Poem in printable PDF format
Fuaras mian, ón,
fuaras mian
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 28]
Donnchadh Mor Ó
Dálaigh (?) .cct.
1 Fuaras mian,
ón, fuaras mian,
rí saidhbhir agus
é fial,
file mi-se ag
iarraidh grás
mar dhleaghthair
gach dámh do riar.
2 Fuaras neart,
ón, fuaras neart,
rí láidir agus é
ceart,
rí éisdeas bille
na mbocht,
rí nach olc
do-rinne a reacht
3 Mo rí mór, ón,
mo rí mór,
rí nach cuireann
suim i stór;
ag so an rí
dhíolas gach neach
don uile idir
bheag is mór.
4 Mo rí féin, ón,
mo rí féin,
rí uach diultann
neach fan ngréin;
ós é as fhearr
dhíolfas mo dhán
molfad tar cách
mo rí féin.
5 Leigeam dóibh,
ón, leigeam dóibh
táinte slóigh an
bheatha bhuain;
molaim feasda rí
na ríogh,
is é Críost as
fhearr fa dhuain.
6 Míchéal maor,
ón, Míchéal maor,
nar leig mé as an
raon riamh,
molfaidh mi-se
aingeal Dé
ós dó féin fuaras
mo mhian. Fuaras.