firstLine"; ?>

967. Fuair Breifne a diol do shaoghlonn $
Length: long 34 qq + optional ceangal
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. inauguration mp
Manuscripts:
  1. RIA 475(24/P/25) add. by T. O Rodaighe
  2. NLI G 476 17th c. owned by O Raithile
  3. TCD 1337 (H.3.18) 17th c.
  4. TCD 1419 (H.6.15) M. Newby 1714-15
  5. BL Egerton 135 M. Newby, M.O Gorman
Prints:
  1. transl. Hardiman, Ir. Minst. ii, 286-305
Motifs:
  1. Envoi to BVM
  2. qualities of patron’s character
  3. comparison with all others
  4. poet invoking blessing
  5. Bearla na bhfileadh
  6. too honourable to be satirised
  7. patron’s prowess in war
  8. Inauguration (thogha, q. 20)
  9. functions of kingship q. 14
  10. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. Seaan mac Torna (NLI G 476, TCD 1337)
Poet Surnames:
  1. O Maoilchonaire
Patron Christian Names:
  1. Brian [na Murtha?] mac Grainne
Patron Surnames:
  1. O Ruairc d. 1591 (accession 1566)
Apologue Subclasses:
  1. Patrick banishes Crom Cruach
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Fuair Bréifne a díol do shaoghlann


[Quatrain 1 published in Brian Ó Cuív, ‘Miscellanea’, Éigse 11, 287-95; full text from James Hardiman Irish Minstrelsy ii 286-305]


Sean (mac Torna) Ó Maoil Chonaire cecinit


1 Fuair Bréifne a díol do hsaoghlond

tar gach aon fhonn d’iath Ealcca;

fear ag a ttat gníomha féinnidh,

la taoph eaimhfhis na seagsa.


2 A-tá triath os cionn Ruarcac

rear cóir Cruacha do thuidhmhe;

os clannaibh Briain mheic Eachach

is é cleathor is cuibhdhe.


3 Do ní Brian a ré catha

béus an dalta bhí ag Bodhmaind;

ní thug ó ro ghab a iodhna

iomdha dia chéile comhlaind.


4 Os a bhfordhorcha fileadh

dlighthear moladh cech flatha;

do dhen ni bearla rusdacc

do Brian mo dhutracht natha.


5 Ní hail do bhearla rusdacc

in úrshlat do fhreaimh Fheargna;

o fuair eól air na colluibh

fil ar bru thobair Seaghsa.


6 Cuma eiphirt is aicce

do Bhrian gan aigneadh meabhla;

ní gnáth gealladh gan comhall

do clothand chineoil Fheargna.


7 In nath fhoirtceadhach dholbhaim

do Bhrian nar fhogluim ainbhle;

ní bhia neac acht dá mholadh

ccean motha osccur ainbhfis.


8 Ar a mhéad do nicc chuicce

’snach diult duine ar druim thalmhan;

cé a tá mór ttuath dia thurgnamh

is ing úrgnamh dia thargnamh.


9 Nir thuill riamh acht duar toladh

ar chrann toraidh rí Breifne:

mo chean tir dar ab codnach

an té nar thollscaigh féile.


10 Tréidhe Chonaire Cualann

a mBrian dan buanann buime;

ar easlabhra is ar aoide

is ar gheall gáoise o gach duine.


11 Neach ar bith i n-iath Ealga

ni bfuil d’ua Feargna a choibhéis;

acht mar a ta muir is mionshruth

no iombath agus oiccén.


12 Coimdhe do thír mur ruire,

ni mac muine no pléisce

acht coimpeirt rígh re ríghain

nach ar thuill miscaith éigsi.


13 Frith don iollanach aithgin,

Brian nach ar thaisigh inntleamh;

deacmhaicc freasdol a fhéile

ge ueith Eire dá thinnreamh.


14 Cáin ná cáirde da nglee,

fir Breifne ní conbachat;

cipsi mbith dáil for congra

cuma torla dia nascadh.


15 Cia mór ngleo a mbí rí Bréifne,

sgoth na féini o ur finni,

ni clos fós fair co ruimhidh

ni gnath dia thuidhin tinne.


16 Tuir chatha mar Coin cculoinn,

gabhail fhuloing mac Mileadh,

seat Chorbmaic meic Airt aoinfhir,

aigheréire ag breith fírbhreath.


17 At coda mian mná teathrach,

sloighe seathnach a nithibh

bail adacht gleó dia niadhoibh

coisle fiamoin for siothloibh.


18 Dá tteagmadh Miac no Airmheadh

leis ní fuighbheadh a chobhair,

ní bhi d’éis gleó don Ruarcach

tarbha a mbualadh fir othair.


19 Cread nach ccuirthear a ccuimhne

iat mar uinche bri tuireadh,

in té is triath ar fhuil Feargna,

mór a cearna fria tuireamh?


20 Ar a gháois ar a eargna,

ar a tednus frí olcuibh,

ar a cloth ar a chonnla,

tuath is tomhra dia thoghae.


21 A bhéusa cia nac molunn?

ní dhlomhann is ní thimghair,

luigi néithigh ní thoingeann,

do ghní boiscill die bidhbhad.


22 Ní bhí claon ina fhuigheall,

acht fo ghní cumhang reaíre,

ní bhí laobh ina leaithbhe

’san bhreath bheairius Rígh Breifne.


23 Cath aodha find ni filltear

cipsi innteach imtheasatt,

gnath ga noireachuiph tuisi

acnamh duisi i n-iath eacrat.


24 Ni sain caimpear is inirt

ní sain iris is afost,

ni sain foilmean is brothruch,

ní sain bloach is maghar.


25 Ní sain earr ocus a ráe,

ní sain tamhon is tréinclí,

ní sain triath acus Teamoir,

ní sain Eamhoin is aon nídh.


26 An Eirinn cídh bé is feile

re rígh Bréifne ní measdae,

ní sain ór agus inol,

ní sain méadhól is deascae.


27 Mar scuchaid os na sléibhtib

Sliaph Arménia, sliabh Olimp;

sin, sin, an t-O Ruairc-sion

céim is uaisle sa choinneilg.


28 Mar nach conchlann da chéile

na déidhe a tu do chonneilg,

ni connclann do rígh Breifne,

in ti is féile a niath Oilill.


29 Go ttuillfeadh sé aoir m-Breisi

is cian om threise curadh,

na thuigh na faghthar dubrón

curson e a mbéasoibh brúghadh.


30 Ni uia an Bhreifne gan bhráa

go ttí an bhrátha tar bhruach;

tir do bheannach mac Alproinn

asar thafainn Crom Cruaach.


31 In Bhreifne ródhach, roilbheach,

tir in a soilbeach suthach;

maith a heathamh sa haindreann,

fo cheann tairmcheall atulach.


32 Ní bhi ar eaisiort co ruanaidh,

bí ar chuanaibh go feithmheach,

nír choguir neimheadh darcioll,

nír thuill andrean dia oineach.


33 Sgiath imdheagla na daimhe,

mac Grainne gnúis is réidhe,

cian uaidh ro soich a fhoscadh,

bile tortan fhear m-Breifne.


34 Aitchim Muire sa haonmhac,

dia chosain ar gach guasacht,

in té is rígh ar an mbládh thalmhuin

o ttig slaphradh Chon Nuadat. Fuair....