firstLine"; ?>

963. Freamh gach uilc oidheadh flatha $
Length: very long 52qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. Cambr. Add.MS 3082 O’Reillys 1598-9
Prints:
  1. text Carney, POR no. xi
Motifs:
  1. Patron’s prowess in battle
  2. War with English
  3. landscape withers on death of ruler
  4. death of patron signals end to peace
  5. use of legal terminology (baranta q. 16)
  6. citation of historical precedents
Poet Christian Names:
  1. Lochlainn mac Taidhg Oig (Cambr.Add. 3082)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Pilib mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh d. 1596
Apologue Subclasses:
  1. Death of Eogan Bel
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fréamh gach uilc oidheadh flatha


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 11]


Lochluinn mhac Taidhg Óig Í Dhálaigh .cc.


1 Frémh gach uilc oidheadh flatha

de tig tús gach neamhratha;

cleachtuidh sein síolaghadh uilc

’s neimh gach fhíorfhaladh d’adhuint.

2 Mór ccúis fár dhénta diombáidh,

mór d’anbhuain is d’éigeandáil

tárrus tír d’fhairbríogh gach fhir

do bhrígh a hairdríogh d’oidhidh.

3 Tig triall faladh is fíocha,

dúsgadh uilc is eissíotha,

cogadh síon, soighidh faghla

d’oidhidh ríogh gan fhrasabhra.

4 Fásuid coinbhliochta is catha

claochlóid le hég n-ardfhlatha

suth tiormmagh, torchairthe sreabh,

tromthairthe fhiodhbhadh n-íseal.

5 Ní dubhradh fíoch ná fala,

tionnsgnamh uilc ná easbhadha,

ná cás badh doiligh do dhíon

nach fás a hoidhidh airdríogh.

6 Ní uainn do haithnigheadh linn

tar éis ríogh Rátha hOilill;

do dearbhadh gach díoghuil de

fá ríomhuigh mbeannghlan mBréithne.

7 Oidheadh Fhilib, as í tug

combáidh foghla, fuath carud,

teadhma baoghlacha, brath cean,

sgath gach aonratha d’fhilleadh.

8 Dearbhaidh díoth fréimhe Fearghna

fraoch seaca a sín Chéiteamhna,

laoi ghriandoirche, gotha én,

crotha siabhoirthe soighnén.

9 Sgath bhréige bláth gach fionnchuill,

díoth ana ar gach n-inbhearthuinn,

clúmh learg a húir ní éirigh,

fearg ar gach ndúil ndíchéillidh.

10 Aisling a-niú is a-nalluin

críoch ríogh fhréimhe Raghallaigh,

mar táid a hiomlait orchra,

tré fhionnshlait fháid fhionnTolcha.

11 Críoch Leamhna do ló a thuitme

tug sí [ní ar sén maluirte!]

meanmain réidh suaimhnigh socuir

ar chéill n-uaimhnigh n-iomlotaigh.

12 Mor mbiodhbhadh bhíos ’gá foghuil;

beag bhíos ag brath anaghuil

d’eing chormaigh na gclaoinfhiodh tte;

foghlaidh gach aoinfhear uirthe.

13 A-tá an tír nár chleacht cogtha,

run deabhtha ná díogholta,

tre ghríbh n-écht-truim Banbha Breagh

’na héntuinn fhaghla is airgneadh.

14 Mar tá gach olc ar fhuil cCuinn

tugsad féin ’na fód fhábhuill

fairche oicht-te fhuinn Leamhna

do dhruim thoitme a ttighearna.

15 Fá chrích slim na sreabh gceolchur

nír háirmheadh, ní háireomhthar

ar aithéirigh, ar fhás d’olc

tre bhás gcaithfhéinidh gConnocht.

16 An gcéin do bhí ’na bheathaidh

’na bharánta ag Bréithneachuibh

neart Gaoidhil nír ghnáth orthuibh

ná sgáth aoinfhir d’eachtrannchaibh.

17 Ní léigeadh éinchreich n-annuimh

ón chrích-si Chlann Raghallaigh,

clár finnte na bhfiodhbhadh ccuir,

nach ttiobhradh innte a hurduil.

18 Mor ccath nár chlaochló a mheanma,

mor ngleo neimhneach naitheardha

fuair fán mBanbha bhférghloin bhfinn,

d’énghuin gé tharla a thuitim.

19 Ag díon Fhódla na n-eas mbinn

ní mór gur mhisde a thuitim,

acht guin ríogh leargmhúir Leamhna

do bhríogh chealgrúin cinneamhna.

20 Tús leoin do laochraidh Banbha,

tuar flaithis d’fhéin allmhardha,

a ghuin le Gaoidhealaibh féin

do mhuidh d’aoinfheadhuin iaid-séin.

21 Mairg dhóibh nár thuig ó thosaigh;

tug bás oighre an Aodha-soin

trén cáigh an uair-si ar Ultuibh

mur uaisle an chláir Chonnachtaigh.

22 Dom dhóigh, acht gé a-deirim soin,

as iad a n-échta ar Ultaibh,

an ríoghradh ó Chruachain Chuinn,

do díoghladh uathuibh oruinn.

23 Meince a ndeabhthadh ucht re hucht,

adhnadh a leas ’s a longphort,

tabhairt na Tána ón trian tall

gan triall n-ágha do íocsam.

24 D’ágh énorchuir do íoc sinn

Conall dár ttaoibh do thuitim,

Cú an Chleasraidh, cédchroidhe ban,

easbhaidh échdmhuighe hUladh.

25 Do dhíolsum [gá dám ’gá mheas ?]

oidheadh Cormaic Con Loingeas,

goin Laoghuire [lór do ghomh]

le slógh caommuighe Cruachan.

26 Oidheadh Furbaidhe Fir Beann

do íoc sinn re seal n-aithghearr;

téid ar ngeall re goin Chealtchuir,

do mheall soin ar saoileachtain.

27 Inneoin fhlaithis fhuinn Uladh,

airdrí an chúigidh, Conchabhar,

gá dámuid, acht do dhíol sinn,

más díonn tánuig a thuitim.

28 Díoth Uladh ó fhéin Chruachan,

meince a gcath ’s a gcreachruathar

fán ccrích síodhbhuig raonghloin réidh,

do díoghluid d’aonghuin iaid-séin.

29 Folchaidh ég airdríogh Leamhna,

sluagh Connacht, cath seinEamhna,

ar hadhnadh d’fhíoch na bhfear-sa,

’s a bhfríoth d’adhbhar imreasna.

30 Nír éirigh d’anbhuain orra,

nír dúisgeadh d’ulc eatorra,

ní mó do fhás d’oidhidh ríogh

cás nar fhoiligh a imshníomh.

31 Tar éis Fhilib meic Aodha

tearc flaith nach fear míothaoma,

annamh críoch nach conair chean,

nír choraigh síoth nár sairgheadh.

32 Crioch Bhréithne [beag nach cuma]

lingthear tairse, a tórunna,

a raoin daingne, a dorchla báis,

airdhe orchra agus uathbháis.

33 Tarla ar an ccor-sa cian uaidh

Crioch Oiliolla an fhuinn mhiodhfhuair,

grís ghairthe fhionnAdhbha hÍr,

d’aithle a ionnamhla d’airdrígh.

34 Fa Eoghan mBél nár bheag rath

do bhí Cúigeadh chlann Maghach,

críoch fhóidealach na n-eang mbláth,

cóigeadhach dob fhearr n-iomráth.

35 Ní lingthe re linn nEoghain

Críoch Mheadhbha an mhúir ilcheolaigh,

’s nírbh omhan le beithir mBreagh

foghal na cceithir ccóigeadh.

36 Tar gach n-aonchúigeadh oile,

fearann ceart chlann Rudhraighe

do bhíoth ina chéidibh cean,

a dhíoth nárbh éidir d’áireamh.

37 Sluagh Eamhna na n-arm neimhe,

gluaistear leo fheacht d’áiridhe

do dhíoghail a ndearna thoir

um ríoMhuigh nEamhna dh’échtuibh.

38 Airgne Connocht [cumaoin dáibh]

do chuirsiod; fa céim míobháidh

fán chrich réidh ochtghloin uaine

re bhféin ccogthaigh cCraobhruaidhe.

39 Iomthús airdríogh Fhuinn Mheadhbha

cuiris go cath seinEamhna

a rugsad leo uaidh d’fhagháil

nó gleo ar n-uair d’iongabháil.

40 “Ní bhfoighthear ar aoi n-eagla

aisiog sunn ná soifhreagra,

dob fhiú a bhfuil uainn,” ar Ultaigh,

“buain a ccruidh do Chonnochtuibh.”

41 Fechuid ainnséin ar-oile;

dob é earr a n-iorghoile

na n-aighidh do-cháidh an cath

tar raineimh áigh na nUltach.

42 Ar sraonadh áigh ’mun am-soin

aithristear an tEoghan-soin,

éigne ó bhinn bhraondumhchaigh Breagh,

do rinn aonurchair d’oidheadh.

43 Cúigeadh Meadhbha d’éis Eoghain

fa lán d’fhíoch is d’aindeonaibh;

do shín iomluadhuil gach uilc

fan ttír n-iolbhuadhaigh n-orrdhuirc.

44 Torchuir uainn mar Eoghan mBél

rí Bréithne [beag dhár neimhshén]

aghadh acht nár chuir a gcath,

do mhuin fhaladh na nUltach.

45 Gidh ionann ní hionann soin;

ní tháinig d’oidheadh Eoghain

acht lot Mhuighe saorghloin Sreing;

nír bhaoghlaigh uile Éirinn.

46 Ní tír a-bháin do bhaoghlaigh

mac Aodha an airm reannfhaobhraigh,

faghla as gach éntaoibh ón fhior

fá adhbha ngégclaoin nGaoidheal.

47 Neart riamh nach roibh ag Gallaibh

mur tá ar chrích chlann Raghallaigh,

bídh ar gach n-éineing oile

tré ghribh méirsheing Maonmhoighe.

48 De táinig gasradh Ghaoidheal

ó chéile do chraobhsgaoileadh;

tréigid orláimh Achaidh Néill,

gobhláin re hathaigh iaid-séin.

49 Dá maireadh ní ghébhdais Gaill

neart ag Seaghuis ná ag Sionainn,

clar sreabhfhann fá soillsigh grian,

ná um dhoirsibh fhearann Oirghiall.

50 Do hosgladh, ón uair do thuit,

doirse baoghail Chláir Chormuic

ó Bhóinn trédaigh ghainmhigh ghil

go bailbhshreibh sédaigh Sligigh.

51 Nóchad bliadhan gan dol de,

sé is cúig ced a cceann mhíle,

aois oighir Dé, mur deirthear,

sé go a oidhidh áirimhthear.

52 A-tá an Bhréithne [beag dhá holc]

do nós bhaile gan bhárdocht;

do rad sí neart ar neimhthrén,

ní nár chleacht a cineidhphrémh.