firstLine"; ?>

964. Freamh na fioruaisle fuil Chein $
Length: long 42qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. O’Hara MS c. 1597
  2. RIA72(3/B/14) M.Og OLongain
Prints:
  1. transl. McKenna BOH no. xvi
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery for patron
  3. nobility of ancestry
  4. attractions for women
  5. liberality to poets
  6. prowess in battle
  7. spartan life of warriors
  8. land’s fertility under true king
  9. cain, cios, tribute
  10. Hostages
Poet Christian Names:
  1. Domhnall Og (mc Aodha mhc Dhomhnaill
Poet Surnames:
  1. O hUiginn Chaim - O’Hara MS)
Patron Christian Names:
  1. Cormac mac Cein
Patron Surnames:
  1. O hEadhra d. 1612
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Fréamh na fíoruaisle fuil Chéin


[McKenna, L.: The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 16]


Domhnall Óg mhac Aodha meic Dhomhnoill Chaim Í Uiginn .cc.


1 Frémh na fíoruaisle fuil Chéin,

ní cuid don fhíoruaisle fhuair;

cia in fhuil - agus féaghadh féin -

ar fhuil Chéin do-bhéarudh buaidh.


2 Geall ó uaisle adhbha hÍr

tarrla ar a nduasaibh do dháil;

ní bhí acht trom a bhfileadh féin

ag ciniodh Chéin ar fonn bhFáil.


3 Láimh re tráigh ar gcor a chuart

do-chóidh ar mbloghadh a bhárc;

d’uaisle an anma fhuair ós écht

do hslécht don uaidh tharrla a ttrácht.


4 Échta ríogh ios ceana cáigh

díol a n-éarca dleaghar dhóibh;

iomdha biodhbha ag ciniodh Céin,

a dtiomna ghéill ighiodh n-óir.


5 Tréd féinniodh dan fuilngeach rí,

ní fhuilngid ar n-éirghe laoi

do luaighil Í Eadhra é;

do bhuaidhir sé a meanma ar mnaoi.


6 Meic ríogh ar a rádha féin

ag díol a chána gan chóir;

fios fiach í Oirill mar fhuair

do-chuaidh triath ós fhoirind óir.


7 Líon troda um Chormac a ccuan

nar obtha dh’fhoghluidh re n-ádh,

do bhí ar ógaibh na gcleath ccaol

saor do thógoibh teach ós trágh.


8 Líon ádha in mhílidh ón Mhuaidh

ní bhí a námha dílios dóibh;

tír biodhbhudh do chineadh Chéin

ag ionnramh ghéill igheadh n-óir.


9 Slat do lubhghort Thealcha Té,

mac Úna nach doirbh fa draoi,

rí dhar chuibhghe treabh Dhá Thí,

ní hí Luighne a mheadh dho mhnaoi.


10 Géill fhoghloidh ag dol ’n-a dháil

tar Éirne ag torchor ghleoidh;

leabhair fhoirfe chinidh Chéin

d’fhilidh géill as coirche ceoil.


11 Líon ádha fa oighir Céin,

nach táinig go soighin sídh

iomdha deighfhear dornchla óir;

deiriodh slóigh tholcha a dtír.


12 Ní fhúigfe fa oirear n-Ír

cúirte gan doighir ’n-a dhiaigh;

a-táid fiaghain fhoghla ar hféin

géill ios fiaghoil Bhanbha Briain.


13 Tug a chrích ’s a oighre uadh,

ar a dhíoth do-roighne rún;

ní hé an síodh uile dho iarr

giall ríogh dod ghuidhe ar a ghlún.


14 D’éis a chríche d’fhoghoil uaibh

a dhícheall do chora a gcéill,

foigse a shean dod ghabhloibh gaoil

do mhaoidh fear adhbhair ar hféin.


15 Fiu a dtarrla do dhochar a ndáimh

nach gabhthar a gcomhaidh gcóir

lór féghadh filiodh ar hféin

do théghudh géill igheadh n-óir.


16 D’iarroidh fhírshreabh bhfoirfe bhfionn

do líon cliachdha um ochtoibh all

buinne caol am bhonnaibh beann,

raon ’n-a cheann ón choraidh chrann.


17 Iomdha rí umhal dot fhéin

budh díon do thuloigh an Trír;

meic ríogh ag luidhe fad láimh,

díon cáigh a ngach dhuine dhíbh.


18 Feadh do dhiomdha um n-oirear n-Ír

ní loighfeadh a bhfiodhbhaidh féin

gérbh fhada fear adhbhair uaibh

ar adhbhuidh fhuair nír bhean béim.


19 Bró fhéinniodh narbh obthach n-áigh

dá féaghoin nír dholta dhóibh

nír bheag do chor anma ar hféin,

ar a son féin tarrla tóir.


20 Omhan do dhonnadh fa dheoigh

le bhfoghthar don ollamh uaibh;

deargfoidh file agus fuil Chéin

a bhfuil do mhéin ghile ad ghruaidh.


21 Uatha ní tigthear le tóir

do n-uagha le dtiltear tír;

leig dod dheithfir ar fheadh n-áigh,

beirthir ar dháil na sleadh sídh.


22 Rí dá ndleaghair inis Ír

do bhí a deabhaidh libhse a láimh;

do shaoil giall na n-idheadh n-óir

gur chóir dhá chineadh fiadh Fáil.


23 A mheic Úna nar ér sgoil,

a ndúthchus gé léigthear libh,

cuirid sin a míne an mhuir,

fir nar chuir fan ríghe ribh.


24 An fhearthoin nach bhfaicthear fóibh

do haithneadh ar thealchaibh túir;

néll ceatha fan madh ós Mhuaidh

do an ’n-a bhuaidh eatha ar úir.


25 Feadh taisdil na sroth mun Sídh

ní fhacoigh acht clocha cuaigh;

d’éis tiomchoil na learg mun Léim

ceard féin ní iomchair a bhfuair.


26 Ioth a dtalamh, teas a ngréin,

na tairthe ag meabhsain fan Muaidh;

fiu ar chuir dho thoradh a dtír

muir mhín do bhlodhadh a bruaigh.


27 Ua Oiliolla in earrla naoi

ní soigheaphtha in bhearna a mbí;

fear fine dhon fholoidh é

sé ag foghoil tighe Dhá Thí.


28 D’éis a bhfoghla ar fionnmhuigh n-Ír

gan adhbhar diomgha ’n-a ndeoigh

gár bheag dh’ionnramh chean ó gCéin

sreabh nach éir tar fiodhradh bhfeoir.


29 Teacht a-niu le comhaidh gcóir

fiu a cheart ar tholaigh in Trír;

tabhairt theannál tre theagh tTáil

náir do leannán na sleadh sídh.


30 Croinn dhírghi -is doighirthe dhe -

a sgríbhni ar tholaigh Dá Thí;

sleadh chaol ler toghladh in Traoi

le saor an chraoi omnadh í.


31 Méin Chormuic ’s gach dhuine dhíbh

ar thoirbheart ndoiligh do dháil;

iomdha orrudh cruidh do chléir

d’fhuil Chéin ag donnadh re ndáimh.


32 D’fhonn ágha ar fhéinnidh ó nDuach

do éimhidh a chána ar chách;

re héara nach bhfuair ó iath

do-chuaidh triath ó nÉanna ar áth.


33 Buighne cléire ag dol ’n-a dháil

ag cor chuimhghe ar réidhi an raoin;

beiridh do sgoil ar chloinn Chéin

a-moigh féin nar thoill re a ttaoibh.


34 Ar tteacht roimhe um cholbha cuain

a gcoinne Cormuic do-chóidh

do mhaoidh bean go raibhe a-réir

ag faire ghéill na n-eadh n-óir.


35 Oighre Céin nach donnfa draoi

d’éis choimhghe tholchadh Dá Thí

nírbh é a thráth dh’Ó Eadhra é

sé re gcách san bhearna a mbí.


36 Caor shlóigh nach bhfoghar gan fhíoch,

nach taobh comha na gcóig n-iath,

laoich dob ordhruic n-anma ar áth,

ar sgáth Chormuic tharrla a dtriath.


37 Géill fhaghludh le heighir Céin

d’éis a fhaghla um oirear mBriain;

iomdha bráighe a mbeirtigh sróill

leigtheir le fóir Gháille ón ghliaidh.


38 Síol gCéin as orrdhruic um ól

- gá céim don oirbheart nar fhéagh,

fir dhan tréidhe dámh do dhíol,

ní nár dhá síol féine a bhfrémh.


39 Béin ón ainnirmhín dob áil

céim tar Chaiteilín do-chuaidh,

suil fhuair file aithne a heoil,

neoil ghairthe tre ghile an ghruaidh.


40 Bean don fhréimh Raghollaigh riamh

um réir daghollaimh gan díon,

gé bheith sí a n-éigion bha n-iarr,

nír léigiodh cliar dhí gan díol.


41 Inghean Toirrdhealphaigh, taobh seang,

ó a sgoithleaphraibh gach craobh chorr

eala neamhdhoirche as bhláith barr,

an mhall thláith dhealbhghoirthe dhonn.


42 Bean le bronnadh fhailgheadh n-óir,

ler haingheadh goradh a gruaidh

a gceand chléire suil do-chóidh,

geall ó mhnáibh a fréimhe fuair.