Poem in printable PDF format
Fréamha an
chogaidh críoch Laighean
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 49]
Giolla Íosa Ó
Dálaigh .cc.
1 Fréamha an
chogaidh críoch Laighion;
innte bheas do
beathaigheadh
grís ghairthe an
ghégoirir ghloin,
céddoighir
caithmhe an chogaidh.
2 Críoch Laighion
na lios ndaithgheal,
fréamh bunaidh lé
mbeathuighthear,
an fhíochfhrasach
armdha fhionn,
fíorthosach
fhaghla Éirionn.
3 Dí táinig
[teidhm dá ceanuibh]
cogadh Gall ré
Gaoidhioluibh,
conghal nár
coisgeadh ó shoin
fá fhonnMhagh
bhfroistiugh bhFionntain.
4 Ón ló tug Mac
Maoil na mBó
Goill go
Teamhraigh, tuar iargnó,
níor shaoghlaigh
síothcháin acht seal
fá fhaobhruibh
líochláir Laighean.
5 Bliadhain
tríochad ceithre chéad
ó thug Diarmuid,
díon ainbhéad,
inmhillte foghail
na bhfear,
finnghinte am
tholaigh Thailtean.
6 Críoch
Laighion, leaba an bhuaidhridh,
ó shoin ’na heing
anshuaimhnigh
’s ’na héntuinn
chrithir chogthaigh
fhrithir
éachttruim fhóbartaigh.
7 Lá leó-san, lá
le Galluibh,
siad ortha go
hursannuibh,
na Goill fán
sléchtmhuighigh saoir
ar chloinn
gcréachtdoiligh gCathaoir.
8 Mar sin dóibh
[díochra an pudhar]
dá n-athchur, dá
n-uathaghadh,
lé fíorShaghsuibh
bonn frí bonn
fán bhfonn
síodharsuidh slatchorr.
9 Mairid
d’fhuidheall na healta
dias fhóirfios a
hairmearta,
dá cheinnbhile
fán baoth bean,
do dheirbhfhine
laoch Laighean.
10 Dá mhac
Fhiachaidh mheic Aodha,
Féilim fíochdha
forraonda,
gnúis
bhreachtghlan na ttroimnél ttrom,
’s an soighnén
reachtmhar, Rémonn.
11 Atáid ón ló fá
leanbhdha,
an dá onchoin
oireaghdha,
ag ionnradh gach
énuilc riamh
fá fhionnmhagh
gléghuirt Ghailian.
12 Mór ttroid,
mór ttachar ttalchair,
tugsad riamh im
Raghnallchaibh
a bhfaighnibh a
bhfádmhagh nglan,
’s níor fágbhadh
Laighnigh leó-san.
13 Fríoth
daingion dá ndearnsad bun,
dá ngoirthear
Gleann Mo Luradh;
cuire fras na
síothbhrugh sean,
a ndíothchur as
ní héidear.
14 Do-rónsad
fiodhfhál farchaidh
don ghlionn áigh
lé hallmhurchaibh,
treabh
fhochainnte nách beag brath,
nach dochoillte
nead nathrach.
15 Níorbh fholáir
cruaidhe a gcroidhe,
minic trá do
turnfoidhe
an fraisghleann
fíochdha foltach
fairseang
gríobhdha guasachtach.
16 Gleann Mo
Luradh na learg ndlúth
mór tárruidh
d’olc is d’iomthnúth,
’s níor
baoghluigheadh é giodh eadh,
saorbhruidhean do
ghlé an gaisgeadh.
17 Lugha a chách
is guais don Ghlinn,
líon a
n-aightheadh um Fhéilim
d’fhuirinn
neartmhair áith fhosaidh
d’ealtain ghnáith
an Ghleanna-sain.
18 Raghnallaigh
bheódha, Branaigh,
fá Rémann, rosc
rionnamhail,
dá
ghuaillidheacht taobh re taoibh,
caor do
chuainfhirshliocht Cathaoir.
19 Ní hé an
Gleann, dom meas, a-mháin
léigthear leó a
los a bhforráin,
clár fóidshean na
bhfiodhbhadh ngeal,
acht cóigeadh
lionnghlan Laighion.
20 Féilim
reachtmhar na ruag ttiugh
dingébhaidh d’áis
nó d’éigiun,
ar congbháil
coinbhliochta is chean
orláimh
oighreachta a aithreadh.
21 Cosmhail go
gcualadur soin
a gcomhrádh re
cloinn Lughoidh,
dár íoc roinn
athardha an fhir
ré [a] chloinn
nathardha neimhnigh.
22 Dá mhac fá
bhfearthaoi frasa
ag Lugh Mheann
mhac Aonghasa,
díon iatha a
gcleatha corra,
Fiacha, Eacha, a
n-anmanna.
23 Ar mbeith gan
deabhaidh dálach
don tsaor
shuilbhir shoghrádhach,
drong colgdha
tiaghoid dá thoigh,
iaroid orba ar a
n-athair.
24 “Choidhche
a-rís,” do ráidh Lughaidh,
`”ná canaidh ar
chanabhair,
ná hiomluaidhidh
a-raon rinn,
a chaor
fhionnshluaighidh fhoirtill.”
25 “Ní hathair do
dháil domh-sa,
ciodh fá
n-iarthaoi oram-sa
fearann
deirbhshleachta Chláir Chéin?
ní dáigh
eighreachta eiséin.”
26 “Fríoth
liom-sa a los mo láimhe
a n-ilteidhmibh
anbháile
fuinn arsuidhe
Chraoi na Con
ar aoi
n-amhsuine, ar m’ionnradh.”
27 “Do leigeadh
fúibh, féchaidh ris,
cosnuidh féin
orba ar m’aithris,
a uaisle feithidh
an fonn,
beithir uaim-se
gan fhearonn.”
28 Dá mhac lonna
Luighdheach Meann
tógbhuid orra, is
é a aithghearr,
ar n-éimdheadh
críche ar an gcloinn
don mhéirgheal
shíthe shéaghuinn.
29 Suil táir
fuaradh a bhfeirge,
gabhthar leó a
los díbheirge
eang ríghrianach
na sreabh seang
a gcean
d’fhírmhianach Éireann.
30 Do chloinn
Fhiachaidh fhuighlim soin;
ní córa do
chloinn Lughaidh,
laoich bhorba dán
doiligh dol,
orba cloidhimh do
chosnomh.
31 Féilim,
Rémann, rún roibheart,
ní fearr iad-san
d’fholoidheacht,
fiorchruaidhe do
chách ’na gceann,
an síodhchuaine ó
ráth Raoileann.
32 Budh mó sa
chách a gcumas,
bú lia d’orba is
d’fhearannas,
fir fhoinnMhidhe
do ghlac goil,
dá mhac oirdnidhe
Fhiachaidh.
33 Dreagain
líomhtha as lia fala,
coiseónaid clann
Fhiachadha
fonn
treabharghlan tirmshlim tiugh
d’imlinn
leathanmhagh Laighean.
34 Fiú a roimhéd
chuirid ’na gceann
d’uaislibh
ríoghraidhe Raoileann;
breith ar réidhe
ré roile
bheith lé chéile
a gcomhnoidhe.
35 Bíd lé aroile
láimh do láimh
Féilimidh,
fairgseóir Chruacháin,
dreach gnédhonn
rén faltach fonn,
is Rémonn marcach
Málonn.
36 Bíd réidh
coimhéadach cogthach
soirbh
díbheargach díoghaltach,
lán d’fhírimneadh
ar gcúl gcean
ag súr líninbhear
Laighean.
37 Críoch
Laighean ar nár luigh aoir,
dá thuir chogaidh
chlann gCathaoir
dá gciorrbhadh,
dá gcomhdha a mbó;
ionnradh na
foghla a bhfréamha. FRE