firstLine"; ?>

977. Fuaras fein im maith o mhnaoi $
Length: short 8qq
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. miscellaneous
  2. satire or
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
  2. TCD 1355 (H.4.14) T. de la Hid 1694
  3. RIA 6 (23/I/40) c. 1700 ?Co. Offaly
  4. RIA 30 (23/B/38) Seam. O Murch. 1778-
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 37
Motifs:
  1. satire on appearance
  2. ‘agriculture’
  3. sickness
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Fuaras féin im maith ó mhnaoi


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 37]


1 Fuarus féin im maith ó mhnaoi :

an t-im maith - mása maith é -

dóigh linn nách fa bhoin do bhí,

an ní dá bhfoil do mhill mé.


2 Do bhí féasóg ar bhfás air -

ná rab slán d’fhéasóig an ­fhir;

súgh as nách neimhnighe neimh,

geir go mblas seirbhdhighe sin.


3 Do ba bhreac, fa hodhar é;

ní fa ghobhar bhleacht do bhaoi;

fada ó im i n-aisgidh é,

’sa ghné d’fhaicsin linn gach laoi.


4 A ghíomh leabhar mar fholt eich,

uch ní fríoth sgeana ro-sgoith;

fada is tinn an tí ro-s-caith,

an t-im maith ro bhí ’nar mboith.


5 Brat eisréide fan ngréis ngoirt

mar eisléine d’éis a chuirp;

dob airdhe déisdin le deirc

an cheirt d’fhéiscin d’aidhbhle a huilc.


6 Do bhí ar an fearsoin túth trom

do mhúch is do mhearuigh ionn;

tarfás dúinn gach aondath ann,

barr craobhach clúimh os a chionn.


7 Ní fhaca sé an salann riamh,

ní fhaca an salann é acht uadh;

ní léigfe a chuimhne sinn slán,

im bán is guirme iná an gual.


8 Do bhí an ghréis ann, ’sní hí amháin,

do bhí ­gach re mball don chéir;

beag d’im do-uadhus ’na dheóigh -

an t-im ’na fheóil fuarus féin.