1. [O hUiginn
  2. [?O hUiginn]
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Airt
Patron Surnames:
  1. MagAonghusa d. 1424 (unlikely d. 1497?)
Apologue Subclasses:
  1. Cuchulainn: protecting the Ulstermen, his kin
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Foraire Uladh ar Aodh


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 96]


MaolSheachlainn na nUirsgéal Ó hUiginn .cct.


1 Foraire Uladh ar Aodh;

ní hadhbhar eagla d’aontaobh

bheith d’Aodh ag comhfhaire a gcroidh

taobh re a fhoraire ag Ultaibh.


2 Do leigsead Ultaigh uile

taobh re hAodh an fhoraire;

fuath suain ’ga dheaghoireacht de

sealoidheacht ní fhuair impe.


3 Doras oslaigthe Uladh

tarla ar sliocht na seanchuradh

fian Toraighe i dteannta Gall;

bearnta foraire a bhfearann.


4 Baoghlaighe iná a [bhearnadh] dhí

dá bhfuil aisde agus innte

críoch Chonaire is Chuirc Chaisil

puirt fhoraire an Aodhai-sin.


5 Innbhear Bóinne agus Banna

is gach fonn dá bhfuil eatorra

feithidh - gá foraire as fhearr -

beithir romhaighe Raoileann.


6 Dún Dá Leathghlas na learg nglan

Dún Sobhairce Dún Dealgan

do-ní ag comhfhaire na gcath

foraire na dtrí dtulach.


7 Dírim do mhuinntir mheic Airt

go Baile an Iobhair orrdhairc

go Rinn Sibhne dhóibh ar ndul

’s nó go róigh imle Uladh.


8 Leathaidh ar phobal Phuirt Rois

’s ar chaladh gCairrge Fearghois;

’s ar Thráigh mbinncheolaigh mBaile

imtheoghaidh an fhoraire.


9 Ó Chúl Raithín na ród nglan

ní fhuil soir go hAird nUladh

port dá roimhéad ná caol cuain

gan choimhéad d’Aodh re haonuair.


10 Ó Aird Uladh an fheoir mhaoith

go Beinn nÉadair mheic Éadghaoith

gan fhoraire ó Aodh ní fhoil

raon maraidhe ná marcoigh.


11 Ar Mhág Aonghusa uile

tairgfidh ó tá an fhorfhaire

drud i ngoire ghlanshluaigh Ghall

’s a bhfoighe d’anbhuain d’fhulang.


12 Ar sgáth chóigidh chlann Rosa

fuilngidh Aodh Mág Aonghusa

cian uadha a ghníomha goile

síona fuara ag foroire.


13 Siobhal oidhche ’n-a éanar

is é as fhearr do fhuiléangadh

’s a lámh um chaolgha nó um cholg

dá chaomhna lámh le leathbhord.


14 Síodhuidhe Beinne Boirche

fuilngidh ar feadh geamhoidhche

gan cheann fa theach do thabhairt

fa cheann gcreach i gcontabhairt.


15 Fuilngidh madh fada an adhaigh

gan bhais do bhuain d’aradhain;

fuilngidh le hanbhuain an fhuinn

i dtuighnigh adhfhuair iaruinn.


16 Mórán baoghail beagán suain

iomchraidh Aodh an airm rionnfhuair;

béas na gcuradh riamh roimhe

do mhian Uladh d’fhoroire.


17 Cóir do chuireadar Ulaidh

eatorra agus Allmhuraigh;

tugsad geall ar dheighthreoir dhó

an feithmheoir do b’fhearr aco.


18 Mág Aonghusa na n-arm ndéad

ar tí an chóigidh do choimhéad

méidhe an ghaothmhara do ghabh

aonchara fhéinne Uladh.


19 Íbh Eachach na n-abhall bhfiar

idir fhiodhbhaidh is oirshliabh

idir fhairrge mhín is mhagh;

gá tír as ghairde ó ghábhadh.


20 Guaissealbhach Ghleanna Righe

gabhais ar a gáibhthighe

greim do chaoimheirr an chóigidh

’n-a heing aoibhinn urchóidigh.


21 Ar sgáth shíl Eoghain do an

Mág Aonghusa i n-eirr Uladh;

aibche sa chách a chosnamh

ar sgáth mhaicne a mháthar-san.


22 Cóigeadh mheic náraigh Neasa

dídnidh do dhruim bhráithreasa;

an gort ’ga leithchineadh leis

feithfidhear gan tocht thairis.


23 ’N-a bhráthair aca uile

a-tá rí Ó Rudhruidhe

tuar conganta le cloinn Néill

’s ’n-a bhronndalta ag droing díbh-séin.


24 Cú Chuluinn na gcleas ngoile

mar sin do fhréimh Rudhruidhe;

díon an tsluaigh-se ar-aon orra;

dá ghaol uaisle eatorra.


25 Cineadh mheic Fhachtna Fháthaigh

ba díbh-séin a dheaghmháthair;

na slata do fhuaigh Eamhain

aca fhuair a oileamhain.


26 Mac Deichtine dearc uaine

dar bh’ainm Cú na Craobhruaidhe

’n-a thiomchall-san do thuill bladh

ag iomchosnamh fhuinn Uladh.


27 Coimhdheas do thír is do thuinn

do feithtí le Coin gCuilinn

do ghrádh chombráithreach na Con

do chlár fhonngháibhtheach Uladh.


28 Do cuimhnigheadh uair oile

comhaltas chlann Rudhroidhe;

níor léig faghail na feadhna

i n-aghaidh a n-oileamhna.


29 Níor luigh ar leith a mháthar,

do-ní seacha soláthar;

níor shanntuigh an frosmhagh fionn

ag cosnamh alltair Éirionn.


30 Do chloinn Eoghain amhlaidh sin

do-ní cosnamh an chóigidh

Aodh go hionChon na hEamhna

an chaor iothmhar fhíneamhna.


31 Mág Aonghusa an earla thruim

ní lamhthar lucht a leathtruim

folt na ndual snáthfhailgheach saor

’n-a mháthairleath uadh d’éantaobh.


32 An uair uach aithrighid soin

a ghaol Í Chonaill Chearnaigh

gaol na ríogh do fhréimh Chonaill

do shíol Néill ní neamhchomhaill.


33 An uair chuirid i n-a chionn

ceithre hollchóigidh Éireann

folt claon ar chur na n-idheadh

Aodh ’n-a Lugh dá leithchineadh.


34 Lugh nó Cianmhac an Cháinte,

nó Naoise a fhear éanpháirte

slat dá ndleaghair corrDhruim Caoin

d’fhearaibh comhluinn Mhac Miodhchaoimh.


35 Tairrngeartach Teamhrach Midhe,

leannán lochta ar gceirdei-ne,

taisdealach Trágha Dá Bhan,

gaisgeadhach ágha Uladh.


36 Abhartach aonaigh Tailltean,

síodhuidhe nach seachaintear,

caisgidh fhaghla dá fhine,

taisgidh anma Eimhire.


37 Coiléan caomh Caithreach Fhíona,

croidhe gan fhuath n-eissíodha,

rún faobhrach ag faicsin chean,

aonroth gaisgidh na nGaoidheal.


38 Coimhéadaidh cloinne Rosa,

Aodh mac Airt Mhéig Aonghusa,

sleagh glaisbheann i n-a ghoire

fear fairseang foroire. Foraire.