firstLine"; ?>

982. Fuaras mo rogha theach mhor $
Length: middling 19qq
Certainty: 3
Period:
  1. 15th mid
  2. 15th ult
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. House mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lismore 16c
Prints:
  1. transl. Watson,SV no. xix
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery for patron
  3. patron’s feasts
  4. hospitality to poets
  5. prowess in war
  6. house/furnishings
  7. Hunting
Poet Christian Names:
  1. Fionnlagh (an Bard Ruadh) Bk Dean
Poet Surnames:
  1. cname only
Patron Christian Names:
  1. Eoin
Patron Surnames:
  1. MacGriogoir
Apologue Subclasses:
  1. Hag stays 1 yr in MacDiarmada’s house
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fuaras mo rogha theach mhór


[Watson, W. J. Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore (Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937, poem 19, p. 148]


[For the story told here regarding the cailleach see Tosach féile fairsinge]


A ughdar so Fionnlagh an bard ruadh


1 Fhuaras mo rogha theach mhór,

i mbí na cliara ag comhól:

mór ndámh lé dtoghthar an teach

nach faghthar lá go h-uaigneach.


2 Maoidhfidh mise, ó táid ’na thaigh,

ráith dhreagain Dhúine Monaidh,

gach rodhorus bláth fán taigh,

dár chomhsholas lá is adhaigh.


3 [..........................] fleadh

is ré fairsinge a foirgneamh,

don chléir ní cumhang an teach,

giodh cumhang é dá theaghlach.


4 Neirtghníomhradh a chon ’s a shluagh

is meinic le Eoin armruadh:

a h-aithle na sealg ón teach

gach faithche dearg ón fhiadhach.


5 Mar soin dh’fhág na saoir ar chóir

bruidhean chúplach Mheic Ghriogóir,

gan locht saoirse ré ar linn

ar dtocht dhaoibhse ar a h-árainn.


6 Fíon ’gá ibhe ag mnáibh malla,

Mheic Ghriogóir, id mhórthalla:

id bhrugh tréan fairsing, ar linn,

céir ar lasadh go h-ursainn.


7 Fhuaras teach coimmeas dod thaigh,

Mheic Ghriogóir ó Dhún Monaidh:

ríghtheach na bhfaobhar bhfada,

teach Aodha Mheic Dhiarmada.


8 Aon do lá dh’fhear an rúin bhuig,

do Mhac Diarmaid, san Charraig,

tharla béist arsaidh ’na thaigh

ar léim gasraidh a dhúnaidh.


9 Suidhighthear ar dteacht dá theach

le Mac Diarmada an chailleach

ar taobh asnach an tighe,

an bhadhbh chaslach chaillighe.


10 Déarghaithear san bhruidhin bháin

leabaidh don eachlaigh urláir

gan iarraidh dh’fhoirinn taighe:

bliadhain dí ’na h-éanlaighe.


11 Níor fharraid éinneach dhise

cá tír asa raibhi-se

ar fad na bliadhna ’na bhrugh,

ag Mac Diarmaid san dúnadh.


12  Éirghis i gceann na bliadhna,

sgéal ara bhfuil fírfhiadhna,

an chailleach gan chóir dhealbhaigh,

’na h-ainnir óig fhinndealbhaigh.


13 Ní mó dhiúltar ó’r dtigh-se,

Mheic Ghriogóir, bhar n-aoighidh-se,

ód bhrugh lainneach - cia nach tuig? -

an chailleach liath ón Charraig.


14 [...........] cuirfidh mé

teach Aodha tuar urraime:

ní taibhéim ar Éirinn soin,

pailéis na cléire i nAlbain.


16 Fairsing dá thaobh do thaighe,

líonmhor a lucht comhnaidhe:

ríoghól na gcéad ar lár,

mór do théad is do sheandán.


17 Mise ní bhia mé dod dhíth;

maith mo thurchairthe id roithigh;

ar taighibh Gaoidheal a bhos

mo rogha d’aointeach fhuaras. Fhuaras mo rogha.


18 Ealasaid an aigne bhuig,

inghean Eoin mheic Ghill-Easbuig,

nocha n-éarthar dámh ’na teach,

bean lán d’fhéile agus d’eineach.


19 Muime na gcliar is na gconn

Ealasaid a Gleann Líomhunn;

bean mhín as féile do mhnáibh:

dar linn céile maith fhuarais. Fhuaras mo rogha,