Poem in printable PDF format
Fúbún fúibh, a
shluagh Gaoidheal
[Brian Ó Cuív, ‘A
sixteenth-century political poem’, Éigse 15, 261-276]
1 Fúbún fúibh, a
shluagh Gaoidheal,
ní mhaireann
aoinneach agaibh;
Goill ag
comhroinn bhur gcríche;
re sluagh síthe
bhur samhail.
2 Clann
Charrthaigh Leatha Mogha,
is a dtogha go
haoinfhear,
ní fhuil - ’s is
truagh an aithis -
neach díobh ar
aithris Ghaoidheal.
3 Síol mBriain
Bhanbha fá Mhurchadh
i gcunnradh do
rígh Shacsan,
tugsad - ’s is
truagh an toirbheart -
druim re
hoighreacht a n-athar.
4 Seinshliocht
Briain mhóir mhic Eachach
dream gan
ceannach a gcoda,
atáid uile sa
ghlúinigh,
na slóighsin
chúigidh Chonnacht.
5 Cóigeadh
gnímhéachtach Laighean
don ghaisceadh
riamh fá coinnle,
ní fhuighdís ó
rígh Shacsan
d’Éirinn tachtadh
na doirbe.
6 Ó Néill Oiligh
is Eamhna,
rí Teamhrach agus
Tailtean,
tugsad ar
iarlacht Uladh
ríoghacht go
humhal aimhghlic.
7 Acht Ó
Cearbhaill chláir Bhiorra,
- fá mhionnaibh
is dual damh-sa -
ní fhuil díobh i
gcruth duine
in Éirinn uile an
t-amsa.
8 Ó Domhnaill
Átha Seanaidh
nár ob deabhaidh
ná doghraing,
- d’Éirinn fá mór
an t-amhghar -
do mheath Maghnas
Ó Domhnaill.
9 Fúbún fán
ngunna ngallghlas,
fúbún fán slabhra
mbuidhe,
fúbún fán gcúirt
gan Bhéarla,
fúbún séana Mheic
Mhuire.
10 A uaisle Inse
seanAirt
neamhmaith bhur
gcéim ar gclaochlúdh,
a shluagh
míthreórach meata,
ná habraidh
feasta acht "faobún".