Poem in printable PDF format
Fuasgail mo
cheasda, a Chalbhaigh
[Mac Cárthaigh,
Eoin, ‘Three poems by Maol Muire Ó hUiginn to An Calbhach Ruadh Ó
Domhnaill’, Ériu 48 (1997) 59-82, poem 2]
An Maol Muire
céanna don Chalbhach réamhráite
1 Fuasgail mo
cheasda, a Chalbhaigh,
go mbiam led
dhlaoi ndonnamhlaigh
gan fháth
n-oirbhire fam thuinn,
a bhláth
coillbhile ó cConuill.
2 Ceasda do
chuirios oraibh
im dhán, a dhraig
shíodhamhail;
a ghég
chnuasghlan nach measg mionn,
fuasgladh na
cceasd ní chluiniom.
3 As iongnadh
liom ód dhreich dhil
nach fuarus
freagra éigin,
a chiabh na
ccuach, a lámh lonn,
tre ghrádh nó tre
fhuath orom.
4 Fiú na freagra,
dámadh áil,
do chur uait, a
chraobh chonáigh;
a rún nach
cásmhar fa chradh,
rob sásmhar dhún
a dhénamh.
5 Nó más
neimhchion tug tusa
orm budh-éin, gér
urusa,
ná déantar
dimbríogh dom dhán,
a rinnghríobh
éachtmhar Iomdhán.
6 Ná más fearg as
fachain daoibh,
ná ceil orm-sa é,
a mhacaoimh;
ní fáth cóir
sírfheirge sinn,
a dhóigh
dhíbheirge an díginn.
7 Dhaoibh-si ní
damhna cogaidh
mo mheanma mhaoth
anabaidh;
a n-iorghoil ní
heólach sinn,
a bheófhlath
ionmhuin fhoirtill.
8 Tuar cogaidh ar
fhear mh’anma
nó fearg le fear
m’ealadhna
ní dhligh neach
gan édóigh ann
dá mbeath an
égcóir agam.
9 Barr air nach
éidir a rádh
go ndearnus
damhna diombádh
ribh-si, a ghég
ghlantairtheach Breagh,
nach féd
antaithleach d’fheithiomh.
10 Gabh ailgheana
uaim dot thaoibh,
gabh aobhdhacht
uaim, a mhacaoimh;
a chnuasghloin
chneasda gan oil,
fuasgail mo
cheasda, a Chalbhaigh.
11 Guidhim Tomás
naomhtha a-niodh
do thocht eadrom
is imniodh
- cúl na ndual
ccladhsholus ccorr,
gruadh gan
amhorus orom. FUASGAIL