firstLine"; ?>

984. Fuaras rogha na n-og mbrioghmhar $
Length: long 36qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th early
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lismore 16c
Prints:
  1. transl. Watson, SV no. xiv
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. Envoi to another patron
  3. envoi to God
  4. imagery for patron
  5. patronage of poets
  6. prowess in war
  7. creach, plunder
  8. war with Foreigners
  9. Hostages
  10. allusions to Ruaraiocht
Poet Christian Names:
  1. Giollaphadraig (Bk Dean)
Poet Surnames:
  1. MacLachlainn
Patron Christian Names:
  1. Seamas mac Eoin
Patron Surnames:
  1. Campbell of Lawers fl. c. 1520
Meter Vars:
  1. Dechnadh Mor
Poem:

Poem in printable PDF format

Fuaras rogha na n-óg mbríoghmhor


[Watson, W. J. Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore (Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 14, p. 106]


A ughdar so Giolla Pádraig Mac Lachlainn


1 Fhuaras rogha na n-óg mbríoghmhor,

fear treabhtha fóid námhad,

thug druim ré síth na nGall míoghor,

[.........................................].


2 Mac Uí Chailéin na gcalg bhfaobhrach,

fear garg raighrinn nárach,

rug geall ar ghaisge is ar dhaondacht,

ceann d’eachtra i n-ucht ágha.


3 Deirge i gcóigcrích a bhratach,

ní meirge ógaligh thursaigh;

creach is gialla i n-eochair tachar,

le sluagh sonntach sulchair.


4 Teaghlach Shéamais an drong fhairtleach

na lann bhfaobhrach bhfuilteach;

fiana tuathach meanmnach maisgleach,

sluagh nach dearna tuirleadh.


5 Dream bhíos ar bhíodhbhaidh go fairtleach,

is ’gá mbí an dubh solas;

feadhain chródha na n-arm sgaiteach,

gharg leómhanta lonnach.


6 Eachtrainn ag teacht le [..........]

neach dhíobh cha n-iarr[........]

[......................................]

[......................................].


7 Glac an ghaisge as mó meadhar,

a clú i n-aisg ní fhaghthar;

creach agus gialla gan mheabhal

teacht le fianaibh Labhair.


8 Sluaghadh is gráinne gharbh ruaige

i ndiaidh dála an [...............]

ag ól fíona i ndún an [..........],

múr nach aoibhne Teamhair.


9 Séamas mac Eoin na lann dtana,

ceann na ndámh ’s na n-ollamh;

eascaraid ré ghliaidh ní anann:

casmhail é is Cú Fodla.


10 Nuair thillfeas sé ucht ar Ghallaibh,

tuar millte a lucht [................],

tuir ghlacmhóir bhriseas ar Dhanair,

casaidh, brisidh [....................].


11 Iolar móirmheanmnach a charad

i ngliaidh greitheil curadh,

lámh as buaine, don dáimh tarthach,

fear lán áigh is urraim.


12 Lámh lé ndeargthar gormlann tana,

gan forlann roimh sgolaibh;

táinte i n-órdhuais leó go caladh,

gur foghnamh dá mholadh.


13 Tuirseach ’na dheoidh a lucht cagaidh

[...................................................],

an tuir chatha as bláthbhuan caidreabh,

flath lá d’uaill is d’aigneadh.


14 Séamas forgla bhaisgheal deagfhlath,

saidhbhreas [...........................],

taobh anall ag teacht go a fhionnbhrugh

creach na nGall gur [....................].


15 Trom a thóir ag teacht gach teannta,

creach air ní dóigh iompúdh;

sróll ós laochaibh dearg mar dhonnchrú:

fraoch is fearg fán onchú.


16 Mac Eoin mhir na slógh ’s na gconnlann,

gach ród díobhsan lomlán;

níor léig Eoin do shíoradh Dubhghall,

fear díola duan dtromdhámh.


17 Aicme dhámh nÉireann ’gá iomrádh,

mac Eoin céibhfhionn glanluath;

a lámh mar Naoise na n-iolbhuadh

ag dál craoiseach gcraruadh.


18 Do fhuair Séamas as díon daoine

saidhbhreas gaoil gach cléire:

do dhíol ratha is séad is maoine,

flath ar séad na féile.


19 Síol na ríogh gan [.........]

síorghaol dámh na hÉireann,

mar mhac Colmán dob fhearr buille,

déar lomlán don fhéile.


20 Ór le ollamhnaibh [............]

go bronnadh dhóibh smaointeach;

Ua Dhuibhne an laoch mór nach cáintear,

bran fuirne nach sgaoilteach.


21 Snuadh an t-subha ’na ghruaidh ghléghil,

sluagh fá chumha an óigfhir;

laoch neartmhor ghabh tír ar éigin,

síol Artúir mheic [................].


22 Fear bhitheas ré charaid páirteach,

’s ó mbí Danair sgaoilteach;

ór gan chuibhrigh do riar cháinteach,

Ua Duibhne fial faoilteach.


23 Fhuair ón Rígh do dhealbh gach dúile

geall ós rígh na Féinne;

mac Eoin chuir flaitheas fá h-umhla,

lán maitheasa is céille.


24 Mac Eoin beódha baisgheal buidhneach,

barr gaisgidh gach feadhna;

tuir dhearg óir ’s a chiall go cuimhneach,

barr fial mór na meadhra.


25 Baránta na gcríoch do argain,

feardha fiadhaigh feadhnach;

luan cneisgheal ághmhor armach,

is treis gnáth a theaghlach.


26 Na gcolg bhfuar gan iocht dá námhaid,

tuar bliochta i n-óirdhíol;

diombuan eachtrainn ó n-a áirleach

’s ó threascairt a [............].


27 Ceann na n-ollamh ’s na mban leanmhnach,

an bhróin mhairneach tholgach;

’s é mo rogha ó dhreach meanmnach

each is bogha is dorrlach.


28 Tréanlaoch garg tagarthach nárach

ard aigeantach uaibhreach,

do chuir gach díobhadh fán ármhaigh,

dhá bhíodhbhaidh ní suaineach.


29 Ua Cailéin do thréig gach ainbhéas,

a chaithréim gan bhruanchol;

coimhdheas ar seirc is ar [...],

rogha mheic ríogh fhuaras.


30 Mairghréad bhéoldearg an fhial ionraic,

glainghéag na gciabh gcoinnleach,

ucht nár cáineadh, taobh tláith trombog,

troigh thana, sáil choirrgheal.


31 Gealua gla Shir Donnchaidh Forsair,

deighbhean chonnail chneasbhog,

dreach mar ghréin [.................],

déad geal is béal [....................].


32 Aobh is umhla dhá gnúis náirigh,

craobh chumhra na h-uaille;

do thréig sí gach ní fa táire:

béal bíthe gan fhuaire.


33 Iarla díomsach duasmhor ághmhor,

rí fial uasal Gaodhal,

do chuir gach coigcríoch fá rádhaibh,

’s ní choigleann sé an saoghal.


34 Iarla garg curanta cródha

ard urramach bríoghmhor;

flath na síoth ’s na gcaithréim gceólach,

Cailéin rí ós ríoghaibh.


35 [...............] mo dhána

d’Iarla Gaodhal duanach;

don rígh rug geall gacha báire,

[.........................................] fhuaras.


36 M’anamán ar th’iocht, a Choimdhe,

[..........................................]

[..........................................]

[..........................................].