firstLine"; ?>

983. Fuaras nochar uaibhreach oigmhear $
Length: long = 41qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Cambr. Add 7089 S.H. O’Grady 19th c.
  2. RIA 315 (24/B/8) W.S. O’Brien 19th c.
  3. BL Add 29,614 18-19c S. O Murch. na R.
  4. RIA 125 (23/E/14) S. O Dala 1846
Prints:
  1. text Carney PB no. xix
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. description of armour and weapons
  3. patron’s feasts
  4. poet as patron’s spouse
  5. liberality to poets
  6. patron’s prowess in war
  7. Church’s immunity observed
  8. Historical comparisons
  9. house
Patron Christian Names:
  1. Eamonn mac Risdeird
Patron Surnames:
  1. Butler (Viscount Mountgarrett d. 1602)
Meter Vars:
  1. Amhran
Poem:

Poem in printable PDF format

Fuarus nóchar uaibhreach óigmhear


[Carney, James: Poems on the Butlers: of Ormond, Cahir, and Dunboyne (A.D. 1400-1650), Dublin, 1945, poem 19]


1 Fuarus nóchar uaibhreach óigmhear

d’uaislibh Fódla fóirne áille;

leannán cabhra cliar is cearrbhach

iatha Banbha bórdbhláithe;

céile caithmheach éasgaidh aisdreach

réidhghlan reachtmhar róghrádhmhar;

codhnach caoineach foghlach fíochmhur

bronntach buidhneach bótháinteach.


2 Cuid dom shonus mar do thoghas

tar Leath Mogha mórdhálaigh

deaghmhac Risdeird, fear gan tuirse

re cléir thuigsigh thógbhálaigh;

Bíocunt meanmnach fíochdha feardha

gríobhdha gearmnach gleóláidir.

Níor airg tearmann, nír airg anbhfann,

nír airg eagluis órchrábhaidh.


3 Níl meadh d’Éamonn ó Bhinn Éadair

go rinn Bhéarra bhóchnámhuil,

ná ó Dhuibhlinn d’fhior a innmhe

go Linn Luimnigh leórtháirnigh.

Muna bréagach gur daoine naomhas -

brígh na bréithre bheólrádhaim-si -

níbudh gluine Colom Cille

ná mac Risteird róchrábhaidh.


4 An uair ghabhus ar moch maidne

fá a chorp sneachtmhar snódhbhláthmhur

faidtriubhus fírdheas dathúil díreach

is barúil díleas d’ógáirne;

dá bhróig thana leabhra laga

bhlátha bhreaca bhórdbheárrtha

fá spor chrotach ghreantach ghontach

reannach rothach rósgáthmhur.


5 Gealsgúird gréasa sgathúil sgéamhach

fada úr éadrom ón phápel,

agus seaca dealbhach dreagnach

amlach altach órshnáitheach;

lúireach thaithneamhach shúilbheag threabharach

dhlúthdhubh dheallradhach dhómháilleach

is sgabal mhuinceach dhaingean dhruimneach

eangach uillneach ógársaidh.


6 Is lann lomghlas cheannbhreac chobhailtiogh

fháibreach fhoghlach fheóilgheárrthach,

is sgiath bhreacbhláith do-rin Bhulcán

a ccóir fhadláimhe ógÁbhartoigh;

is ga guineach feartach fuilteach

sreabhach silteach sólámhuigh;

coimirce cinn do chinnbhirt choinnleach

iongantach iollrach óircheárdach


7 Agus searrach éasguidh aireach

béasach beannach beólshásda

súgach saothrach lúthmhar léimneach

as umhal éirghios ón láthair;

treise is tapadh an Léith Macha

san stéad athluimh ógáisigh;

gaisge is gníomhradh an Dubh-fhaoilinn

an gach saoi dhá sórd áluinn.


8 Tar éis dulta dhó ’na chulaidh

re hucht cuinne is comhdhála

do-bheir an Laighneach neartmhar neimhneach

gasrach geimhleach gleógháibhtheach

éirghe ar ógbhaidh éachtuigh fhoghlaigh

éimdheas comhtha a cóirnámhad,

is ar marcshluagh fhaobhrach altchruaidh

éasguidh eachluath ógláidir.


9 Do-bheir ruithneach línteach luisneach

rinnshleagh ccrithreach ccrófhaghlach

agus tinnteach craoithe is cloidhmhthe

tír go loinnreach leórsgáthmhur;

cuirid t’eachra a n-am treasa

ceó agus ceatha comhlána,

’s tig don ghreis sin go mbíd geilte

ar tí eitil ón námhuid.


10 Gnáth ót armuibh bliochta beárrtha

na n-óg gcráibhthioch gcomhdhálach;

mná go ciachmhur, gártha ag fiachaibh,

cás ar iathaibh Fhóid Áine;

cluig go cainnteach, uilc is airgne,

guil is mairgne is mórgháirthe,

tóir ’na reilgibh ó chóir fheirge

na slógh meirgeach mbócálach.


11 Meadh dot theaghlach, a thriath Bearbha,

Eamhuin Abhlach ógbhláthmhur;

cosmhuil t’ósda is Brugh na Bóinne

nó brugh nósmhar nóÁbhartaigh.

Meadh ar uaisle do thigh Cruachna

an tigh cuanna coimhcheárdach;

tigh Chinn Choradh ris is cosmhuil,

an tigh sgolach sgeólbhárdach.



12 Móta Goiréad Móta rochaomh

rófhada roiréidh ródghnáthach,

nuaithigh nósmhar cuachach cornach

dualach dóirseach dócháinte.

Ósda síothúil feólmhar fíontúil

ceólmhar caointiúil comhcháirdeach,

finnteagh gluineach coinnleach cruiteach

soillseach suthain sólásach.


13 Béal Átha Ragada Béal gan anacra,

Béal ’na leagathar leórtháinte,

Béal gan deacair an Béal seasgair

stéadach starthach stórláidir;

Béal gan dúnadh, Béal gan diúltadh

an Béal múrthach mórdhálach;

Béal nach iadhtar ris na bliadhnaibh

an Béal biadhmhur bórdlánmhur.


14 Cúigeadh Connacht is Cúigeadh Uladh

is Cúigeadh Mumhan mórdhálach,

díobh-san uile ní bhfuil duine

mar mhac Risteird róchrábhaidh;

is ’na iosdadh is lia file,

cliara is cruite is ceólghártha,

is marcach meadhrach frasach feidhlioch

chleachtus feidhm is fórsála.


15 Iomdha óinmhid bhíos ’na ósda,

iomdha geócach glór-ráidhteach;

iomdha réidhbhean mhaiseach mhaordha

ghasda dhéidgheal ghlórmhálla;

iomdha óigbhean nach tug eólas

d’fhior gan phósadh ar phógámhailtigh,

agus biatach bailteach biadhmhar

nár thuill riamh a rócháineadh.


16 Iomdha cearrbhach fuachtmhur feannaidioch

uallach aisdrioch ós táiplis,

agus dailtín bruighneach beaduighe

cíocrach creatchríon crónmhásach;

iomdha gaghar déanta duilleach

saothrach sirtheach srónálach,

agus fearchú thaidhbhseach thacúil

dhaighnirt deaghchlúmhach dhó-áruigh.


17 Mar bhíd tonna uatha is chuca

a ccuantaibh cruinne comhlána

tigid dámha ina ttáintibh

go triath fáilteach Feóire áille;

is mar chuirid éisg a muirear

ar an muir ttonnaigh dtórmánaigh

do-ní Éamonn ar an ngné sin

d’éigsibh Éireann ógláchus.


18 Gnúis gan éara ré dúil dhaonna

as é súd Éamonn ógághmhar,

triath is séimhe, triath is féile,

triath le a n-éistear órdhánta,

triath is úire, triath gan cuimhge,

triath is cumhra comhráidhte,

triath is treise, triath gan teibe

ara lia treise ag tórdhámhuibh.


19 Créad nach molfuidhe an bhé bhogchroidheach

don réim Osruighigh óguasail?

daighbhean deighfhir bean a hinnmhe,

bean as mionca mórdhuasa;

dona dámhuibh ghabhus táirse

as námha Gráinne ghlórshuaimhneach;

ríoghan shuilbhir bhíos a’ suirghe

ris gach cruitire ceól-luaimneach.


20 Bean gach file, bean gach duine,

bean gach druinge don órd uallach,

bean an chleasuidhe do-ní paistím

’s a’ bhaird bheadaighe bheólruathair;

re díol cléire, re díol méirdreach

bhíos go taobhnocht tónluaimneach,

re díol éigsi Innsi hÉibhir

as í séidche as mó fuarus.


21 Iomdha stéad áluinn néamhárd is fearachoin laoich

is méar fáinneach créachtgheárrtha ó tharrang ngad righin,

éadáil mhná déadbháine ar leabaidh ’na luighe

do-ghéabhthá-sa a mBéal Átha Ragad a-rír. Fuaras nóchar.