firstLine"; ?>

995. Fuigheall tuisleadh Trian Chonghail $
Length: very long 60qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early (internal dating)
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 1076(24/P/33) L.Cl.Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB no. xxi
Motifs:
  1. fianbhoth line 68
  2. caithreim (battle-list)
  3. creach (cattle-raid, plunder)
  4. spartan life of warriors
  5. imagery to describe kingship (liaigh l.48)
  6. kingly functions
  7. symptoms of law & order under just prince
  8. cain (tax, tribute)
  9. citation of historical precedents
  10. Brughaidh (hospitaller, farmer)
Patron Christian Names:
  1. Seaan (mac Briain mhic Fheilim)
Patron Surnames:
  1. [O Neill] d. 1617
Poem:

Poem in printable PDF format

Fuigheall tuisleadh Trian Conghoil


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 21]


Lughaidh Ó hEachuidhéin .cc.


1 Fuighioll tuisleadh Trian Conghoil;

agso cuid da chomhardhoibh:

déine a diombuadh, a deacra,

diombuan céile a coigealta.


2 Ar an bhfonnsa fad ó shoin

ón ló tugadh Trian Conghoil,

críoch fhoinnréidh na n-eatal ngeal

deacar a hoilbhéim d’aireamh.


3 Atá sonn seanchus deimhin

ó ré Chonghoiil chláireinigh;

fuair an eang tar bhogclár Breagh

tocrádh fa cheann a chéileadh.


4 Fuair an tírsi, fa tús cráidh,

tré Chonghol Chlaon mac Sgannláin

tuisleadh ó nár theachta dhi,

a deacra ag tuismheadh tríthi.


5 Lá Craoibhe Tolcha san treas

naisgis ar ochra a háineas;

ar anshocair do só soin

i ló a hanocoil d’Eochoidh.


6 Tar éis cumhadh cloinne hÍr

tarrasdair tuilleadh imshnímh

gach ruire, do réir na sean,

d’Íbh Néill Buidhe ’ga buaidhreadh.


7 Fuair an tírsi, gá dtám ris,

dúsgadh bróin, báthadh áinis,

ró doghoillsi ’na dhiaidh soin

fán gcrobhoingsi Bhriain Bhalloigh.


8 Ní creidfidhe ó fhior an iúil,

Trian Conghoil na gcúan dtaighiúir,

fios na sgél do imdhigh air,

sgél a imnidh a amhghair.


9 Ní fheudfadh ollamh uird fis

nó léightheoir leabhur n-oiris

ríomh creach an gheugfhuarfhuinn ghil,

leath a héadtualuing d’áirimh.


10 I n-am a cumhadh do chlódh

re hucht a héigne d’iompódh

fuair easgor as uille goimh

teasgadh as truime tarroidh.


11 Clódh a deacra díon a cean

go héug Seaáin do saoileadh

claochládh na letrom do loigh

ar shaorchlár gcreatlom gConghuil.


12 Tarroidh tuirrsi tar gach sníomh,

fuair urchra tar gach imshníomh

tré mhac Briain, damhna a deacra,

liaigh a cabhra a coigealta.


13 Ní hadhbhar iongantais dí

créd fá mbiadh iongnadh uimpe?

críoch bhratshaoirshean da mbí grádh

dá n-acaoineadh sí Seaán.


14 Iomdha sníomh siobhoil oidhche,

iomdha gúais airm fhaobhairthe,

iomdha gleoágh gnáthfhrais gon

tárrthais Seoán da saoradh.


15 I rinn troda i dteanntaibh cath

meinic fuair sé go saothrach

cosg foghla a bruighean a beann

comhdha a muigheadh a maoileann.


16 Iomdha teannta i dtugadh lais

coinghleic fa chenn a dhúthchais

ar bhróin ndeis gealchaolgha glan

neamhchaomhna a chneis do chlechtadh.


17 Meinic tarraidh tomhoilt mall,

dusgadh ciúin, codladh eudtrom,

cuairt thriallmhoch ag teachta ó thoigh,

leabtha fianbhoth i bhfearthoin.


18 Meinic fuair, feasach linne,

anró oidhche doininne

ar fhoghluibh ga hionnradh soin

ar cholbhaibh fionnmhagh bhfásoigh.


19 Meinic dob í a adhbha ciúil

ar son seanma téd dtaighiúir,

seinm a each, síonghlór na sriobh

ag díobhdhódh creach is caibhdhion.


20 Ag díon cháigh ar chonfadh sluaigh

do bhíodh lá i lúirigh fhionnfhuair,

lá i mbeirt do chaolshról cíor nglan

’ga dhíon ar shaorshlógh Shaxan.


21 Lá i ndroibhél da dhreich mur ghloin,

lá ag Seaán ar slios aonoigh,

lá ar sgáth sgéith an dlighidh,

tráth i gcléith re coillidhibh.


22 Ní heol dúinn go ndernadh air

ó ré Chuinn mic Briain Bhallaigh,

nír bh’é an édáil cháir a chrodh,

táir nó éagcáir nár híocadh.


23 Ar chách oile a hucht a theinn

dob ionchuir le hua bhFeidhlim

cáin as an gcánoigh do chuir;

táin san tánoigh do thabhuigh.


24 Do beirthe, tre bhruach ceilge,

creach i n-íoc na haidheirbe

nó i n-aonbhoin do cheanoibh cháigh

re feadhoin shaorghloin Sheaáin.


25 Do bhí an tírsin, ní taom náir,

gan easbhuidh ag ég Sheaáin,

gan choinbhliocht, gan chlaon gcára,

saor ’na hoighriocht éadála.


26 Gan uamhan catha do chor,

gan guais creiche no comhodh,

gan chogadh, gan céim goimhe,

réidh ’na tobar téachtoighe.


27 Do thréigsiod ar ghrádh a ngoimh,

an t-ord brughaidh nó biatoigh;

dá námhoid ’gar bhuaine bágh,

uaidhe ’na gcároid chompán.


28 Do bhíodh ord easaonta cháigh

gan bhaoghal ré mbás Seaáin,

’s lucht caoilreachta tré choing ndil

ag roinn aoinleaptha ar uairibh.


29 Tug ar chách comholl síodha

tréigid aontoil ainbhfíora

cuing claonbháidhe nír chlecht dáibh

tré nert saorláimhe Seaáin.


30 Ar ghrádh nó ar ghuais na bhfersa

ní thug, ar aoi n-imreasna,

comairce i ngliaidh gan a ghoin

do bhronnaicme Briain Bhallaigh


31 Gluaister leis a los a theinn,

earr meirge, mac mic Feidhlim

ar sén gliadh ar corcradh cnedh

da nochtadh i n-iadh Oirther.


32 Lá oile ag iomáin a chruidh,

nochtus mac Briain a bhratuigh,

tearc fios nach faghuir linne

ar slios calaidh Cairlinne.


33 An baile ar bhárduibh Í Néill

gabhthur leis, lór do chaithréim,

’s losgadh a luinge ó laoch Breagh

re fraoch buinne nár báitheadh.


34 Ó imlibh Banna báine

léigthior sirthe ar Seaáinne

tar Túaim, gion gur triall corrach,

uaidh siar um an Seanmhullach.


35 Do dhruim ruaga, raon deacraigh,

tug leis Aodh mac Muirchertuigh,

lucht feithmhe gach airde air,

is ceithre hairgne ón Fhiodhbhaidh.


36 Beantur leis, lór do chuing,

sé creacha do chloinn Domhnuill,

fuair sé fan nGormbanna ngloin

sé comhlanna um na creachaibh.


37 Loch Innse Fiachna fuair soin

d’aimhdheoin bhárda Bhriain Carraigh,

re a chur i gcéill ar ó gCuinn,

céim as lugha ar a labhruim.


38 Tar sraith Banna an bhruaigh ghil

tug dhá chreach uatha ar éigin,

magh nó claonchoill níor dhíon dáibh

da mbíodh ag caomhchloinn Catháin.


39 Tosach laoi lá na Móna

fuair creich, fa céim anóra,

d’uamhan fan gcradh do choimhdhe

nír an sluaghadh Samhoirle.


40 Uaimh Beirne danuir, dún ard,

gabhthur leisen lór Danmharg;

cúis lettruim comhroinn a gcruidh

ó dheaghcloinn Domhnoill duasuigh.


41 Tug mac Briain, cóir a chuimhne,

creich mhóir ó mhac Samhuirle;

nír bhean tóir do thuir Line

fa mhuigh áin na hOirbhire.


42 Dh’éis airgthe fhuairghlinn Uine

tairrnge Seaáin sochuidhe,

tar an sál lachmhall lodur

go clár Rachlann rángadar.


43 Édáil Rachlann, lámh do láimh,

tugadh re sluaghaibh Seaáin,

slóigh toirbheartach ón Trian thoir,

go hiath coinghleacach Conghoil.


44 Gibé uair aigeórthur air

mac duasach Domhnuill Bhallaigh,

lá do nimh luit a láimhe

do thuit sin rer Seaáine.


45 An líon gliadh tarla re a thaoibh

gluaisid creich ó chloinn Amhlaoibh,

ghar dhóibh donnadh a n-arm

ón tóir gur lomadh Latharnn.


46 Easbhaidh ar easbhaidh orthaibh

tug iarraidh ar Albanchoibh,

ar fhaghail do thúr troda

adhaigh fa Dhún Diarmoda.


47 Tugadh mur nach dtug a lán

bhan tír soirin re Seaán,

cuairt diomdhagh, fan deacra béim

echtra d’ionnradh an Oiléin.


48 Iarmhua neimhneach Néill mhic Cuinn

gluaisios secht gcreacha chuguinn

ó bhruach Cairrge na ngort ngeal

nó ocht n-airgne re a n-áireamh.


49 Do hathroigheadh, anba an cládh,

don turussa tug Seaán

snuadh a gort ’s a glasloch geal

lasroch ós Port na Peiredh.


50 Fan gCaisleán Nua maoidhfe mé

tug cuairt bhán gCasleán mBuidhe

go harguin cháigh uma gcion,

táir ar ardaibh gha fheithiomh.


51 Tarraidh Seaán ar sén gliadh

aisder dar airg an Duibhthrian;

mór ndroibhél do bhaoi gan bhoin

Oilén mo Chaoi gur chuartoigh.


52 Sliocht Énrí Caoich na gcolg sen

tug Seaán creich ó a gcríchsen,

’s dá chreich fhréimhe hArtáin fhinn

re céile fhadchláir Fheidhlim.


53 Go ndearna, is deimhin linne,

dhá chreich Choille Bairrlinne;

ré gclódh do chleith moighe Mis

dhá chreich san Doire dúisgis.


54 D’aindeoin na tóra tug soin

trí crecha ón chloinnsi Breasoil,

nír iarr doirrsi ar fhiodh an fhuinn,

’s dá chion ón chloinnsi Chonuill.


55 Tug mac Briain tré bhernuibh gleoidh

ceithre hairgne da haindeoin,

tearc do choill comairche a cruidh,

ón Choill fhonnfhoiirfe Ultuigh.


56 Fiach ormsa a n-innisin sin:

ó mhac Néill Óig ar éigin

tug sé tar fonnfhairrge bhfinn

sé tromairgne nó a dtuairim.


57 Creach an Lagáin leth ar leath

le mac Briain cian bhus cuimhneach;

eolaigh fa a gcoill tre chiontoibh

ar chloinn Eoghain aithiontoir.


58 Sliocht merdhanta mhic Í Néill

teaguid gan arguin uaidhséin;

maithter falta cháigh i gcion,

a ndalta dháibh budh dídean.


59 Beag nár áirmheas a n-uair mé

re a gcur i gceann a chéile

do ríomh a chomhloinn a chen,

díobh muna bhfoghbhoinn fuigheall. Fuigheall


60 Seacht mbliadhna dég derbhtha an dáil,

ó thecht Dé go dol Seaáin,

sé chéd is míle re a meas

ní brég líne dar luaidheas.