firstLine"; ?>

997. Fuirigh go foill a Eire $
Length: long 45qq
Certainty: 2
Period:
  1. 14th ult.
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 626 (3/C/B) O’Curry transcr. BOCD
  2. BOCD (Bk of O’Conor Don) c. 1631
  3. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
  4. BL Eg.112 M. O Conchobhair 1780-2
Prints:
  1. text DiD no. 97
  2. transl. Ir Monthly 47, 455
Motifs:
  1. description of armour and weapons
  2. Function of poetry
  3. Patron’s caithreim
  4. territory as king’s spouse
  5. youth no impediment to kingship
  6. prophecies of a ruler
  7. High-kingship of Ireland
Poet Christian Names:
  1. Fearfeasa (Stoneyhurst, Eg. 112)
  2. Gofraidh Fionn (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O’n Chainte
  2. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Tadhg mac Domhnaill
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh d. 1413
Apologue Subclasses:
  1. Battle of Clontarf: Aoibheall’s prophecy
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fuirigh go fóill, a Éire


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 97]


Gofraidh Fionn Ó Dálaigh .cct.


1 Fuirigh go fóill, a Éire,

gearr go bhfuighe fírchéile;

do chéile ní fear foirbhthe,

a Éire, a threabh théagairthe.


2 A fhionnráith Teamhra Dá Thí,

aithnim an fear dá bhfuiltí;

triath d’óigleanabh do b’áil libh,

a chláir fhóidleabhair Uisnigh.


3 Fada nach fuarais, a bhean,

aoinfhear d’aicme na naoidhean;

fad do chairde is dubhach dhuit,

a Thulach Chairbre is Chormuic.


4 A-tá fear i n-aois leinibh

- gearr go bhfuighe fóiridhin -

i ráith na ngéigbheangán ngeal

a chéidleannán mac Míleadh.


5 Tánaig an té taoi d’iarraidh,

a fhinnbhean Néill Naoighiallaigh,

dar dhual Bóinn bhraontana bhinn;

aontamha go fóill fuiling.


6 Eidhre ó gCarthaigh, ceann Gaoidheal,

gearr bhias i mbeirt ógnaoidhean;

feith, a Bhanbha, a bhean Tuathail,

go bhfaghbha th’fhear ionnuachair.


7 D’éis dealuighthe go réidh ruibh

d’fhuil Chuinn is d’fhíorfhuil Eoghain,

a bhean naoidhe an Chláir choimhthe

an áil naoidhe neamhfhoirbhthe?


8 Meinic riamh seinbhean mar sin,

a leannáin Airt Éinfhir,

do ghnáth ag iarraidh fhear n-óg,

a threabh dhiamhair na ndeargród.


9 Líthear ort-sa re hathaidh,

a fhinnbhean Chuinn Chéadchathaigh,

caor do mhianaigh Mogha Néid;

sona an liamhain dod leithéid.


10 Duit do thairngir an fáidh Fionn

feacht riot i ráithé aoibhioll

do dhearbh go mbiadh ’gun bhanfháidh

leanbh a-niar dá nuaghabháil.


11 Ort, a Bhóinn, ná bíodh tuirse;

leanbh óg don chloinn Charthaigh-se

do thileadh Cláir bharrghloin Bhreagh

do tharngair an fáidh Fítheal.


12 Dá labhradh éinfhear eile

leat go teacht don tairngeire,

a bhean fhionn fhoighéagglan Airt,

oiréadmhar liom an labhairt.


13 Do-níd fáidhe Fuinn Ealga

do-níd síona soineannda

ar Thealaigh na dTrí gCuradh

rí leanaibh do lámhnughadh.


14 Ar a leithéid do leanabh

sgéala dhuit dá fhoillseaghadh,

aoighe sgeoil uaignigh annaimh

d’uaidnibh an eoil fhuaramair.


15 Lá thoir i gcath Chluana Tarbh

d’airdrígh Éireann na n-órarm

tig an uair-se d’fhagháil gliadh

’s a bhranáin uaisle ar aoinrian.


16 Le cloinn Bhriain na síodhbhrugh seang

an bhanfháidh darbh ainm Aoibheall;

gus an mnaoi d’iarraidh fheasa

tiaghair ar chaoi chairdeasa.


17 A-dubhairt Donnchadh mhac Briain:

“cia dhínn thuitfeas san troimghliaidh

d’uaislibh griandathta chlann gCais,

[a shann iarrata] an eolais?”


18 “Airdrí Fhódla na sreabh seang

tuitfidh Brian ann” ar Aoibheall

“tuitfidh Murchadh - gá mó sgéal -

ní foghthar ’n-a chló a choimhthréan.


19 “Tuitfidh Toirdhealbhach óg ann,

mhac Murchaidh bhus cruaidh comhlann

re cois roghan fhréimhe Cais;

folamh Éire ’n-a n-éagmhais.”


20 “Cia ghéabhas Éire dá n-éis”

ar Donnchadh ghnúis mar gheilghéis

“sloinn dúin, a bhanfháidh Ó mBriain,

súil ní faláir re finnChliaigh.”


21 “Biaidh an tír-sin na dTrí bhFionn

do réir m’fháisdine” ar Aoibheall

“i ndiaidh na n-ardshlat oile

ag Tadhgmhac Briain Bóroimhe.”


22 Gá dám dó, cuirid an cath

Lochlannaigh is laoich Teamhrach;

má tá nar shlán clann Chobhthaigh

ár ann ar na hAllmhurchaibh.


23 Marbhthar le Donnchadh ’n-a dhiaidh

urra codhnach síol saoirBhriain;

reacht na Fódla mairg do mhill

le fógra Thaidhg do thuitim.


24 Go hAoibhill d’éis an chatha

tig Donnchadh gnúis ghealdatha

go fáidh na ríogh ó Ráith Luirc

do ráith narbh fhíor a n-éabhairt.


25 “An tí dar thairngir sinne

Ráith Teamhra is Dún Duibhlinne

- a chionta dhíom ní dhlighe -

dá shíol tiocfa an tairngire.


26 “I gceannas Críche Teamhrach

rachaidh mac Taidhg Toirdhealbhach

ua na ríogh [bhus] rí eile

do-ní fíor dar bhfáisdine.


27 “Beag dtarbha dhuit, a Dhonnchaidh,

caill do chirt led ghníomharthaibh;

uait féine i ndiaidh do dhoibheart

biaidh Éire gan aoghaireacht.


28 “Ní laibhéar go laithe an bhráith

d’éis síol mBriain” ar an bhanfháith

“gidh doiligh linn gan leanmhain

don bhuidhin fhinn ildealbhaigh.”


29 Do b’fhíor d’Aoibhill a ndubhairt

fuighle ar nach fuil contabhairt;

ráinig ríghe is reacht Teamhrach

neart na tíre ag Toirdhealbhach.


30 Do thairngir fáidh fada ó shoin

go mbiaidh neart Oirir Fhionntoin

ag Domhnall do chloinn Carthaigh

roinn ghormlann ar ghníomharthaibh.


31 Muna thí an tairngire is-teach

don Domhnall-so fa dheireadh

- biaidh lá bhus ard a eire -

do Thadhg a-tá an tairngire.


32 Fáisdine athar más fhíor

tiocfa is-teagh d’oidhre an airdríogh

más fhíor labhradh gach fhir eoil;

ag sin adhbhar m’uirsgeoil.


33 Tréig, a Thaidhg, do trealamh leinbh,

ná luaidh feasda feidhm roimheirbh

- súil Mumhan ribh dái-ríribh -

sir do chuladh gcaithmhílidh.


34 Gabh umad th’úirbheart iarainn,

a rosg glas mar ghoirmniamhainn,

caomhthruaill do ghlanlúirigh ghil

gharbhghlúinigh dhaolchruaidh dheilgnigh,


35 Gabh do loinn gcorrghlais gcumhdaig,

a mheic na mná ó ríogh[Lundain],

samhail smuail do dhrithlinn deirg

dá [fhichlinn] chruaidh led chéidfheirg.


36 Gabh mar so le séan uaire

dhá shleigh Con na Craobhruaidhe;

fa baoghlach brath na bhfoghadh

i gcath fhaobhrach Fhionnchoradh.


37 Minic ród fhuair a fhéaghain

mionn litreach lán d’óiréanaibh,

sgiath fa cruaidh i gcath Ghabhra

’s do-chuaidh ón chath chathardha.


38 Ná beir leat i gceann chatha

achd airm adhbhair ardfhlatha;

[t’fhailm fhionn] dhathómra ós do chionn

do mhionn clachórdha cloichfhionn.


39 Tairg do thobhach do chóra;

go meala, a mheic Onóra,

th’airm curadh go gceo nimhe

ler chumhan gleo Gáirighe.


40 Ní mholaim dheit, a leinibh,

- cóir dhuit Éire d’fhóiridhin -

bheith éigcríonna id leanbh go léir

dearbh do chéidghníomha, a choiléin.


41 Mór gcath chuirfeas do dheoin Dé

mhac Domhnaill, gnúis mar ghlainré;

cóir súil re sealgaire an luin

dhúin gidh leanbaidhe a luaghail.


42 Cuirfidh cath Mhullaigh Maisdean

gleo re bhféachfaidh fíorghaisgeadh;

brisfidh calg fa mhagh Midhe;

gar do Thadhg an tairngire.


43 Cath díbheirgeach Dúin na Sgiath

cuirfidh oidhre fhóid fhinnChliach;

re a ré muidhfidh gach mearchath

is cuirfidh sé an Saingealchath.


44 Dá ró Tadhg i dtréan Bhanbha

biaidh ar-ís ’n-a n-athardha

gach aoinneach san riocht reimhe

do shliocht daoineach Deirgtheine.


45 Dlighidh ollamh uirrim ríogh,

reic a áithis ’s a fhéilghníomh:

gabh ar tós m’fhorfhuighle, a fhir,

rem chomhairle fós fuirigh. Fuirigh.