Poem in printable PDF format
Fuigheall formaid
fuil Dálaigh
[Fraser, J. and
O’Keeffe, J. G.: ‘Poems on the O’Donnells (1200 to 1600)’, Irish
Texts ii (ed. Fraser, J. et al., London, 1931), poem 22; from
Rawlinson B 514]
The Death of
Grainne (A. D. 1551 FM)
Cú Uladh mac
Conchobhair Mac an Bhaird
1 Fuigheall
formaid fuil Daluigh,
tnuth da mbuain
na mbenganaibh;
do chronaigh suil
eigin ind,
an tnudh ni
heidir d’fhaichill.
2 Ar tsiol
gConaill - cia nach tuig? -
diombuan gach
fuigheall formuid;
teid funn mór
thrath da thoigheacht,
gnath an tnudh
’nar dtoraigheacht.
3 O tsiol gCuind,
as creite damh,
an tnudh go dteid
a ndochar;
lor a mhed do
derbadh dhaibh,
feg a ndernadh da
ndioghbháil.
4 Cnu mhullaigh
ogbhan Uladh
moch do cuas da
cronughadh;
gerr gomadh ré
imlan i
a hiomradh le da
leigthi.
5 Goirid bhios
gach tuile ag teacht,
luath do eirigh a
hoirbhert;
a oige do bhi an
bhen soin
as moide i
dh’uireasbhuidh.
6 Bláth a lamh
tareis Ghrainde
dochim nach cúis
luathghaire;
an blath go mbi
’na thoradh
ag cach ni bhi a
bhrethnughadh.
7 Tesda a dtosach
a ratha
inghen rioghna as
rioghfhlatha,
rétla ban oirir
Eamhna,
doiligh cor na
cindeamhna.
8 Da mbeith in
fhir ar fhéchain
crioch Bhanbha do
bhuaidhéradh;
beg nách reidhe
dun a dal
Eire ag tnudh ina
tiomchal.
9 As crobhaing
gan chnaoi mhullaigh
mna oga an Chlair
Chonuillaigh;
mairg tug a thréd
fa thogha,
rug an t-ég an
enrogha.
10 Do bhadar
Gaoidhil ’na gioll
sed buadha ogbhan
Eiriond;
goirid do bhi an
séd sochair
gan í dh’ég ag
Ultochaibh.
11 Nior fhás a
hiondamhail sin
d’fhuil Éiremhoin
no Eimhir;
do mhnaibh ar
mhéd a bisigh
créd dob áil da
indisin.
12 Breith
Ghrainde leis ’na lenabh
oirn do dhiomdha
an Duilemhan;
blath dar ghar
teacht ’na thoradh
reacht nar an re
aipthiughadh.
13 Moide do
dhioghbhail a dal
’s iad impe as
uaisle Alban,
rioghraidh Oiligh
cend a gcend
’s fiorbhun
oinigh na hEirend.
14 Ben a
hoirbherta ’na h-aois,
mna na Fodla da
bfhéchmaois,
ni shaoilim riamh
go raibhe
a n-aoineing
d’fhiadh Ughaine.
15 Faríor ni
thibhra thoradh
siol riogh dob
fherr ullmhughadh;
giodh ar
deighshil Duin na nGall
ni h-úir cheinil
sa gcongbhand.
16 Ataid, o
thesda Grainde,
gan duil a ndiol
tromdhaimhe;
da mbeith mian
oinigh orrtha,
fian Oiligh fa
enorchra.
17 A ndernadar a
daoine
re Dia dh’adhbhar
egaoine,
reacht lind go
dtanaig astegh
ar brághaid ghill
na nGaoidheal.
18 Terc brondadh
da mbi ’na láimh,
riamh narbh urusa
d’fhagháil;
gemadh soimhellta
siol gCuind,
diobh as
doibhenta an doghruing.
19 Re iomlan
Chlair na gCuradh
deacair dul on
deonughadh;
re bel a tarbha
do theacht
a sen mar amhra
ar n-imtheacht.
20 Easgar leónta
Leithe Cuind
inghen righ
fhreimhe Conuill;
ni d’eineing do
bhí an bhen soin,
’s i dh’Eirinn as
uiresbhuidh.
21 Ar bas mhna
oige eile
thall a dtosach
aimsire
fuaras sgel
mhineoghas me,
frémh d’fhireolas
na h-eigse.
22 Samhail
chosmhail - bhudh lor lind -
di ni fhuaras a
nEirind
achd ben rér tsin
gnaoi Ghrainde
do bhaoi a dtir
na Tesaille.
23 Iulia inghen
tSésair
fa ben sin go
saoirbhesaibh,
slat go bhfreimh
mbrioghmhair mbaghaigh
don rioghraidh
reidh Romhanaigh.
24 Ar mhnaoi a
ndeiredh an domhain
ni chuala, ni
chualobhair
a himdhenamh
thiar no thoir
an fhial
fhindghleigheal fhosaidh.
25 Sa domhan
thoir ni tharla
ri rathmhar na
rídhamhna
nar líonadair
sein da seirc,
an ghein
fhiorabaigh oirrdheirc.
26 Tugadh le
Poimp Mor Maighe
cleamhnas - far
chóir luathghaire -
findbhen nar
chaorphlanda cuir
inghen
tsaorchlanda tSesair.
27 Fir dhomhain o
mhuir go muir
an fedh do bhi
’na bethaidh
siad re chéile do
chongaibh,
fa treidhe iad
adamair.
28 Goirid
d’aimsir da eis soin
go h-eg inghine
Césair
teid uile a
ndioth don domhan,
crioch gach duine
dealughadh.
29 Cend na bpopal
Poimp Maighe,
César triath na
Tesáille;
na treinfhir gan
run ronda.
tnúdh do eirigh
etorra.
30 D’adhbharaibh
cuirthe an chatha
bas inghine an
ardfhlatha;
frith da dul
fatha faghla
cur an chatha
cathardha.
31 Iulia, an
oigbhen amhra,
Grainde ben a
baramhla;
da madh ionand
aois na mban
ionand a ngaois
’sa ngniomhradh.
32 Mar thanaig
dion an domhain
don chedmhnaoi do
chualobhair,
tig cabhair a
criche féin
da h-aghaidh
shíthe shoilléir.
33 Ionand
d’easbaidh don tír thoir
Iulia, inghen
tShésair,
an bhen-soin, ger
bhraighe ghill,
as Grainde
d’esbaidh dh’Eirind.
34 Teid suil
Eirend a nUltaibh
se aniugh oirn da
fhiondachtuin;
meisde dun gurbh
Ulltaibh ind,
tnudh re
hUlltaibh ag Eirind.
35 Tuigim, o
thesda tusa,
coimhed air nach
urusa;
as leir duinn, os
dun do bhen,
go reidh on tnúdh
nach tigther.
36 Bit fesda
reidh re roile
clanda riogh
Fhoid Ughoine;
triot do eirigh
éd orra,
do reidhigh th’eg
etorra.
37 Ata a uagh-sa
thall rem thaoibh
do choimhéd damh
ge diomhaoin;
don fhuil riogh
uaimse ar th’ionchaibh
siol as uaisle
dh’Eironnchaibh.
38 Ga tigh ’nar
togbhadh tusa
meisde me méd
m’eolusa;
duil doimhenma
triom ag tocht
do bhriogh
t’oilemhna ar mh’amhorc
39 Nior dhénta
duit, a dhuine,
aidhbhse bhroin
don bhanchuire;
doilghe ina sin
doibh a dal,
dom dhoigh, ni
libh an leanabh.
40 Doni an cumha
croidhe tind;
oram fein as edh
aithnim;
tig d’ulc do
dhoimhenma duin
lucht t’oilemhna
nach iontnuidh.
41 Gloir bhreige
cidh be aderadh
nar chuis orchra
éinleanabh,
tug do bhas a
dheimhin dhamh
na leinibh gur
chas cumhadh.
42 Ar bhas
Grainde abhain bhraithim
tnudh na ndaoine
as dofhaichill;
o tharla a ndan
duinne a dol
slan an tnuidhe
’nar dtiomcholl.
43 Ge tu ag
coigill mo chaoine
fa chomhair na
cedaoine,
fuigheal der a
Dun na nGall
ni bher ar gcúl
da gcaomhnam.
44 Cuairt an
bhaile a mbiodh Grainde
d’fhuil Chuind ni
cuis luathghaire;
ni sgel ar Ath
Senaigh soin;
deghail do chach
re chuartoibh.
45 Deich
mbliadhna, gidh be heile,
ag sin a h-aois
d’aireidhe;
sine ina a h-aois
a h-orchra,
sine a gaois, a
gniomhartha.
46 Mor n-adhbhar
far fhuathuigh me
clann Daluigh a
ndiaigh Grainde;
maithim fesda do
chru Chuinn
o thesda cnu don
chrobhuing.
47 Coill bhentar
asa mbarruibh
cruind reidhe an
Chlair Chonalluigh;
ni sgarthair ru
acht a roighne
marthain rer gcru
Chonaillne.
48 Tar gach én
obair oile
da nderna Ri an
rioghthoighe
a dealbh so do
bhi ar fheghain,
ni do damadh
doidhenaimh.
49 Stuadh
chnesgheal gan chuid radha
niorbh e trath a
tesdala;
d’eis a sgagtha
do bhi an bhen
dalta mar í nior
h-oiledh.
50 Med an orchra
is aithnidh dhamh
ge lugha i na a
hadhbhar;
Ulltaigh na
gcrioch bhfadghlan bhfionn
da ndioth nior
fagbhadh fuigheall.