firstLine"; ?>

960. Foraois na gcliar Clann Mhaolruanaigh $
Length: very long 63qq + prose
Certainty: 1
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 739 (24/P/9) David ODuigenan1651-
  2. RIA 751 (E/iv/1) Dominic O Duibhg. 18th c
Motifs:
  1. comparison with own kindred
  2. bard, bruilingeach
  3. liberality to poets
  4. poet insulted patron?
  5. war with Foreigners
  6. fertility of land under true king
  7. symptoms of law and order (no doors)
  8. king’s officers: maor, baille
  9. Dinnshenchas
  10. house
Poet Christian Names:
  1. Duibhgeann (RIA 739)
Poet Surnames:
  1. O Duibhgeannain
Patron Christian Names:
  1. Tomaltach m. Conchub. m. Aoidh m. Chonch.
Patron Surnames:
  1. MacDiarmada d. 1468
Apologue Subclasses:
  1. Brisl. Maig. Muirtheimh. 064 Tain Bo Fraeich
  2. Battle Moytura
  3. Battle of Magh Ratha
Meter Vars:
  1. Sneadhbhairdne (16 Crosantacht)
Poem:

Poem in printable PDF format

Foraois na gcliar Clann Mhaol Ruanaigh

[RIA 739 (24/P/9), 282 ]

Duibhgenn O Duibhgennáin cecinit

[Snéadhbhairdne, Dán Díreach at first and then varying, Crosántacht]


1 Foráois na ccliar Clann Mháol Rúanaigh

na rúag seghmur

aradur ar chradh (gan) mur chonnradh

bladh nár bernadh.

2 Clann Mhaol Ruanaigh na rádh milis

mor an cuire

do caithfeadh féile na (na) fine

Éire uile.

3 Gabhla fionntatha chráoi Chata

clann Mháol Rúanaigh

is mion gach fer aga bhfeghain

re seal slúaghaigh.

4 Beg mo thnúth re heigsibh eile

ón fhéin cennsa

do-gheibhim gach ní is lór liom-sa

o shlogh Seaghsa.

5 Luingseóir Locha Ríbh rámhtruims

rioghdha an fheadhan

do sgriobadh da ndán fán domhan

lán [a] leabhar.

6 Foghlainntigh cheardcha an cogaidhs

do chlecht iomghoin

a-ta fraoch aigh ar a n-armaibh

do bháidh biodhbaidh.

7 Cogadh na slat a síth nenta

nós bfine

biodh aca do bríodh ar mbuile

(míon na muighe)

mín na Midhe.

8 Meóir mheadhoin mhaicne Maol Rúanaigh

radh nach dorcha

ni conchlann do laoch geal Greancha

acht fer fromhtha.

9 Ni ri go ffreasabra an fer-sin [283]

ar [fhia]dh ng[....]e

mo chuilén con ós gach cúaine

do bhladh bháire.

10 Is terc ’na mhéin rí na [leg. budh?] réidhe

ar dhíol dáimhe

ni faghtur é ar eadh na huaire

gan gen gaire.

11 Mac Diarmada ar chlann gCréidhes

ar mbarr báire

Tomaltach ag taobhshnoidhe námhads

nósr nach bladhann.ra

12 Is lán re linn gach ríasg romhall

d’iasg gach abhann

giolla dán dú cáin ón chorann

nach ttraidh tarann.

13 Cuilén leómhain do len daigreim

go mer mongdhuinn

giolla 7 sleagh derg ara dernainn

cerd in chomhluinn.

14 As dó a-táim ag deilbh a(n) ndealbhuim

gidh feidhm forluinn

Mac Diarmoda ag dul fa Dhuibhlinn

do chur chomhluinn.

15 Ag cur comluinn ’s ag cur cruidh [leg. cuiridh?]

eachtrannr ór oilers

giolla nar chuir druim re deabhaidh

cuing a chinidh.

16 (Crann ós fiodh maicne Mhaoil Ruanaigh) [> qt 24]

Tarla damh a-níarr im nónaidh

Niall is Núalaidh

a-tá giolla dé I Dhálaigh

ar ghné an ghúalaigh

17 Gad mer uile (?) crúaidh a crabaidh

búaidh dha bhúadhaibh

giolla théd go gnáth a ngleódhuibh

ag cr[u]aduibh. [word missing]


Cidh trath acht as cruaidh an t-adhbhar naire aonduine amháin ar mire a mesg tri ccéd no chethair a-ta a a ttimcell Meic Dhiarmada 7 misi ar mire ’na mesg 7 is mor an onoir don ealadhain gan mo chengal a n-éraic a n-abraim 7 mas fíor eccóir nach bfuráilenn Mac Diarmoda mo chengal 7 mo chur a ccróchaolaigh da madh ferde mh’aignidh no mh’intinn no mh’intleacht e ór as é Mac Diarmada do-gebhadh sgaith mh’ealadhan 7 caoin mo cheirde do druim dlighidh.


18 Giolla do ghabh sén re sleaghaibh

nár ér f[h]ilidh

ioth re a linn a n-uir o n-uraidh

i mBúill mbiligh

bentur cruach oirrchinn is arbha

[.........................]

19 Teirce re theach clíath na comhla

im iath Emhna

dídin a Dhé craobhshlat ar ccomhdha

saormac Sadhbha.

20 Ar[na] ttionol do thuir Chnodhbha [284]

do ghuin ghallgha

bíd bailte úadha go hiomdha

fua(i)ra falbha.


Or as fúar 7 is falamh a-táid bailte na mbuidhne do bi annso gus trasta ag cosnamh a nduithch[e] ar mac Diarmada o Dhún Balair.


21 Cuirther fion is céir ’na chomhaidh

o fhéin Fhabhair

mac meic Aodha mo thegh turaidh

is treabh taraidh (?).

22 Nior ghabh on múr no gur mhionaidh

um Dhún Danair

ni leigfedhe ar chios na ar chomhaidh

sios go Samhuin.

23 Sios go Samhain

ni thshergfa se fraoch na foghla

do-bheir san áth re guin Ghallgha

fuil go formna.


Fuil go formna tealgthair a ttroid Thomaltaigh meic Concobur meic Aodha Conqubur meic Tomaltaigh meic Mhaol Ruanaigh meic Giolla-Chriost meic Conqubur meic Cormaic meic Tomoltaigh na Cairrge.


24 Crann ós fiodh maicne Mhaoil Ruanaigh [< qt 16]

fa cháoin ccomhráidh

bronnaidh gég Chuille dar ccoimhríar

duille in domhnáin.

25 Duille in domhnáin

do-ber Mac Dermada ar dhúanaibh.

a ttabhair do Dhía is do dháoinibh

cía nac ccúalaidh.


Et cia d’feraibh Eireann nó Alban nach gcualaidh an tusgárdadh do-rinne Mac Diarmada ar a esgcairdibh a gCill Aithrechta 7 ni chúalaidh a ionnshamhail don iorgail-sin acht an ré reabaidh do-righne mac Cein meic Dían Céacht .i. Lugh laider láochbhuilleach Lamhfada a lár Chatha Mhuighe tortbhuilligh Tuireadh for Fhomhorachaibh no an cóigeadal comhmbrughach do-righne Conghal Cláon mac Sgannláin sgíathleathain a cCath Mhuighe Rath dhá dhioghailt fein ar na feadhnachaibh no an búireadh borbchatha do-righne Cú Cholainn mac [285] Subhaltaigh a mBreisleach moir Mhuighe Murtheimhne da ttug imláoid a n-anma do cheithre hollchoigeadh[aibh] Eireann no na hiomghona dubha díleighis tug Conald Cernach mac Aimhirghin Iargiunna ag tabhach Thána Bhó Fráoich 7 ní haithnidh dhuinn isin domhan mor 7 ni faghtur sgriobtha ag sgéaluigheacht ionnshamail na hiomghona 7 na himresna fuair Mac Diarmada ag cosnamh Mhuighe Luirg na lerg ttoraidh.


26 Tír a shen as tenn do thabaigh

geall re a ghonaibh

[..............................

....................].

27 Is geall oirches [...................]

san fhiadh aluinn

fúath a mhinn fa mhein an mhínfhuinn

réidh a ráidhim

28 Radharc as áille fuair duine

ar druim dhomhuinr

clúainte ura san fhíadh iodhan

grian da ngoradh.

29 Umhla do righ Achaidh Abhla

oineach umhal

gnúis nachar chlecht guth da ghoradh

cruth mur chubhar.

30 Do-gheibh ar egla chána is chomhtha

longa is lethgha

[.............................]

[........................].

31 Is craoiseach í Airt Éinfhir

ualach neimhe

an gháoth fhúar sa gleó ’na gaire

ni teó an tene.


Ni teóa an tene 7 ni fúaire an t-oighreadh errchamhail ina an ghaoth gheintlidhe 7 an fhuarlasair ifreannda eirghios do craoisigh Thomaltaigh re haghaidh eachtrann


32 A mbe[i]rnn bhaoghail

lingidh ar aitris bhó búraidh

a gcró cháolaigh

cruth mur cholga i ccath namads

cuiridh úadha sleagh nach seólbhog

ar feadh fánchnoc.

33 Fer fial Fanad

fer do chrú Cairbre 7 Chormaic

ni lentur fioch ar an bfionnshlait.

crioch do chomhloit.


Acht cheana creachaidh 7 comhloitidh Mac Diarmada criocha echtrann 7 esccarad, loisgidh a nduinte 7 a ndedhbhailte, fágbaidh a ttíre 7 a ttighe re tenidh.


34 Ní bfúair se tóir fa na tighibh

(as) dóigh bhús deimhin


Et is deimhin nach mur fuair mac Rusglainn na mna fuair [286] [Mac] Dermada (na) rioghacht Muighe Luirg, oir is ar sgéalaibh 7 ar sgolaires (?) do bréagadh mac Rúsglainn na maighdiona meirleabra 7 na rioghna rosgaille, ar is ar thesgadh a chnis le craoiseachaibh 7 ar látannaibh iomurcacha 7 congmháil a ochta re hiommbúalaidh fuair Mac Dermada rioghdacht Mhoighe Luirg na lerg n-úaine.


35 Do-geibh ar iocht riogh is réidhe

gniomh mur Ghúaire

Guaire ar eineach is ar engnamh

aghaidh rioghda

giolla le lentur coll cána

’sa ccrom craobha.


Cromaid na craobha 7 feacaid na fiodhbadha re mes 7 re morthoradh fa


36 Ó Maolruanaigh nach [............]

na rúag ndiogháir

do-bhéra laoch Mhuighe morráimh

duine diláimh.

37 Duine díláimh

ni doigh ag righ Chúain na Cairrge

d’aithle a áigh is fuar na reilge

gidh fuar fairrge

ni théd on fhior fa fiadh Eilge

clíar ar cairde.

38 Cliar ar cairde nior chuir céile

Droma Dághda

a lan da gháois is eich iomdha

fa chleith Chárna.

39 Mac Dermada a ngleó le ngormgha

ar eól anba

fían Mhuighe Luirg lór a ndealbhda

slógh na Samhna.

40 [Slogh na Samhna?]

samhal muintere I Dhúach Ghalaigh

gasraidh thé[i]d go diocra a ndeabaidh

fiochdha ar faghail.

41 Faghail acadh ar Áth Clíaths

a mbíd Gallmháoir

té[i]d is a ghasraidh fhíal fhionnbháoidh

fa fhíadh Amhláoibh.


Amhlaoibh Ó Lomluin, 7 Gofraidh O Geirchaorach 7 Conn O Coinlerga, triar óglaoch do muinte[i]r hI Nechtuin do-chuaidh le sgáoithmhuc mesradh as feadhaibh Átha Lúain síar go Ráith Cruachan d’iarraidh dairmhes.


42 Is cuis gháire

ní ffuil o righ ar taobh ar ttíres

maor no báille

do fhothruig in luch mo léine

fon sruth sáile

ni tabhair sí seadh sa sáoire [287]

ben hi Mháille

is lom do mhill ca[t na?] cleiri

mac hí Mhaire.

Tug an giolla dubh o dúainre

gu lar [grai]nne (?)

(i)s binn re fer ar bord na búille

dord gach dáimhe

braghmeic D[iarma]da (?) is geal gruaidhe

is treabh táidhe.


Et ní treabh táidhe ón, ór a-táim féin re tuillidh 7 (re) tri ráithe ag sgrudadh mo mhenman 7 ag cúartughadh mh’inntinne fhéchain caidhe an t-eólus annam úaigneach do-ghénuinn o Chill Ronáin go Longport lethan lanoirrderc Meic Dermoda. Acht cheana ro-feadur a-nois, or g(h)ébhad síar annso do Glenn Súain frisi n-aburtar tír Thúathail 7 do Choill Crotáin murar marbadh Crotán Cennmor do Lochlannachaibh 7 do Magh Treadha frisa n-aburtur Magh Ó nOiloll, 7 don Guthaird goirmriasgaigh murar labhair Lugh Lámhfada do ghuth ard feramhail ag maoidhemh Thuaithe Dé Dhanann d’ionnsaidhe chatha Lochlannach 7 do Charn Oilltriallach risi n-aburthur Carn Achaidh Abhla 7 tar Uinnsinn Fhérúaine murar báitheadh Uinneas inghean Ghabha ghabhailfhoda 7 do Shíth Dumha mur ar hadhlaiceadh Dumha inghean Bhudhbhde[i]rg meic an Daghda 7 do Clárach Luighne murar marbadh Clarach mac Conna 7 do Leithchenn Shleibhi Gamh murar marbhadh Gamh Grúadhsholus mac Eithlen, giolla Eiremhóin mhic Milidh 7 romham a-nall im rithing go reimdhíreach tre chenn Mhachaire Luighne go lánathlamh 7 d’Ath Clíath an Chorainn re raiter Baile an Mhúta, 7 do Mháolán Cinn tSeinshléibhe re raiter Ceis Choruinn 7 do Chnoc na nOnchon inar cuiredh mergeadha Ruaidhridhe na soidhe buidhe Í Conqubur re crannaibh d’ionnsaidhe catha Conachla 7 do Choirrshliabh na Seghsa go seóldíreach 7 do Mhainiste[i]r Atha in Da Laarg fur Búill 7 romham soir d’ionnsaidhe chalaidh na Cairrge.


43 Budh sén soraidh [288]

teach do chur ’na chenn nior chubaidh

brugh os broghaibh

teach tren toirtheach

teach midhchúarta Mhuighe Malonn.

44 [Is] iomdha ann glas is geibhionn

fa bhais mbannduinn [leg. mbán-]

is uaisle fa Bhuill gach braonfhonn

na úir Arann.

45 Ara Éirenn iath Mhuighe Luirg

is trom toradh

as foráois éisg san fiadh iodhan

gach cliabh coradh.

46 Coire lán d’iuchraibh is d’ubhlaibh

[.................]

mo-chen(n) a-ta san tír thonnghlain

mur mhín Mhurbaigh.

47 Giolla nach gabh greann re garbhghuin

ar ccenn connraidh

oighre Tomalltaigh mhóir mhenmnaigh.

an chóir congmaidh.

48 Connmhaidh dligheadh

té[i]d as an múr árd mur osleach

gach bard buideach

buidheach gach bard is gach brúlinntighsr

do bhaidhbh Shionna

rún Tomaltaigh go nglór ngreama

nach mor mionna.


7 is mor na mionna tug sagart na fairche dia Domhnaigh si chuaidh thart .i. in leabhar aifrinn mor do thabhairt do nach raibhe-se féin ag mnaoi re ceithre bliadhnaibh 7 is aindiuid do-san sin do radha 7 misi fein aga fheitheamh ag comhradh risin mban(an)caire 7 mna far cluas


49 Tug me úadha go raibhe

in sagart go gér da guidhe

nocha n-anann ben in bhaile

seal ’na suidhe.

do bhuaider mor 7 maine

in t-ol uile.

Uoládh nochon ard uile

an bard buidhe

tarla dhamh ag gniomh na groidhe

an maol moighe.

Mac Diarmada is báidh ler mbaile

nach ttraigh tuile

fer lenus lorg na riogh roimhe

diol gach duine. [289]


Et duine dall do bhi a cClúain Meic Nóis uair éigin re l[.....ain] naoimh 7 in tan do théigheadh sé for onfuis na Sionna do bheireadh sé fiche esgonn lais a laghraibh a chos 7 [a lámh]


50 Fa lor d’iongnamh

Mac Diarmada ar cul crannghal

ar brú biodhbadh


7 gidh sgel trid a cheile é is maith an t-adhbhur gaire nach beirionn an lair groidheadh acht eintserrach is mbliadhuin 7 da en déag ag an dreollán 7 ní mó is rothaimh sin ina mur do-ní in damhán ealla an uair do-chluin sé gotha na ngadhar go tte[i]d sé ar eaneach do innioll a liontad roimh in bfiadhach a ndoigh go ccoinneochaidh se an damhraidh


51 Ó MaolRuanaigh ar ccenn connraid

gach ceall cabhraidh

do gúais sheabhac fial forbhairs

bíadh do bhadhbhaibh.

do gég chráoibhe Clochairs

fuaim a chuilg os cách a ccathaibh

a ttrath tochair.

52 Trath an tochair

ni teilgter druim hí Airt Einfhir

is tren ar ghac ríogh dha-ríribh

gniomh in Ghaoidhil.

53 Gaoidhil Eirenn fa ucht solus

is sliocht fíre.

rí nach bí a bfolach ar fhleaghaibh

[...............].

54 Lamh (a)ga bfuil urchar dubh domhain

nach Lugh leabhair

fer do chur ’na chenn nior chubaidh

bus ferr d’fedhain.

55 Feadhnacha Lacha Cé is cosmhuil

re cruth sídhe

ar glac a lámh don eing úaine

is greim gribhe.

56 Is greim gribhe do ghlac macslis

singe Saidhbhe

nír c[h]u[i]r an cúan o laoch Luighne

gaoth da garbhe.

57 Garbcosg merleach moradh eglus

airseoir Emhna

giolla do fuair clú ar a chorrgha

ar brú berna

baranta le cach o Creidhe

ar ghnaoi Ghuaire.

58 Ní folchar maith hí Mháoil Ruanaigh [290]

a mBaoi Bherra

ní leig damh sgeim ar a sgelaibh

ón eing uallaigh


7 is uallach dona Gregaibh gurab é ait a ndénaid siad bailte bunáiteacha 7 caithreacha comhnaightheacha ar mullaighibh a ccnoc 7 a ccorrthulach.


59 Ni cles diamhair én na lachan

on mBuill mbraonaigh

is caoin re clíaraibh

fer nach ccuirenn ceim don chóraidh

réidh a riaghail,

fer dár buidhe Día 7 dáoine

’ga mbía an baire (7 a dhaoine).