Poem in printable PDF format
Fuath gach fir
fuidheall a thuaighe
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 39]
Tuileagna Ruadh Ó
Maolchonaire .cc.
1 Fuath gach fir
fuidheall a thuaighe,
tuig, a Fhiacha,
duit is dual,
má tá nách binn
libh mo labhra,
ós cionn do chinn
tarla an tuagh.
2 Ní chluinim gan
chlaoi ó Ghalluibh
a ngné threisi
acht tusa a-mháin
d’fhéin Gaoidhiol
[gá ttáim dá thuiriomh]
aoinfhear amh-áin
d’fhuidheal áir.
3 Leó do múchadh
meadhair Gaoidhiol,
ní gníomh
aoinfhir righe rú,
scél náir ré
thuiriomh is truaighe,
fuidheal áir na
tuaighe thú.
4 Sliocht
ríbhreathach Rosa Failghe,
lucht bronnta na
mbuabholl n-óir,
ní mhair dá gclí
acht clú na ndeighfhear
do-chí tú gur
deireadh dóibh.
5 Sliocht
oirdheirc Laoighsigh Leannmhóir,
lucht
cruinnighthe ceall is cliar,
tig dá lén
scaoileadh na scoile,
scél nár
scaoileadh roimhe riamh.
6 Sliocht Taidhg
meic Céin ó Chlár Biorra
’gá mbídís géill
Ghall a nglas,
ní mhair do neart
na gcraobh gcumhra
acht teacht do
thaobh umhla as.
7 Cionnus tuigios
tusa, a Fhiacha,
d’éis ar
ionnarbais d’fhóir Ghall
[fá shíoth riamh
is duilghe Danair]
nách biadh
cuimhne ar fhalaidh ann?
8 Dia mór dot
anacol ortha,
uabhar is cniocht
chloinne Gall,
téid searg ót
fhéin i n-a n-uabhar,
an chealg féin as
uamhan ann.