firstLine"; ?>

958. Foraois airdriogh iath Connacht $
Length: very long 59qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 998 (23/F/21) Vellum, 16th cent.
Prints:
  1. text Carney PB no. vii
Motifs:
  1. patron’s prowess in war
  2. caithreim, list of triumphs
  3. harrying
  4. creach, cattle-raiding
  5. Hostages
  6. allusion to Ruaraiocht
  7. allusion to Fiannaiocht
  8. Hunting
  9. dogs
Patron Christian Names:
  1. Riocard Og mac Uilleag mhic Riocaird
Patron Surnames:
  1. a Burc (2nd Earl Clanrickard d. 1582)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Foraois airdríogh iath Connacht


[Carney, James: Poems on the Butlers: of Ormond, Cahir, and Dunboyne (A.D. 1400-1650), Dublin, 1945, poem 7]


1 Foraois airdríogh iath Connacht,

tír as truime bláthdonnfholt,

an gainmheach fiadhach feadhach

grianach aibhneach inbhearach.


2 An fhoraois aoibhinn fhairsing,

adhbha abhann soluisbhinn,

an magh fionnródach faichtheach

glan tiormródach turchairtheach.


3 Oireaghdha in fhoraois aoinfhir,

Críoch Meadhbha in mhúir shluaghdhaoinigh,

in mhórchomrach uaine fhionn

nuaidhe órchornach fhairsiong.


4 Aniar ó Léim Lára ar muir,

bu thuaidh go Deargdhearc ndomhain,

go Drobhaois nglaisbhinn ngrianaigh,

foraois fhairsing airdfhiadhaigh.


5 Maith fear dán foraois shealga

Connachta in chuain shoineanda,

coimmion maith in fhir ’s a aois,

mo chin flaith asa foraois.


6 Neamhchranna in fhoraois fhiadhaigh,

Connachta in chláir fhóidghrianaigh;

fear mar é dob eadh Naoise

gibé fear na foraoise.


7 Riocard Óg, airgneach a port,

dó as fhoraois achadh Connacht;

buaidh lámhaigh a laoibh sealga

’gun chraoibh nároigh Naoiseanda.


8 Ionnamhail dó ar deargadh sleagh

dias oili a n-égmhais Naoisean,

Fiamhain agus deighFhear Diadh

nár ceileadh d’iarraidh éinghliadh.


9 Naoise mac Uisnigh échtaigh

fuair anbhuain ó airmchréchtaibh,

Fear Diadh is Fiamhain feardha,

triar re hiarraidh éinfheadhma.


10 Naoise is Fiamhoin is Fear Diadh

ní chinneadh orra éintriar,

triar ríghfhear cliar do chaomhna

’na dtriar míleadh macaomhdha.


11 Le faghbháil fhorlainn fheadhma

don triar churadh choimhfheardha,

is é a gcríoch fán gcás leathas,

fás do-níoth a nidheachus.


12 Do neart ag fás tar forlann,

mac Uilleag na n-échtchomhlann,

laoch fial ar nárbh forlann neart,

conghlann don triar ar treiseacht.


13 Fiamhain agus Fear daighDhiadh,

Naoise fuair feidhm comhlainnghliadh,

triar ríghfhear ’s a rian ós aird,

triar míleadh fá rian Riocaird.


14 Naoise is Fear Diadh na ndearc nglas,

Riocard is Fiamhain foltchas,

’s siad do seachnadh a gcomhlann,

ceathrar iad a n-énchonghlann.


15 Lucht fiadhaigh na bhfonn nglan-sa

in céttriar don cheathrar-sa,

triar tréinfhear rosgglan go rath,

coscar féinneadh a bhfiadhach.


16 Sealg neamhghnáth do-níodh an triar

fán bhFódla, fiadhach imchian,

san moigh dtigh ngormabhlaigh ngeal

ar tromdhamhraidh mir Míleadh.


17 IonNaoisean is inFhir Diadh

sealg Riocaird d’fhoghbháil éichtghiall,

ag miniarraidh learg is leas

a shealg inFhiamhoin innlius.


18 Sealg inríogh aghar uadha,

mac meic Riocaird rosgcuanna,

mana díbhearg thuaidh is teas

a ríghshealg an uair innleas.


19 Ráith Cruachna a shuidhe shealga

d’airdrígh na nGall nGaoidhealda;

suidhe i gCruachain fhíonaigh aird

do ghníomhaibh ruathair Riocaird.


20 Ordaighidh eanach ríoghdha

i gCruachuin ghil ghrésghríobhdha,

’man bhfíorthobraigh ngleanntaigh nglais

ríoghphoblaigh seabhcaigh súlghlais.


21 Iongnáth in t-eanach fiadhaigh

innleas Riocard rúindiamhuir

’mun seanghlanmhagh ngrianach ngeal

d’fhiadhach meardhamhradh Míleadh.


22 Lucht each d’fhiadhach gach muighe -

searnadh sealga coscraighe -

lucht nglac ’na bhfearuibh fiadhaigh

fá fheadhaibh mbrat mbláithdiamhair.


23 Lucht éididh d’fhiadhach ndúinteadh

fán gclár bhfairsing bhfionndrúichtgheal;

sleagha cróidhearga a gcró sleagh

i ló móirshealga a míleadh.


24 Bearnta baoghail gach baile

lán d’airsidhibh iorghaile

san moigh mínleathain meadhaigh

ngloin bhfírbheachaigh bhfoithreamhail.


25 Mac Uilleag, dán ciúin ceómhuir

ag éisteacht re a hilcheólaibh,

mar Fhionn ’na shuidhe shealga

ós cionn Muighe mínEalga.


26 Gnáth mar sin Fionn na Féine

ar maoilinn ghlais goirmshléibhe,

’s an Fhian ’na n-eanach shealga

im shliabh sreabhach soineanda.


27 Nuall gadhar, gotha a fhéinneadh

i gcomraibh cnoc mbraoinghléigheal

ós linncheómhuir na linn dte

d’ilcheólalbh Finn na Féine.


28 Na Fiana i bhfírdheireadh laoi

d’ionsaighidh Fhinn fuair mórghnaoi,

ag bloscadh a-niar ’s a-nair;

coscar fiadh ag na Fianaibh.


29 Sealg coscrach nach coscar fiadh

gá fhéin im mac Mic Uilliam;

a airdfhiadhach badh ár fear

im chlár ngairgfhianach nGaoidheal.


30 Dá chonairt líonas learga

aigi i n-uair na móirshealga,

croidheirge in gach clár don ghurt

dágh coimhfheirge in dá chonart.


31 Oilidh d’fhiadhach gach aicme

lucht leigthi na conairti,

conairt onchon saothrach sróill

i gcaomhthach dhornchladh deargóir.


32 Laoich mheara ag maidhm dá n-iallaib,

scaoiltear leó lá in mhóirfhiadhaigh

dá n-onchonaibh sróill ar seilg

’na mbróin chonfadhaigh ceinndeirg.


33 Osclaid dá gconairt chuilén

ó mbia a ndúintibh deargmhuinél;

go leargShnámh uaine Dá Én

sealgár ón chuaine chuilén.


34 Clann Riocaird Óig fhuair gleaca

conairt chuilén míleata;

de is dearg gach gormchoirrshleagh ghér,

sealg confaidhmhear na gcuilén.

35 Cuaine ríoghdha im Riocard Óg,

conairt ón corcra bánród;

laoch dreachnuaidhe Brogha Breagh

rogha in mhearchuaine míleadh.


36 Iomdha re hucht a shealga,

eich is onchoin ceinndearga,

ar faichthi ngrianaigh gá ngníomh

is graifne fhiadhaigh airdríogh.


37 Faghbháil giall dá ghníomh fhiadhaigh,

puirt mhóra dá miniarroidh;

argain fhionnráth ar gcor chath

is blogh iongnáth dá fhiadhach.


38 Sealg a chonairti curadh

cur coscair, críoch d’fholmhughadh,

maighlearg go dealbhchorcra de,

gairbhshealg fhearchonta fhéine.


39 Damhradh mhór do Mhaicne Chuinn

uatha ’na n-oighibh tafainn -

dronga do dhealaigh ón lucht -

fá fheadhaibh corra Connacht.


40 Cleachtaid in chonairt ríghfhear

cróilighe ar chorp saoirmhíleadh

ar thealchaibh nglanros ngrianach,

fearchoin adhras d’airdfhiadhach.


41 Lá coscair fa cródha in tsealg

im Shuidhe Finn na bhfinnlearg,

mar chomhchroidhearg fonn is fér,

trom confaidhfhearg na gcuilén.


42 Ár do líon learga corcra,

coscar cuilén bhfearchonta -

tug golchomhairc im Bóinn Breagh -

ó thromchonairt mhóir míleadh.


43 Ón ár throm-soin tug in lucht

ar urmhór cóigidh Connacht,

maidhm Shuidhe Finn is ainm air,

maidhm in mhuighi finn fearthair.


44 Coscar sealga Suidhi Finn

scél do sgaoileadh fó Éirinn;

dearg dá dhíbheargaibh gach aird,

sealg do ríghshealgaibh Riocaird.


45 Connachta a chúili sealga;

a-tá sa tír naoidheanda

damhraidh nach dealaigh tré ghleann

a ndeaghaidh daghdhaimh díleann.


46 Ní fétar le feirg in daimh

ceann do chur isin damhraidh;

is díon don damhraidh uili

gníomh an daghdhaimh dhamhghaire.


47 Ó Eas Ruaidh go hiath nEachtgha

fairsing fairchi a n-inghealta,

in tír go ngealghabhlaibh gleann

bídh fá dheaghdhamhraidh ndíleann.


48 In rí is urlár in tíri

fán damhraidh mir móirshidhe;

cleachtaid soin siobhal i bhfad,

ní fhoil ionadh nach iarrad.


49 Lá i mBeannchor na mbuinne mall,

cuairt eile a nIorrus Domhnann,

lá ag imtheacht ar Maigh Maine

inghealt daimh na damhraidhe.


50 Foghlach iad ar iath Luighni,

’s ar gort Sionna sriobhghuirme;

innlid ar abhallmhagh bhfionn

in ghamhanradh damh ndíleann.


51 Uathadh droibhél ná diamhuir

nach iarrad re hénbhliadhain,

bídh san fhiadh chríchmhín a gcuid,

gach sliabh mar fhírthír iarraid.


52 Im Loch Riach na raon solus

gidh eadh bhíos a mbunadhus,

do sheich Bóinn a n-imtheacht as,

inghealt ar leith dóibh dhíolas.


53 Ní chleachtaid ingheilt fholaigh

in damhradh shaor shíodhamhail;

léigid fá Leith Cuinn gan cheilt

creich gach fhuinn is dá n-ingheilt.


54 Iad is deocha don damhraidh

meadha in chláir ghuirm ghégabhlaigh;

sreath do chornuibh óir orra,

dóibh ’na gconglaibh comhthroma.


55 Nach ria ráitear in damhraidh

clann Riocaird Óig órarmaigh,

ar síorfhaghlaibh go Bóinn mBreagh

don ríodhamhraidh mhóir mhíleadh?


56 Maicni Uilliam is ard rath

damhradh is docra d’fhiadhach -

neach? mar é, nír claonadh calg -

is é a n-aondamh ré Riocard.


57 Tairis ní lamhtha i ló gliadh;

damhradh mearMhaicne Uilliam,

do-ní sé a sénadh uili,

éndamh ré na ríoghraidhe.


58 Críoch a eascarad airgidh,

ceannus aigi ó a fhíorchairdibh,

tulcha gach tíre nár airg

gan urchra ó ríghe Riocaird.


59 Biaidh sé ag síorargain a port

Riocard Óg d’fhaghbháil Connacht,

gu ngabh in gealmhagh le gaois

in magh fleadhmhar budh foraois.